Rannpháirtithe

Tá an tionscadal beathaisnéisí Gaeilge seo á fhorbairt ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU, ó 2009 i leith, i gcomhar le:

  • Cló Iar-Chonnacht
  • an painéal comheagarthóirí
  • Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú, údair na naoi n-imleabhar a d’fhoilsigh An Clóchomhar idir 1986 agus 2007 faoin teideal Beathaisnéis

Tá liosta foirne Gaois ar fáil anseo.

Mhaoinigh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán digitiú an ábhair agus forbairt ainm.ie sa tréimhse 2009–2013, mar aon le hóstáil agus cothabháil theicniúil an tsuímh ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge ó 2014 i leith.

authors

Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú

DIARMUID BREATHNACH

I gCill tSíomóin, Co. Chill Mhantáin, a rugadh é ar an 5 Lúnasa 1930. Bunscolaíocht (Bré); meánscolaíocht (na Bráithre Críostaí san Áras Brianach agus i nDún Laoghaire). Chuaigh le leabharlannaíocht (An Chomhairle Leabharlann; Bré; Leabharlann Cho. Chill Chainnigh; RTÉ). FLAI (Cumann Leabharlann na hÉireann). Dochtúireacht oinigh 2002 (Ollscoil na hÉireann). Foilseacháin: Almanag Éireannach (1981); Almanag Éireannach 2 (2001); Beathaisnéis 1-9 (1986–2007) (i bpáirt le Máire Ní Mhurchú); Titim agus Éirí (2013). Aistriúchán: Lámhleabhar Ginearálta don Cheoltóir (1973) leis an tSiúr Cecily OP.

MÁIRE NÍ MHURCHÚ

Sa Stúinín, Co. Chill Chainnigh, a rugadh í ar an 4 Lúnasa 1932. Bunscolaíocht (Muing Mhic Óda agus Baile Mhic Andáin); meánscolaíocht (Coláiste na Toirbhearta, Móinteach Mílic, Co. Laoise). Post sa státseirbhís agus ansin in RTÉ. Cháiligh mar leabharlannaí (FLAI Chumann Leabharlann na hÉireann). Dochtúireacht oinigh 2002 (Ollscoil na hÉireann). Foilseacháin: Beathaisnéis 1-9 (1986–2007) (i bpáirt le Diarmuid Breathnach).

Comheagarthóirí

Bunaíodh painéal comheagarthóirí i mí Eanáir 2013 le cuid de na seanbheathaisnéisí a nuashonrú agus cinn úra a scríobh. Is iad an Dr Lillis Ó Laoire, Mártan Ó Ciardha, Éilis Ní Anluain agus Seán Mac Labhraí na baill reatha. Bhí an tOllamh Regina Uí Chollatáin agus an tOllamh Fionntán de Brún mar chomheagarthóirí ar an tionscadal ó 2013 go 2016.

Scríobh na daoine seo thíos beathaí áirithe: Louis de Paor, Aonghus Dwane, Richard English, M. A. Hopkinson, A.J. Hughes, Éanna Mac Cába, Nollaig Mac Congáil, Ailbhe Nic Giolla Chomhaill, Niamh Ní Riain, Margaret O’Callaghan, Noel Ó Gallchóir, Micheál Ó Conghaile, Ciara Ryan agus Máire Uí Chuinneáin.