Ba é Erik-Valentin Sjoestedt, comhairleoir speisialta in ambasáid na Sualainne i bPáras, a hathair agus ba de bhunadh Chorsica a máthair, Leonie Bernardini, scríbhneoir. Bhí ar a laghad beirt eile sa chlann. Rugadh í ar 20 Meán Fómhair 1900. Ba é an scoláire mór Antoine Meillet a mhol di díriú ar an léann Ceilteach faoi Joseph Vendryes. Sa léann clasaiceach a bhí a céim bainte amach aici agus bhí eolas aici ar an Rúisis agus ar na teangacha Seiceacha. Tá a haistí i gcló in Études Celtiques agus bhí sí mar ‘Secretaire de la Redaction’ ag an iris sin. Ba ghnách a hainm ar an leathanach teidil faoi ainm an eagarthóra, Vendryes.

Bhí sí tamall ag léachtóireacht i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath sular thug sí a haghaidh ar Dhún Chaoin. Chabhraigh Seán Caomhánach léi agus í i mbun staidéir ar Ghaeilge Chiarraí. Sa chuntas is cuimsithí dá bhfuil uirthi i mBéarla nó i nGaeilge deir Seán Ó Lúing faoin gcaidreamh a bhí acu ar a chéile: ‘Along with being scholarly, their association was warm and companionable, coloured with an aura of romance which has become absorbed into the folklore of the district, with Seán’s affections genuine and serious, Marie’s responsive but less than fully committed. In West Kerry she was called Máire Fhranncach, an appellation she cheerfully made her own ...’ (Journal of the Kerry Archaeological and Historical Society, 1987). Tar éis ceithre mhí i nDún Chaoin thug sí cuairt ar an mBlascaod. In An tOileán a bhí, 1978 tugann Máire Ní Ghuithín an pictiúr seo dúinn: ‘Cé go raibh sí ó Pháras na Fraince ba dhóigh leat gur chailín ón oileán í, bhí sí chomh híseal simplí sin ina meon. Cheannaigh sí seál mór dubh chun bheith ar aon dul le cailíní agus mná an oileáin, mar is seál a bhídís ag caitheamh an uair sin ag dul go dtí an tAifreann agus ag dul go baile mór an Daingin. Bhí sí ag foghlaim Gaelainne ó Thomás Ó Criomhthain agus ó Pheig Sayers. Istoíche bhíodh sí ag foghlaim fuaimeanna na Gaelainne go tiubh uainne.... Fuaimeolas a thugadh sí féin air. Bhíodh sí ag cabhrú linn chun ár n-obair scoile a dhéanamh istoíche. Uaireanta eile nuair a bhímis críochnaithe le fuaimeanna na Gaelainne thosnaíodh sí ag múineadh laethanta na seachtaine dúinn as Fraincis’.

Ba é toradh na hoibre sin: Phonétique d’un parler irlandais de Kerry, 1931; Description d’un parler irlandais de Kerry, 1938; aiste ar ‘L’influence de la langue anglaise sur un parler local irlandais’ in Étrennes de linguistique offertes par quelques amis à Émile Benveniste, 1928; agus ‘Deux contes en dialecte dI’lle Blasket’ (scéal an duine ó Pheig Sayers agus Micheál Ó Guithín) in Revue Celtique XLIX 1932. Scríobh sí freisin Dieux et héros des Celtes, 1940. D’aistrigh Myles Dillon é faoin teideal Gods and heroes of the Celts, 1949. Deir sé sa réamhrá: ‘Marie-Louise Sjoestedt was primarily a linguist and some of her work in early and modern Irish is of the first importance. With this book she enters the neglected field of Celtic mythology’.

Phós sí Michel Jonval, teangeolaí agus údar, i 1932. Bhí post ollscoile aige i Riga agus sna blianta 1934–35 thaistil siad cuid mhaith den Rúis ag bailiú béaloidis agus síos chomh fada leis an Iaráin. Fuair seisean bás go hóg i 1935. Chaith sí tamall fada sa Bhreatain Bheag díreach roimh an dara Cogadh Domhanda. Thabharfá leat ón gcaoi ar éag sí go raibh tinneas éigin néarógach uirthi agus gur chuir sí lámh ina bás féin ar 26 Nollaig 1940 cúpla lá tar éis di athphósadh. Is mar seo a d’aistrigh Seán Ó Lúing ón bhFraincis: ‘But on the evening of 26 December, following a fresh onset which gave no warning sign, on this occasion, to forestall it, she submitted herself to a cruel death, which at least did not allow her time to suffer’.

San École des Hautes Études i bPáras a bhí sí ag obair. Is cuntas ar a saothar M.L. Sjoestedt: in memoriam, Paris, 1941. Tá necrologie ag Vendryes in Études Celtiques, 1948. Dúradh in Éigse, Geimhreadh 1942: ‘Madame Sjoestedt’s death, at the height of her powers, in the winter of 1941 [sic], cannot fail to retard the progress of Irish studies in France’...

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú