Chuaigh an scoláire Ceiltise seo i gceannas ar Études Celtiques mar chomharba ar Marie-Louise Sjoestedt. I gcomhar le P.-Y. Lambert thug sé amach na ceithre fascúil de Lexique étymologique de l’Irlandais ancien, 1971-79, saothar arbh é Joseph Vendryes a chuir tús leis. Tá cuntas ag Lambert air in Études Celtiques XXV, 1988. In Beziers a rugadh é 6 Deireadh Fómhair 1907, ach is i bPáras a chaith sé an chuid is mó dá óige. Innealtóir bóithre iarainn a athair. Tar éis céim agus dioplóma a bhaint amach bhí sé fostaithe ag banc, obair nár thaitin leis. I 1933 lig a athair dó dul go dtí an Sorbón. Sna teangacha Ceilteacha is mó a bhí a spéis, tharla eolas ar an mBriotáinis aige óna óige agus freastal a bheith déanta aige cheana féin ar léachtaí Vendryes agus Sjoestedt. Casadh air Breatnach a bhí ag foghlaim Fraincise, Catherine Elund Jones, agus d’fhoghlaim Breatnais thar cionn uaithi; chaith sé tamall i dteach a hathar in Caefyrddin sa Bhreatain Bheag. Phós siad i 1938 agus fuair sé ardcháilíocht sa mhúinteoireacht an bhliain chéanna sin. Bhí sé in arm na Fraince i 1939-40 agus bronnadh an Croix de Guerre air i ngeall ar a ghníomhartha ag Dunkirk. Nuair a d’éag Marie-Louise Sjoestedt toghadh é ina háit in L’École Pratique des Hautes Études. Um Márta 1941 thosaigh sé ag léachtóireacht ar an bhfileolaíocht Cheilteach. Bhí sé ar ais san arm arís i gceantar Versailles i rith 1944-45 agus níorbh annamh é in éide saighdiúra agus é ag léachtóireacht. An bheirt mhac a bhí aige is le Breatnais a bhí siad á dtógáil agus nuair a d’éag a bhean i 1952 d’fhéach sé chuige go leanfaí leis an mBreatnais mar ghnáth-theanga an tí. Sna teangacha labhartha a bhí a spéis agus chaith sé tamall de mhíonna i gConamara agus i Ráth Chairn d’fhonn eolas a chur ar an bhfoghraíocht. In Études Celtiques is minic a dhéanadh sé léirmheas ar leabhair a bhain le léann na Gaeilge. Ach ba mhó a spéis sa Bhreatnais agus is é a phríomhshaothar eagrán a thug sé amach i 1950-51 d’fhilíocht Gulun Owain, file Breatnaise den 15ú haois. Bhronn Ollscoil na Breataine Bige dochtúireacht oinigh air i 1987. D’éag sé 11 Lúnasa 1988.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú