Bhí an banfhile seo comhaimsearach le Donnchadh Rua Mac Conmara. B’as ceantar Shliabh gCua, Co. Phort Láirge, di. Tá cúpla dán dá déantús ar marthain agus tá ceann acu, ‘An Peacach’, i gcló ag Pádraig A. Breatnach in Field Day Anthology of Irish Writing IV, 2002, sa chaibidil ‘Courts and Coteries II’ atá in eagar ag Máirín Ní Dhonnchadha. Sa réamhrá leis an dán sa lámhscríbhinn deirtear: ‘Máire Ní Dhonnagáin cecinit ag admháil a peacaí do Dhia an tan do dhiúltaigh an Eaglais a glacadh chum faoistine.’ Chum sí caoineadh ar bhás a dearthár. Deir Breatnach: ‘Although she is said to have been prolific these are the only poems by her known to have survived.’

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú