D’fhoilsigh Séamus Ó Duilearga ‘Seanchas Phádraig Mhic Meanaman: Ceap sinnsear mhuinntir Mhic Meanaman’ in Béaloideas XVI, 1946. Thug an scéalaí eolas ann faoina mhuintir siar go dtí tuairim 1691 agus anuas go dtí a aimsir féin. Proinnsias de Búrca a bhailigh an seanchas le héideafón ó Phádraig 8-17 Samhain 1937 agus measadh an oiread tábhachta a bheith leis an trascríobh go ndeachaigh Liam Mac Coisdeala agus an Duileargach ar ais chuig an seanchaí chun nithe áirithe sa taifead a phlé leis. Tá cuntas iarbháis ag Pádraig Ó Moghráin san uimhir chéanna de Béaloideas.

Faoi scéim Wilhelm Doegen [q.v.] rinne Pádraig Mac Meanaman dhá scéal a thaifeadadh i 1930. ‘Ba gheal leis i gcónaí cuimhne a thurais go Gaillimh, áit ar cuireadh a chaint ar cheirnín.’ Tá cuid mhór dá sheanchas i mbailiúchán Roinn Bhéaloideas Éireann i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Ar an gCeann Garbh, An Claigeann, Baile Chruaich, Co. Mhaigh Eo, a rugadh é 9 Aibreán 1856. Ba é an mac ba shine é ag Peadar Mac Meanaman agus a bhean, ar de mhuintir Uí Chalbhaigh í. D’fhreastail sé ar scoil Dhruim Ghallach go raibh sé dhá bhliain déag d’aois agus ba é an máistir ansiúd a mhúin léamh na Gaeilge agus an Bhéarla dó. Bhí sé ag obair i dteach mór ina cheantar dúchais. Phós sé bean de mhuintir Ghallchobhair in 1884 agus bhí deichniúr clainne acu. Ba togha scéalaí é a sheanathair, Seán Micheál Ó Calbhaigh, fear a raibh dhá bhád mhóra aige. Is uaidh a fuair Pádraig cuid mhór dá sheanchas. D’fhoghlaim sé mórán freisin ó Bríd Mhór, baintreach a uncail, bean a raibh aois mhór aici, agus ó sheandaoine eile. Agus deir Ó Moghráin: ‘Fuair sé cuid mhaith ó leabhra, chomh maith...’. Bhí Bríd Mhór ina cónaí i Mín an tSionnaigh agus teach mór airneáin aici a raibh fáilte ann roimh scéalaithe. Deir Ó Moghráin: ‘B’iontach an lear mór seanchais a bhí aige, faoi aimsir an drochshaoil, faoi “lucht an anraith”, faoi imeachtaí ’98, faoi ainmneacha áite an cheantair, faoi ghlúine geinealaigh agus craobha coibhneasa muintir Iorruis le cúpla céad bliain anuas, faoi Shíol nDálaigh agus Mhuintir Chléirigh agus gach bunadh cáiliúil eile dár bhain riamh le saol Bhaile Chruaich.’ D’éag sé 9 Feabhra 1946.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú