Ba é seo an ‘dochtúir raidió’ a chraoladh cainteanna ar Radio Éireann sna 1950idí agus sna 1960idí. Foilsíodh péire leabhar leis: Sláinteachas agus Garchabhair, 1956 agus Dochtúireacht baile, 1961. Sa Lochán Beag, Indreabhán, Co. na Gaillimhe, a rugadh é 23 Eanáir 1913 agus ba dhuine é den dáréag, ochtar buachaillí agus ceathrar cailíní, a bhí ag Micheál Ó Finneadha agus Bríd Ní Fhualáin. Is mar seo a bhí an teaghlach sa Lochán Beag i nDaonáireamh 1911: Michael Feeney (John), feirmeoir (50) agus a bhean Bridget (43) a bhí pósta le fiche bliain agus triúr cailíní agus ceathrar buachaillí acu faoin am sin; bhí Gaeilge agus Béarla acu go léir. I ndiaidh bunoideachais cuireadh Pádraig go Coláiste Éinde i nGaillimh. Cháiligh sé mar dhochtúir i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe i 1938. Is léir go raibh dúil aige sa scríbhneoireacht agus spéis aige i bpolaitíocht na Gaeltachta. Bhí aistí aige in Ar Aghaidh i 1934-5 agus ghlac sé páirt san iomarbhá fileata faoin ‘dole’ a bhí ar siúl in An t-Éireannach (An t-Éireannach 1934-37: Nuachtán Sóisialach Gaeltachta, 1993 le hÉamon Ó Ciosáin). Bhailigh sé ábhar ina cheantar dúchais do Choimisiún Béaloideasa Éireann. Bhí baint aige leis an gCumann Éigse agus Seanchais san ollscoil agus bhí ar dhuine díobh sin a ceapadh mar chomhaltaí coiste nuair a bunaíodh an Comhchaidreamh 30 Márta 1935 (an aiste atá ag Máirtín Ó Flathartaigh in An Comhchaidreamh: Crann a Chraobhaigh. . ., 1985 in eagar ag Stiofán Ó hAnnracháin). Agus é ina mhac léinn go fóill ag an am bhíodh sé ag múineadh sa samhradh ag Ardscoil Mhichíl Bhreathnaigh.

Bhí sé i seirbhís leighis an Airm i 1940-42 agus rinneadh captaen de. Ar feadh tréimhsí éagsúla de na 1940idí agus na 1950idí bhí sé ag obair mar dhochtúir misin d’Ord an Spioraid Naoimh sa Nigéir, in Enugu agus in Oturkpo go háirithe. I 1948 bhain sé an dioplóma amach i Leigheas agus Sláinteachas an Teochreasa i Londain agus ghnóthaigh an MD i 1950 in Ollscoil na hÉireann. Tholg sé an eitinn sna 1950idí luatha agus chaith bliain i sanatóir san Eilvéis. I ndeireadh na 1950idí bhí sé fostaithe mar chláraitheoir máinliachta i mBaile Bhlainséir mar a raibh aonad cliabhraigh Bhaile Átha Cliath. Ann a casadh air Lil Prendergast, banaltra ó Chluain Cearbán, Co. Mhaigh Eo; phós siad i 1960 agus chuaigh go Kampala, Uganda, mar a raibh post lia aige in Ospidéal Naomh Proinsias. Fuair sé post an bhliain dár gcionn mar Oifigeach Leighis Cheantar Charna, Co. na Gaillimhe. Ó 1962 ar aghaidh bhí an post céanna sin aige i gceantar Dheilginse, Co. Bhaile Átha Cliath. D’éirigh sé as obair i 1984 agus d’éag 18 Samhain 1986; bhí mac amháin aige.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú