I ndiaidh a bháis scríobh Muiris Mac Conghail cuntas ar an gcumadóir cáiliúil seo in Irish Times. Tá aiste air ag David C. F. Wright sa suíomh idirlín ‘Classical music on the Web’. Sa chuntas in ‘An Mhuintir s’againne’, Scéala Éireann, 23 Samhain 1957 tá béim ar thaobh na Gaeilge dá shaothar. Gheofar liosta a shaothair ceoil in A Catalogue of contemporary Irish Composers le Edgar M. Deale, dara heagrán 1973. I mBaile Átha Cliath a rugadh é (Thomas Joseph Gerard Victory) 24 Nollaig 1921; ba é an t-aon leanbh amháin é ag Thomas Victory agus Delia Irwin. Bhí siopa beag ag an athair agus thiomáineadh sé veain do Johnston, Mooney & O’Brien. Bhí uncail Ghearóid, James J. Victory, ina Theachta Dála ag Fianna Fáil. Bhí sé i gColáiste Belvedere agus ansin sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus i gColáiste na Tríonóide. Matamaitic agus an léann Ceilteach na hábhair staidéir a bhí aige ach ghnóthaigh sé dochtúireacht sa cheol ar ball. Seachas tamall gairid sa státseirbhís is ag obair in RTÉ a bhí sé, sa raidió go háirithe, é ina aisteoir, tamall ina bholscaire agus tamall ina oifigeach cainte go dtí gur ceapadh ina léiritheoir raidió é i 1952. Ghnóthaigh a dhráma Na Dílleachtaí an 3ú háit i gComórtas an Prix Italia. Scríobh sé freisin: Bosca na Tubaiste, fronsa; Fleasc na Rós, a bhí bunaithe ar eachtra i saol Napoleon; Urchar an Daill. Chum sé ceol le haghaidh cheoldráma Thomáis Mhic Anna, An Fear a phós Balbhán (1953). Ceoldráma dá dhéantús féin is ea Iomrall Aithne (1956). Chum sé ceol gheamaireachtaí Amharclann na Mainistreach 1946-55 agus bhí sé ina Stiúrthóir Ceoil ag Compántas Amharclainne na Gaeilge 1947-54. I 1949 is air a thit sé Forógra na Poblachta a chraoladh nuair a fógraíodh an stát ina phoblacht. Ceapadh ina léiritheoir teilifíse é i 1960. Bhí sé ina leas-stiúrthóir ar Roinn an Cheoil ó 1962 agus ina Stiúrthóir ó 1967. Cumadóir bisiúil ba ea é; chum sé breis is 200 píosa, ceithre shiansa ina measc, agus ocht gceoldráma. Bhí cúpla alt i dtaobh ceoil aige in Comhar. Ba é a chum ceol do mhórscannán Mhic Conghail ar an mBlascaod, Oileán Eile—Another Island (1985). Chum agus stiúraigh sé ceol speisialta i gcomhair scannán de chuid Ghael Linn agus Bhord Fáilte. Bhuaigh píosa leis duais ag Oireachtas 1960. I 1963 roghnaigh Club Leabhar na SóisearRícheol agus Rómánsaíocht, leabhar a scríobh sé faoin gcúigear mórchumadóirí rómánsúla. I gcomhar le Tomás Ó Canainn scríobh sé Seán Ó Riada: a shaol agus a shaothar, 1993. Bhí sé ina bhall d’Aosdána. Bhronn rialtais na Fraince agus na Gearmáine onóracha air. D’éag sé ar 14 Márta 1995. Bhí sé pósta ar Geraldine Herity agus bhí beirt mhac agus triúr iníonacha acu.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú