Tá sé ar dhuine de na filí aitheanta is lú a bhfuil eolas orthu. In Dánta Shéafraidh Uí Dhonnchadha an Ghleanna, maille le beatha an fhile is foclóir, 1902 tá an beagán dá bhfuil againn dá dhánta in eagar ag Pádraig Ó Duinnín. I gCill Achaidh i nGleann Fleisce, Co. Chiarraí, a bhí cónaí ar a mhuintir le fada; tá fothrach a gcaisleáin le feiceáil ann (tá pictiúr de ag Pádraig A. Breatnach in Téamaí Taighde Nua-Ghaeilge, 1997). Deir Ó Duinnin go raibh coláiste ar bun acu i gCill Airne agus gur fílí de mhuintir Dhuinnín a bhí ina bpríomhollúna acu. Tá an t-ainm Tadhg chomh coitianta céanna le Séafraidh ar na cinn fine agus is cosúil gur Tadhg a bhí ar athair Shéafraidh s’againne. Ghlac sé féin, a athair agus a bheirt deartháireacha páirt san iomshuí a rinneadh ar chaisleáin Thrá Lí i 1642. D’éirigh leis greim a choimeád ar a thailte i rith an Chomhlathais; agus féach gur scríobh sé dán ‘nuair do chuir Rí Cormac II séala ar an roinnt ar thalamh na hÉireann do rinneadh fá Chromwell’. In Burke’s The Landed Gentry of Ireland tá tagairt do ‘Geffrey O’Donoghue, O’Donoghue of the Glen’, mac le Tadhg (d’éag 1655), a phós Alice Coppinger agus a raibh triúr mac aige (Domhnall, Fionán, Séafraidh), agus a rinne uacht 19 Eanáir 1677 (promhadh é 22 Márta (1678). In Burke’s Irish Family Records, 1976 is é a thugtar ar an bhfear sin: ‘O’Donoghue of the Glens. “The Poet”.’ Ach b’fhéidir gur réiteach róshimplí ar chúrsai ginealais agus comharbachta an méid sin! Deir Edward MacLysaght in Irish Families, 1957: ‘Geoffrey O’Donoghue, one of the leading Gaelic poets and scholars of the 17th century, if not himself chief of the name, was most probably son of the chieftain Geoffrey O’Donoghue [d. 1678]’. Is fiú go maith aiste Phádraig Uí Riain. ‘Dán ar Shéafraidh Ó Donnchadha an Ghleanna’ (Éigse, geimhreadh 1967) a léamh. Is casta fós an cruth atá aige ar an scéal tar éis dó mórchuid cáipéisí a chuardach: go raibh Séafraidh file ina thaoiseach ó c.1641–3 go dtí c.1685, gur phós sé faoi dhó ar a laghad, b’fhéidir - luaitear Siobhán Nic Fhínghin mar bhean aige i ndánta a cumadh air; gurbh fhéidir gur bhaintreach í Alice Coppinger nuair a phós Séafraidh í. Ba dhóigh le Eoghan Ó Comhraí freisin go raibh sé ina bheatha go fóill i 1685. Tá dán a chum Aonghus Ó Dálaigh Fionn (fl.1640–50) do Shéafraidh i gcló ag an Rianach. Bhí ainm na féile air agus scríobh Maoldomhnaigh Ó Muirgheasáin, Albanach, dán ar a chuairt ar Ghleann Fleisce tuairim 1642; sa dán sin tugann sé ‘mac Eibhilín’ ar Shéafraidh agus is dóigh gurbh í Eibhilín Ní Chrualaoich a mháthair. Tá véarsaí as dán eile ar fhéile Uí Dhonnchadha i gcló ag Pádraig A. Breatnach (op. cit.).

Naoi gcinn de dhánta atá in eagar ag an Duinníneach chomh maith le ‘Riaghal chum bean do thoghadh’, ar píosa deas próis é. D’fhág sé ar lár dán a scríobh Séafraidh nuair ba mhian leis cleamhnas a dhéanamh do Shíle Róiste, cailín a bhí faoina chúram: ‘Táid focail an dáin seo áfach ró-gharbh don leabhar so.’ Deir sé i dtaobh dáin amháin: ‘Ní dóigh gur cumadh caoine riamh i nGaeilge níos feidhmiúla ná an caoine do cheap sé do Mhuiris Mac Ghearailt. Atá san laoi san an Ghaeilge is blasta, is milse, is bríomhaire dár fuineadh riamh i ndán.’ Moltar freisin an caoineadh a scríobh sé ar a mhadra Druimín, ‘spainéirín spéirghéiseach spórtúil’. Is amhlaidh a léim luch a bhí ag teitheadh ó chat isteach ina bhéal gur tachtadh é. Deir Breandán Breathnach (Ceol agus Rince na hÉireann, 1989) gurb é seo an chéad amhrán a bhfuil fonn luaite leis: ‘“Iom bó agus um bó” is críoch le gach rann.... Tá a trí nó a ceathair d’fhoinn a bhfuil an t-ainm seo orthu ach tá fonn ag Petrie a dtugann sé dirge air agus tagann na focail chomh maith sin leis, gan strócántacht ar bith, gur dóigh gur leis an bhfonn sin a deirtí an t-amhrán seo.’ Moltar freisin ‘Ní fhulaingidh goill dúinn síothú in Éirinn seal’.

Deir Séamus Fenton (It all happened: reminiscences... , 1949): ‘The marriage of Máire Ní Dhuibh, Máire Ní Dhonnchadha Dhuibh, to Donal O’Connell brought increased idealism into the family. Of the noble and patriotic stock of the O’Donoghue of the Glen, she was in direct descent from Séafraidh, one of the four poets perpetuated in the Poets’ Monument, Killarney, 1940. From her the Liberator, her grandson, inherited much of his intellect and power of speech.’ Dar le nóta ag an Ollamh Maurice O’Connell, eagarthóir litreacha Dhónaill Uí Chonaill, gur rugadh Máire Ní Dhuibh tuairim 1702, gur phós sí i 1718 agus gur éag sí i 1795. Is é atá le tuiscint ó Burke’s Irish Family Records gurbh ó Thadhg Ó Donnchadha, deartháir le Séafraidh, ceann fine agus file, a shiolraigh sí, gurbh é Tadhg a sin-seanathair; bhí an Tadhg sin pósta ar Ghriobha, iníon le Sir Feidhlim Ó Néill, ceannasaí Éirí Amach 1641 i gCúige Uladh. Bhí a hathair, Domhnall, pósta ar Alice Ferriter, iníon le Edmund Ferriter i mBaile an Fheirtéaraigh.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú