Chuir an foclóirí mór Tomás de Bhaldraithe spéis sa seanfhoclóirí seo agus scríobh cuntas ar a shaothar ach b’éigean dó a admháil nár éirigh leis a fháil amach cérbh é féin (‘An Pluincéadach – Ceannródaí Foclóireachta’ in Teangeolas, Earrach 1987). Deir Cuthbert Mhág Craith in Dán na mBráthar Mionúr [II], 1980: ‘Níl eolas ar bíth ar fáil faoi Risteard Pluincéad; ach gur bráthair é a bhí suite i mBaile Átha Troim.’ Níl a fhíos ach chomh beag cé hé an Pádraig Darditz a scríobh an marbhna atá i gcló in Dán na mBráthar Mionúr [I], 1967. Thug an Pluincéadach seo Vocabularium Latinum et Hibernum – foclóir lainne agus Gaoidheilge ar an bhfoclóir lámhscríofa a rinne sé i Mainistir Bhaile Átha Troim i 1662. Froinsiasach ba ea é. Ba é an chéad duine é a rinne iarracht ar fhoclóir dátheangach a chur ar fáil don Ghaeilgeoir. Tugann de Bhaldraithe sleachta as réamhrá an Phluincéadaigh chun a thaispeáint gurbh é a chuspóir ‘an Ghaeilge a chur ar fáil d’Éireannaigh a bhí ag déanamh faillí inti, nó éiríthe aisti ar fad, agus feabhas is cumas na teanga a léiriú dóibh.’ Tá cuid mhór dá chumadóireacht féin san fhoclóir ach deir de Bhaldraithe go bhfuil sé iomlán d’fhocail údarásacha is de chaint a linne. Níl an Pluincéadach ar liosta na bhfoinsí in Dictionary of the Irish language (Acadamh Rióga na hÉireann, 1983) agus dá réir sin tá focail aige nach bhfuil sa saothar mór sin. Is cosúil nár cheadaigh Ó Duinnín é ach chomh beag. Ach, ait go leor, tugadh ar iasacht do Edward Lhuyd é chun go mbainfeadh sé feidhm as in Archaeologia Britannica. Tugann de Bhaldraithe neart samplaí de na focail a bhfuil glacadh leo sa teanga anois i ngeall ar an gcóipeáil bhotúnach a rinne Lhuyd. Dialón atá ag Pluincéad ach rinne Lhuyddialon de agus is mar sin atá dialann againn ar ‘diary’; tá glactha le sorcóir ar ‘cylinder’: roireoir a bhí ag Pluincéad trí dhearmad pinn, b’fhéidir, in áit roileoir ach rinne Lhuydsoircuior de. Is é breithiúnas de Bhaldraithe go mbaineann tábhacht leis an bhfoclóir ‘ó thaobh stair na teanga is na foclóireachta, ó thaobh na staire sóisialaí, agus ó thaobh a bhfuil le foghlaim ag lucht forbartha na teanga sa lá inniu’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú