‘Ba é Foirm na nUrrnuidheadh, a foilsíodh i nDún Éideann i mí Aibreáin na bliana 1567, an chéad leabhar iomlán riamh a priontáladh i nGaeilge’ (I bPrionta i Leabhar. Na Protastúin agus Prós na Gaeilge 1567–1724, 1986, le Nicholas Williams). Aistriú is ea é ar Book of Common Order Eaglais na hAlban a foilsíodh in 1562. Ar a bhfuil ag R.L. Thomson in eagrán 1970 (Foirm na n-Urrnuidheadh, John Carswell’s translation of the Book of common order) a bhunaigh Williams a chuntas-san ar bheatha Charsuel agus deir sé gur i gcuntas le hAngus Matheson in Transactions of the Gaelic Society of Inverness 42, 1953/59 (1965) a fuair Thomson bunús a chuid eolais.

I nGaeilge chlasaiceach a scríobh Carsuel a leabhar. Bhí sé oilte go maith ar an nGaeilge liteartha. Deir Donald E. Meek (páipéar dar teideal ‘The churches and Gaelic culture in the Highlands since 1560’, a léadh in Obar Dheadhain 7 Bealtaine 1994 agus atá le fáil ar an idirlíon; i gcló in Scottish Bulletin of Evangelical Theology, earrach 1996), agus é ag tagairt do neamhshuim na heaglaise Protastúnaí i gcultúr Gaelach na hAlban: ‘In addition, the Protestant church chose to use a particular type of Gaelic for its foundational attempts at a reformed ministry in the Highlands – and this was not the Gaelic of the ordinary people. It was high-brow, professional Gaelic. The first Gaelic book ever published was John Carswell’s translation of John Knox’s Book of Common Order.... John Carswell was a former priest in the Roman Catholic church; he was trained at St Andrew’s University, and he was also trained in a bardic school, in either the Scottish Highlands or Ireland...’. Tá dán leis in eagar ag Eoin Mac Néill in Irisleabhar na Gaedhilge, Deireadh Fómhair 1899. Ach ní mór cuimhneamh ar a ndúirt Carsuel féin: ‘Agus ar an ábhar sin, dá bhfaigheadh saoi ré healaín locht scríofa nó deachtaidh sa leabhar beag seo, gabhadh sé mo leithscéalsa, óir ní dhearna mé saothar ná foghlaim sa nGaeilge ach amháin mar gach nduine don phobal choiteann.’ Ba mhian le Carsuel go mbainfí leas as a leabhar in Éirinn freisin agus sa litir chun an léitheora luann sé Éire go minic agus tá an cheathrú seo aige: ‘Dá éis sin taistil gach tond / Go crích Éireand na bhfond bhfial; / Gé beag ar na bráithribh thú, / Gluais ar amharc a súl siar’.

B’as paróiste Chill Mhártain in Earra Gael in Albain dó agus bhí a mhuintir ina gconstáblaí ar Chaisleán Charn Ásaraidh dhá mhíle lastuaidh de shráidbhaile Chill Mhártain. Bhain sé BA in Ollscoil Naomh Aindriú in 1542 agus céim mháistir in 1544. Chaith sé cúpla bliain i Sasana tar éis dó a bheith bainteach leis an ionradh a rinne Iarla Lennox ar Albain in 1542. Ag pointí éigin cháiligh sé mar aturnae agus mar shagart. Faoi 1551 bhí sé ina chisteoir ag Ardeaglais Leasa Móire agus ó 1553 go 1562 bhí ina reachtaire ar Chill Mhártain. Nuair a bunaíodh Eaglais Leasaithe na hAlban bhí sé ar dhuine den chúigear stiúrthóirí a ceapadh in áit na n-easpag agus cuireadh ceantar Earra Gael agus na nOileán faoina chúram; is minic inniu féin teideal easpaig á nascadh lena ainm agus tugann sé easpag air féin in Foirm na nUrrnuidheadh, cé nár coisreacadh ina easpag é.

I gCaisleán Charn Ásaraidh a bhí cónaí air. Tá stair an chaisleáin ar an idirlíon ag Clan Campbell Society, Meiriceá Thuaidh, agus deirtear ann: ‘John Carswell obtained Carnasserie by charter of sale from Archibald, Earl of Argyll, in 1559–60.... Born in about 1520, John was immensely tall.... He was not a popular man locally and was called “the heron” for his height and stoop. He died in 1572 after two marriages and two children.’ Tá sé curtha i bprióireacht Ard Chatáin, deirtear. ‘Thángthas ar chónra cloiche Charsuel ag deireadh na haoise seo caite. Bhí a chreatlach gan lobhadh gan mhilleadh, agus i seacht dtroigh ar fhad.’ Deir Williams freisin gur mhair drochcháil air toisc é a bheith anuas ar sheanchaithe agus ar fhilí, toisc a sprionlaitheacht a bhí sé agus toisc a dhíograise ag bailiú na ndeachúna. Sa litir chun an léitheora tagraíonn sé go tarcaisneach do sheanscéalta na nGael i gcomhthéacs ‘daille agus dorchadas peaca agus aineolais agus intleachta’. Tugann Williams leagan i nGaeilge na hÉireann de rann a mhair sa bhéaloideas: ‘Carsuel mór Charn Ásaraidh, a bhfuil cúig chárt (45 orlach) ina chosa, tá a thóin cosúil le droim na coirre agus tá a lomchraos cíocrach fairsing.’

Tugann Carsuel le tuiscint gur as Laidin a bhí sé ag tarraingt ach síltear gur chleas é chun Gaeil a bhí beag beann ar Bhéarlóirí a mhealladh. Agus tugtar faoi deara ar an teagasc críostaí atá sa leabhar aige nach ionann é ar fad agus an rud a scríobh Calvin, gur rud é atá dírithe ar Ghaeilgeoirí a tógadh ina gCaitlicigh. Cé gur clóbhuaileadh cúig chéad cóip den leabhar is cosúil nach bhfuil ar marthain inniu ach trí cinn díobh, agus gach ceann díobh uireasach, ceann i Leabharlann na Breataine, ceann in Ollscoil Dhún Éideann agus ceann sa Pierpoint Morgan Library i Nua-Eabhrac.

Deir Meck gur fada a mhair tionchar Charsuel ar theanga an chreidimh in Albain: ‘Nevertheless, the shape of Gaelic religious language had been set by Carswell’s book, and the Protestant church in the Highlands became the direct heir of the literary legacy of the Gaelic medieval learned classes.... Of course adjustments were made with time, and the vernacular language influenced the religous language, but Protestantism in the Highlands was married early to a conservative literary dialect which has been its hallmark ever since.’

Ni fios cén toradh a bhí ag leabhar Charsuel ar chúrsaí na hÉireann. Gan amhras bhrostaigh sé na húdaráis chun nach ndéanfaí a thuilleadh faillí in aistriú an Tiomna Nua. B’fhéidir gurbh i ngeall air freisin a roghnaíodh cló seachas an cló rómhánach in Aibidil Gaoidheilge agus Caiticiosma Sheáin Uí Chearnaigh. Níl a fhios go cinnte fiú gur léadh in Éirinn é. ‘Leabhar Charswell in Éirinn’ is teideal d’alt Thomáis de Bhaldraithe in Éigse, earrach 1958. Taispeánann an scoláire sin go bhfuil an chuid is mó de na hurnaithe ag Ó Cearnaigh ar aon dul, focal ar fhocal, le saothar Charsuel, Bhí tuairim ann gurbh fhéidir gur cuireadh eagrán de shaothar Uí Chearnaigh amach in 1563 agus go raibh sé feicthe ag Carsuel. Ach is dóigh le de Bhaldraithe gurbh é an tÉireannach a rinne an aithris. Agus deir Williams: ‘Ar aon dath is dócha gurb é leabhar Charsuel a spreag Ó Cearnaigh chun a leabhar féin a fhoilsiú. Ní móide mar sin gur chuir sé amach leabhar clóite ceithre bliana roimh Charsuel.’

Shíl duine d’eagarthóirí Charsuel, Thomas McLauchlan (1873), gurbh é a d’aistrigh teagasc críostaí Chailvin (Catechismus Ecclesiae Genevensis) go Gaeilge faoin teideal Adtimchiol an Chreidimh. Foilsíodh é tuairim 1630 agus thug R.L. Thomson eagrán amach in 1962 agus tuairimíonn gurbh é Niall Mac Eoghain an t-aistritheoir. Taispeánann Williams nárbh fhéidir gurbh é Carsuel é.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú