Ó CORRDUIBH, Harry (1914–1982)
Le caoinchead ó Chnuasach Bhéaloideas Éireann, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Sna 1950idí ba é an chéad duine é a chuir tús le feachtas ar son cearta sibhialta sa Ghaeltacht. Bhí aiste ag Nollaig Ó Gadhra faoi in Inniu 5 Márta 1982. I gCill Mhichíl, Co. an Chláir, a rugadh é ar 28 Aibreán 1914. Ball den Chonstáblacht Ríoga san áit sin ba ea a athair Michael; bheadh sé ina bhailitheoir béaloidis i Maigh Eo ar ball. Ba í Ann Gannon a mháthair. Bhí ceathrar deartháireacha agus triúr deirfiúracha aige. Fuair sé bunoideachas i Scoil Ros Dumhach, agus bhí ina dhiaidh sin i gColáiste De La Salle i bPort Láirge. Cháiligh sé mar mhúinteoir i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. Bhí ag múineadh i nGleann na Muaidhe, i bPoll an tSómais, agus i mBéal an Átha. Bhí sé ina phríomhoide i Ros Dumhach anuas go 1979 nuair a chuaigh sé ar pinsean.

Mar chisteoir Mhuintir na Gaeltachta (Amárach 9 Aibreán 1957) bhí sé i gceannas na hagóide a rinneadh i nGaeltacht Mhaigh Eo i 1957 i dtaobh a dhonacht a bhí na bóithre. Daoradh é sa chúirt dúiche i mí an Mhárta toisc gan mótarcháin a bheith íoctha aige. Gearradh fíneáil £4.18.0 air agus ní íocfadh sé é; i mBéarla a rinneadh an gnó ar fad. Cuireadh i bpríosún é. Éisteadh an cás i nGaeilge faoi dhó san Ard-Chúirt agus saoradh é ar 10 Aibreán. Tugadh iomlán na gcostas dó. Eagraíodh paráid agóide i mBaile Átha Cliath chun tacú leis agus bhí caoga gluaisteán gan cháin ó Mhaigh Eo agus slua ó Ros Dumhach páirteach. Tá cuntas ag Máirtín Ó Cadhain ar an bhfeachtas i Maigh Eo in An Ghaeilge Bheo — Destined to Pass, 2002 (lch 118-123) in eagar ag Seán Ó Laighin. Bhí sé i bpríosún arís i 1961 i ngeall ar agóid a bhain le scoileanna ina cheantar; bhí sé ina chathaoirleach tamall ar an INTO in Iorras. D’éirigh leis meánscoil a chur á bunú i Ros Dumhach. Bhí sé pósta ar Bhríd Sheerin, oide scoile, agus bhí beirt mhac agus iníon acu. D’éag sé ar 7 Feabhra 1982 agus tá sé curtha i gCill Ghallagáin. Dúradh i bpáipéar áitiúil: ‘The name of Harry Corduff was a household name in every village in Erris as down through the years he fought for the betterment of the people of the area’. Oibrí aitheanta i Roinn an Bhéaloidis sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, a dheartháir Leo ( d’éag ar 21 Samhain 1992). Phós a dheirfiúr Eva an polaiteoir Niall Blaney.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú