An té nach ndéanfadh ach liostaí na n-ionadaithe ag Ardfheiseanna Chonradh na Gaeilge fadó a scrúdú déarfadh sé go raibh ról ríthábhachtach ag na sagairt sa ghluaiseacht. Ach ní raibh ach tuairim is dáréag arbh fhéidir a rá gur chinnirí náisiúnta ba ea iad. Arís, is leis an mbeagán díobh sin a rinne iarracht ar Ghaeltacht a dhéanamh dá bparóistí a bhaineann an tAthair Maitiú Maguidhir. Rud a dhealaíonn amach óna bhráithre sa Chonradh é is ea gurbh ar éigean má bhí Gaeilge ar bith aige, seachas gnáthphaidreacha agus beannachtaí. Cé gur ar an teanga a chuireadh sé an bhéim ba mhó, bhí a aird ar ghlantacht is néatacht na sráidbhailte, ar obair a chur ar fáil, ar dhaoine a oiliúint sa gharraíodóireacht agus san fheirmeoireacht, ar bhaitsiléirí a bhrostú chun pósta .... Deireadh sé go raibh 700 díobh sin sa pharóiste agus ba í a chomhairle dóibh: ‘Set up a smoke of your own’.

In Achadh Lom, Co. Fhear Manach, a rugadh é. Ba cheannaí mór capall i Móinbhile (Munville), Lios na Sceiche, a athair agus is cosúil go raibh cáil náisiúnta ar an gclann sa ghnó sin. Bhí Maitiú i gCliarscoil Naomh Macartain, Muineachán, sula ndeachaigh sé go Maigh Nuad. Bhí sé ag obair i bparóiste an easpaig i Muineachán, i Machaire Chluana, i bhFionntamhnach agus sa Droim Mór sula bhfuair sé paróiste Chill Scíre i 1906. Bhí lorg a láimhe fágtha aige ar na paróistí eile úd, ar an Droim Mór, go háirithe, ach measadh gur gheall le miorúilt an obair a rinne sé i gCill Scíre. Is beag má bhí aon chuid den Ghaeilge dhúchasach fanta sa pharóiste mór seo a raibh seacht scoil Chaitliceacha ann. Ba i an gháir chatha aige ón altóir gach Domhnach: ‘We must pull this old nation together and revive our national language’. Chuir sé craobh den Chonradh ar bun agus d’fhostaigh siad Pilib de Bhaldraithe ó Bhéal Átha hAmhnais, Co. Mhaigh Eo, mar mhúinteoir taistil i nDeireadh Fómhair 1906. Chaith seisean sé bliana ann. Bhí an tAthair Maitiú ina bhall den Choiste Gnó agus tá tuairisc ar obair an mhúinteora in An Claidheamh Soluis 27 Iúil 1912: ‘Pilib Ua Bhaldara [sic] has fully justified, in the past 12 months, the financing by the Coiste Gnó of the Tír Eoghain scheme. He has carried the spirit of the League into every townland and into many of the homes of the district .... He has strengthened the habit of Irish speech among the parents and has, through the teaching of history, given the children a fervid patriotism .... His working week includes fifty hours of teaching and involved upwards of 150 miles of cycling on the most uneven roads of Ulaidh’. Tháinig an t-amhránaí cáiliúil Áine Ní Oisín chun lámh chúnta a thabhairt dó - is le linn dá deirfiúr Mairéad, amhránaí cáiliúil eile cheantar Thuama, a bheith ar saoire i dteach an Athar Maitiú a casadh uirthi an Dr Seán Mac Cana, oibrí mór sa ghluaiseacht agus an fear a phósfadh sí ar ball.

Bhíodh céilí ar siúl gach Domhnach i gceann de na scoileanna agus théadh an tAthair Maitiú ann chun clabhsúr a chur ar an oíche leis an bpaidrín páirteach. Théadh sé timpeall chuig na ranganna oíche lena chapall agus trap chun páipéir mar An Claidheamh Soluis, The Leader, Sinn Féin ... a scaipeadh agus chun sleachta i dtaobh obair an Chonartha a léamh amach os ard. Bhí W. P. ‘Ryan [Liam P. Ó Riain] ábhairín frithchléireach ach dúirt sé faoin Athair Maitiú in The Pope’s green island, 1912: ‘Fr Matt is one of the most unassuming of men. I have seen him at several meetings of the executive of the Gaelic League, and never heard him make a remark at one of them. He has come all the way from Tyrone to Dublin to listen, to learn the latest development and duties, and to vote when voting was needed. The notion of domineering or dictation in connection with him is humorous. He just sets his people in the way of doing things that are worthy of them, and is happy when they take his advice and live up to it. When a noted Irish visitor, Catholic, Protestant or Presbyterian, pays a passing visit to Cill Scíre he is able to call up musicians, singers, and dancers and arrange an informal céilí in about 20 minutes’. D’fhanadh cuairteoirí ina theach Millbank House agus ina measc bhí Mac Giolla Bhríde, Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, Énrí Ó Muirgheasa, Sinéad Ní Fhlannagáin. Shane Leslie, Alice Milligan, Claud Chavasse ....

Bhaist sé ‘Mullach na Slua’ ar an gcnoc, ar imeall an tsráidbhaile Tríleac, a dtionóltaí Feis Chill Scíre ar a bharr. Toradh a bhí ar an bhFeis go gcuirtí daoine ar scoláireachtaí go Coláiste Uladh. Bhí sé féin ina bhall de choiste riartha an choláiste agus chaitheadh tamall ann gach bliain. ‘The local Feis in this now “model parish” is one of the great Gaelic events of the Ulster year’, dúirt W. P. Ryan. Bhíodh comórtas le haghaidh paidreacha do Phrotastúnaigh agus a leithéid chéanna do Chaitlicigh.

I ndiaidh do Philib de Bhaldraithe imeacht i 1913 fostaíodh beirt chainteoirí dúchais ó Thír Chonaill, Eoghan Ó Gallachobhair agus Nóra Nic Pháidín, agus Caitlín Nic Ghabhann ó Ghleann Dá Loch a bhí ag obair le tamall sa Spidéal, agus Pádraic óg Ó Conaire.

Ag Ard-Fheis chinniúnach 1915, cé gur i leith Shinn Féin a bhí claonadh aige féin, bhí sé go mór in aghaidh an Conradh a bheith gafa le polaitíocht an náisiúnachais agus in aghaidh clásal a bheith sa bhunreacht a déarfadh gur cheann de aidhmeanna na gluaiseachta go mbeadh Éire neamhspleách. Cuid de bhéaloideas Chill Scíre gurbh í an achainí a dhéanadh sé ar an Domhnach, díreach i ndiaidh na bpaidreacha ar son na Gaeilge, ná ‘For the swift, utter and eternal destruction of the brutal foreign tyranny that has cursed our native land for the past seven centuries: that God may blast it in His fury and consume it in His rage’. Níor theastaigh uaidh, mhínígh sé, go mbeadh aon duine thíos leis an scrios, gurbh é an t-ansmacht amháin a bhí i gceist aige. Chuir socrú 1925 faoin chríchdheighilt isteach go mór air toisc baint a bheith ag a sheanchara Eoin Mac Néill leis: ‘Alas, Mac Neill has placed Catholic Ireland in a position of deepest humiliation .... Six-County nationalists have been sold, simply without any attempt to secure guarantees for their liberties and rights’. Ach níor stop sé riamh den obair go bhfuair bás 13 Márta 1927 in aois 63 bliana dó. Tá sé curtha i gclós an tséipéil i gCill Scíre. In Sinn Féin 29 Meitheamh 1907 tá tuairisc inspéise ar a chuid oibre. Tá cuntais ar a shaothar i gCill Scíre ag Eoghan Ó Ceallaigh in Feasta, Eanáir 1951 agus ina leabhar An dá thaobh, 1968 a d’fhoilsigh an Clóchomhar.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú