BEATHA NA SEACHTAINE

HASTINGS, Caitríona (1952–2021)

HASTINGS, Caitríona (1952–2021)

Ar 27 Feabhra 1952, i mbaile fearainn Chúl na Droma (Glebe), gar do Mhuileann an tSiáin i gCo. Thír Eoghain, a saolaíodh Catherine Gallagher. Ba de bhunadh na háite sin a hathair Richard agus ba as Mín Ghiolla Charraigh, i nGaeltacht Ghleann Fhinne dá máthair Nóra (Hanora ó cheart ach Nóra a thugtaí uirthi) Nig Fhloinn nó Nóra Hannah Mhicí (Mhícheáil Hughie Jane) mar ab fhearr aithne uirthi.

Le feirmeoireacht a chaith Richard a shaol agus ba bhean tí a chéile. Ceathrar clainne a thóg siad – Catherine ar thús an teaghlaigh agus ansin Anne, Dickie agus Michael. D’fhreastail na páistí ar an bhunscoil áitiúil sa Glebe. D’éirigh le Caitríona sa scrúdú aistrithe ag aois a haon déag agus ar aghaidh léi chuig an Chlochar ar an tSrath Bhán sa bhliain 1963, áit a bhfuair sí seacht mbliana de mheánscolaíocht ag mná rialta na Trócaire.

Bhíodh tinneas cinn mígréine uirthi go minic le linn a saoil agus is cuimhin lena deartháir Michael í ag siúl abhaile ón chlochar agus mála mór ar a droim léi a raibh meáchan millteanach ann. Chuir sí suim mhór sa Ghaeilge agus bhain sí scoláireacht chun na Gaeltachta gach bliain – ar ndóigh ba mhór an cuidiú aici a máthair agus ba ghnách leis an bheirt a bheith ag caint i nGaeilge go rialta sa bhaile. Ar chríochnú na scrúduithe Advanced Senior in 1970 di, bhain sí áit amach in Ollscoil Uladh a bunaíodh dhá bhliain roimhe sin (1968) i gCúil Raithin. Chláraigh sí do chúrsa trí bliana B.A. sa Léann Éireannach agus bhain sí céim onóracha amach i samhradh 1973.

Chruthaigh Caitríona cumas agus díograis i ngort na hacadúlachta agus thug sí faoi staidéar PhD ar chanúintí Chúige Uladh in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste san fhómhar 1973. Nuair a ceapadh í ina léachtóir i Roinn na Gaeilge in Ollscoil Uladh i gCúil Raithin an bhliain dar gcionn, bhí ualach trom oibre uirthi le hullmhúchán do theagasc cúrsaí ollscoile agus b’éigean di éirí as an dochtúireacht. Scór bliain nach mór a chaith sí sa phost sin ó 1974 go dtí 1993. Chuir sí suim faoi leith sa nuafhilíocht, i bhfilíocht Oiriall, i gcúrsaí foghraíochta agus sa bhéaloideas agus bhí idir mheas agus chion ag na mic léinn uirthi. Bhí sí gníomhach i gcúrsaí Gaeilge taobh amuigh den léachtlann fosta. Bhunaigh sí cumann drámaíochta agus spreag na mic léinn chun na haisteoireachta. Is cuimhin le Cathal Póirtéir an léiriú a rinne Caitríona ar Caoineadh Airt Uí Laoghaire ina raibh línte as an mhórdhán ag malartú le comhrá comhaimseartha. D’éirigh go han-mhaith lena léiriú ar Oisín i ndiaidh na Féinne, dráma a scríobh sí féin agus a thaistil go Ráth Chairn, áit ar ghnóthaigh sé ainmniúchán le páirt a ghlacadh i bhFéile Drámaíochta na nOllscoileanna i dTaibhdhearc na Gaillimhe in 1978. Ar fhoireann na n-aisteoirí bhí Brian Mullan, láithreoir Gaeilge le BBC Raidió Uladh agus Áine Ní Dhíoraí, Iar-Phríomheagarthóir Nuachta le Raidió na Gaeltachta. Scríobh Caitríona script nua eile: An tsúil ghlas, dráma faoi Cholm Cille, a léiríodh in amharclann an Riverside ar an ollscoil in 1979.

Is ar Ollscoil Uladh a casadh a fear céile Gary Hastings uirthi agus é ina fhochéimí i Roinn an Léinn Éireannaigh. Pósadh an bheirt sa bhliain 1984 agus chuaigh siad chun cónaithe i bPort Stíobhaird, Co. Dhoire. Saolaíodh beirt chlainne dóibh, Conn (1985) agus Caitlín (1988). Nuair a chuaigh Gary le gairm na sagartachta d’Eaglais na hÉireann, bhog an teaghlach go cathair na Gaillimhe. Oirníodh ina mhinistéir é in 1993 agus bhí sé ag feidhmiú mar shagart cúnta i nGaillimh do dheoise TKA (Tuaim, Cill Ala agus Achadh Conaire). Aistríodh é go Cathair na Mart in 1995, áit ar fhan siad go 2009.

Dornán blianta i ndiaidh dóibh lonnú i gCathair na Mart, ceapadh Caitríona ina léachtóir in Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Mhaigh Eo sa Roinn Staidéar Oidhreachta ar champas Chaisleán an Bharraigh. Is ansin a thosaigh sí ag déanamh taighde ar na foinsí béaloidis agus ag soláthar litríocht do pháistí. D’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht Dea-Scéala in 1998. Insint nua do pháistí ar scéalta an tSean-Tiomna agus an Tiomna Nua atá ann le léaráidí breátha atá tarraingthe ag Máire Keogh. Comhlacht foilsitheoireachta An tSnáthaid Mhór a chuir amach Balor in 2008 agus bronnadh Gradam Réics Carlo ar an saothar seo an bhliain dar gcionn. Andrew Whitson a rinne na léaráidí sa scéal seo bunaithe ar fhathach Oileán Thoraí. Lean sí uirthi ag tarraingt as tobar an bhéaloidis agus in 2009 d’fhoilsigh The History Press Ag bun na Cruaiche: folklore and folklife from the foot of Croagh Patrick. Bailiúchán na Scol 1937–8 a bhí mar bhunábhar don saothar seo.

Rinneadh reachtaire de Gary ar Dheoise na Gaillimhe in 2009 agus d’aistrigh an teaghlach ar ais go dtí an chathair. Bliain ina dhiaidh sin in 2010 d’éirigh Caitríona as an obair leis an Institiúid ach lean sí leis an scríbhneoireacht agus tháinig sraith eile saothar óna peann – An gréasaí bróg agus na sióga (2009), Mac rí Éireann (2010) agus an leagan Spáinnise den leabhar céanna El Hijo del rey de Irlanda (2012), Ó chrann go crann (2011), atá ar fáil ar líne á léamh ar YouTube. Ina dhiaidh sin tháinig Hubert (2014), An t-éan órga (2015), Ridire an ghaiscidh (2016) agus faoi dheireadh City of streams: Galway folklore and folk life in the 1930s (2017).

Thug Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge aitheantas do shaothar Chaitríona: ‘Chreid sí gur fiú go mór an traidisiún béil agus na seanscéalta a chur ar fáil i modhanna tarraingteacha nua-aimseartha do lucht ár linne. Chreid sí go bhfuil gá againn leo.’ Buaileadh Caitríona tinn leis an ghalar néarón luadrach (MND) agus bhog an teaghlach go Cill Iníon Léinín i mBaile Átha Cliath in 2018, áit a raibh cúram faoi leith le fáil don bhreoiteacht, ach fuair sí bás in ospís na Carraige Duibhe ar 15 Márta 2021. Creimeadh a corp i gcréamatóiriam Mount Jerome i gCrois Araild, Baile Átha Cliath, agus cuireadh a luaithreach i Reilig Naomh Muire i dTuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo. Tamall sular éag sí, rinneadh clár ar an ghalar néarón luadrach ar RTÉ agus chuaigh Caitríona faoi agallamh lena scéal féin a insint agus le tacú le hothair eile a bhíonn ag fulaingt le MND.

Seán Mac Labhraí

Físeáin

Suíomhanna gréasáin

Léigh ar aghaidh »