Ó MEARA, Muiris (1972–2014)

Criticeoir agus scríbhneoir cruthaitheach ba ea Muiris Ó Meara, a raibh stíl agus substaint ag baint lena chuid próis.

I mBaile Átha Cliath a rugadh Muiris Ó Meara ar an 28 Feabhra 1972. Ba é Muiris an chéad duine clainne ag Tom Ó Meara, Garda Síochána de bhunadh na cathrach, agus a bhean chéile, Máirín, a rinne Dioplóma Bainistíochta Óstán i gColáiste Shráid Chathail Brugha. Ba as Baile an Éanaigh, Ceathrú an Teampaill, Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí, do Mháirín ar iníon í le Muiris Ó Seagha agus a bhean chéile, Hannah Manning. Is ann a chaitheadh Muiris agus a dheirfiúracha, Sinéad agus Sorcha, ní hamháin an samhradh ach gach saoire scoile. Deartháir amháin, Tomás, a bhí níos óige ná í, a bhí ag Máirín. Príomhoide meánscoile i mBaile Átha Cliath ba ea é agus bhíodh sé féin agus a chlann i mBaile an Éanaigh i rith na laethanta saoire. Labhair máthair Mhuiris Gaeilge lena clann agus i nDún Chaoin dó, bliain i ndiaidh bliana, bhíodh Muiris ag cur barr feabhais ar a chuid Gaeilge.

D’fhreastail sé ar Scoil Neasáin agus mhúscail an príomhoide, Mícheál Ó Fathaigh, spéis ann sa stair. Fuair sé oideachas dara leibhéal ar Phobalscoil Neasáin. Bríd Ní Annracháin ba mhó a chuaigh i gcion air ansin. Bhí sé ar fhoireann díospóireachta na scoile a bhain craobh na hÉireann amach i gcomórtas Ghael-Linn sna blianta 1989 agus 1990 faoi seach. Bhí guth maith ceoil aige agus is aige a bhí an phríomhpháirt sa léiriú scoile den cheoldráma Oklahoma.

Tar éis na hArdteistiméireachta thosaigh Muiris ar BA sa Nua-Ghaeilge agus sa Fhraincis i gColáiste na Tríonóide ach is sa cheol a bhí a chroí ag an am agus chinn sé sos a thógáil óna chúrsa léinn. Bhí traenáil chlasaiceach aige ó Choláiste an Cheoil, Sráid Chatham, ar an bpianó agus ar an trombón. Bhí sé ina bhall den ghrúpa snagcheoil agus gormacha Cantaloupe. Sheinn sé an trombón leis an ngrúpa Madness ar The Late Late Show.

Thug sé cúl ansin leis an gceol agus tar éis na bliana 1998–99 a chaitheamh sa Fhrainc i gcathair Lille d’fhill sé ar an Nua-Ghaeilge agus ar an bhFraincis sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, mar ar bhain sé BA amach in 2005. Chaith sé 2005–06 i gcathair Rennes sa Fhrainc ag múineadh Béarla d’fhochéimithe agus d’fhill arís ar an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, áit ar bhain sé MA amach in 2007 le tráchtas ar an scannánaíocht faoin Dr Caoimhín Mac Giolla Léith. Tar éis bliana ag teagasc sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, fuair sé scoláireacht le dul i mbun taighde in Ollscoil Notre Dame, Indiana, ar ghnéithe den scannánaíocht faoi Bhríona Nic Dhiarmada. Bhí an tOllamh Breandán Ó Buachalla ann an chéad dhá bhliain agus thug sé an-spreagadh dó, ach ar fhilleadh dó an tríú bliain bhí Ó Buachalla imithe ar shlí na fírinne agus faoi Nollaig 2010 d’fhill Muiris ar Éirinn agus chláraigh mar mhac léinn dochtúireachta faoin Ollamh Gearóid Denvir in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Chuir sé roimhe féin sa dochtúireacht sin taighde a dhéanamh ar fhorbairt dhioscúrsa na critice liteartha sa Ghaeilge mar a fheictear é in imeacht na sraithe ‘Imleabhair Thaighde’ de chuid an Chlóchomhair. Fuair sé spreagadh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ón Dr Lillis Ó Laoire freisin.

Léiriú ar an bhféith ghrinn a bhí i Muiris ba ea an leathanach Facebook Peig Sayers a chruthaigh sé tar éis dó daoine a chloisteáil oíche i bpub ag caitheamh anuas ar a leabhar. Bhí pearsantacht agus guth teilifíse agus raidió aige. Bhí clár aige ar Raidió na Life agus rinne sé físeáin ar an nuafhilíocht le hAingeal Ní Chualáin, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Ábhar cruthaitheach a chonacthas i gcló uaidh i dtosach, dán, ‘Máthair fir,’ Feasta, Bealtaine, 2006. Lean gearrscéal, ‘Shalimar,’ agus dán, ‘Dies Irae,’ in Blaiseadh pinn (Cois Life, 2008); ‘Cliché,’ Cumann Scríbhneoirí Úra na Gaeilge, Eanáir 2010; ‘Ciotóg,’ Southword 2, Iúil 2011; ‘Dán do Thomás,’ Nua-Aois, agus ‘Scéilín Cruthanta,’ Feasta, Deireadh Fómhair 2011.

Ó 2009 is ag dul i líonmhaire in aghaidh na bliana a bhí an méid alt agus léirmheasanna uaidh ar Comhar agus Feasta go háirithe, ar réimse leathan ábhar: nualitríocht na Gaeilge, léann na hÉireann, an t-iarchóilíneachas, an scannánaíocht, an fhealsúnacht, agus na físealaíona. Seo mar a rinneadh cur síos ar Mhuiris ar Comhar, Lúnasa 2014: ‘Bhí féith na bhfocal agus bua ealaíonta go smior i Muiris Ó Meara, a bhí ar na scríbhneoirí próis ab fhearr dá linn, criticeoir géarshúileach agus scéalaí corraitheach a raibh mórshaothair agus gradaim i ndán dó sular cailleadh é.’ Agus mar seo ar Feasta, Meán Fómhair 2014: ‘Fear a raibh éirim agus intleacht thar an ngnách ann.’ Foilsíodh Solas ar na dumhchannaí: aistí i gcuimhne ar Mhuiris Ó Meara, in eagar ag Ailbhe Ní Ghearbhuigh agus Siún Ní Dhuinn in 2016.

Bhásaigh Muiris, tar éis tinnis gearr, i mBaile Átha Cliath ar 28 Meitheamh 2014.

Éilis Ní Anluain

Ailt

  • Anaithid [eagarfhocal] (2014) Comhar Lúnasa, 4.
  • Mac Fhearghusa, P. (2014) ‘Blúiríní’ Feasta Meán Fómhair, 18.