In Hilversum san Ollainn, mar a raibh a athair ina dhlí-eolaí, a rugadh é ar 5 Iúil 1886. Bhí sé ar scoil sa Gymnasium in Hilversum agus ansin san ollscoil ann. Sa léann Ceilteach agus sa Ghearmáinis is mó a bhí a spéis. Bhí idir labhairt agus scríobh na Gaeilge go maith aige de bharr cuairteanna ar Bhaile an Fheirtéaraigh in 1906 agus d’fhoilsigh sé páipéar ar ghné de chanúint na Mumhan. B’fhéidir gur timpeall an ama chéanna a chaith sé tamall i gColáiste na Mumhan. Deir Gearóid Ó Nualláin in Beatha dhuine a thoil (1950): ‘Duine iasachta eile a tháinig chughainn ab ea an Dochtúir Van Hamel, ach níor fhan seisean ach aon mhí amháin, is dóigh liom. Bhí sé féin agus Tadhg Ó Scanaill [1883–1967] ana-mhór le chéile, agus is minic a théidís i dteannta a chéile ag rothaíocht chomh fada le hlnse Geimhleach sa tráthnóna. Is dócha gur fhoghlaim Van Hamel mórán Gaeluinne ó Thadhg, óir, mar is eol don tsaol Fódhlach, togha cainteora is ea Tadhg’.

Ceapadh é ina ollamh i nGymnasium Middelburg in 1910 agus inRotterdam in 1913. Chaith sé tamall de 1913 in Éirinn agus d’fhreastail ar Scoil Ard-Léinn na Gaeilge. Bhí sé tamall in Ollscoil Bonn agus ainmníodh ina Ollamh in Ollscoil Utrecht, an Ísiltír é in 1923. Bunaíodh ollúnacht Cheiltise dó ansiúd agus bhí sí aige go bhfuair sé bás.

In 1925 chuir sé aistriúchán Ollainise de An crann géagach, leabhar Phádraig Uí Chonaire, ar fáil. Chuir sé eagar ar Compert Con Culainn and other stories (1933) agus ar Immrama (1941). Foilsíodh in Éirinn iad sa tsraith Medieval and modern Irish series. Chuir sé eagar ar Lebor Bretnach. The Irish version of ‘Historia Britonum’ ascribed to Nennius (1932) do Choimisiún na LSS. ‘Aspects of Irish Mythology’ is teideal do léacht chuimhneacháin Rhys a thug sé i 1935. Tá a shaothar le fáil in Zeitschrift für Celtische Philology, Études Celtiques, agus in Revue Celtique....Tagraítear go minic dár scríobh sé i dtaobh Lebor Gabála. Dúradh in Éigse Iml. V Cuid a 2 go raibh sé chomh heolach ar an Sean-Ioruais agus a bhí sé ar an Sean-Ghaeilge. Bhí sé ag dul faoi scian ach ba é an t-ainéistéiseach ba thrúig bháis dó 23 Samhain 1945, dar le Vendryes in Études Celtiques 5 1950–51. Níor phós sé. Deirtear in Irish Book Lover XXX 1946–48: ‘Professor Van Hamel had many friends in this country, which he frequently revisited. He was a man of wide culture, writing with ease in French, German and English, and he was an accomplished violinist, as those who heard his performances of the sonatas of Cesar Franck and Brahms can testify’.

Is léir ar aiste Kees Veelenturf, ‘Celtic studies in the Netherlands’ (Scéala Scoil an Léinn Cheiltigh: Newsletter of the School of Celtic Studies, Samhain 1989) gurbh é an scoláire Ceiltise ba mhó riamh sa dúiche sin é: ‘Van Hamel was a giant in the world of philology. He was an expert on Germanic languages and Nordic literatures and well versed in Irish and Welsh. He published extensively in all the fields he had mastered’. Baineann trian den aiste leis na scoláirí arbh é Van Hamel a thug oiliúint dóibh, agus le scoláirí a fuair oiliúint uathu sin. Ar 18 Márta 1991 bunaíodh an Stichting A. G. Van Hamel voor Keltische Studies. Tá cuntas ar aidhmeanna na fundúireachta seo in Scéala Scoil an Léinn Cheiltigh, Márta 1992.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú