I bPort Láirge a rugadh é. Bhí ina shaoiste in iarnród Phort Láirge-Dún Garbhán-Lios Mór sular ceapadh é ina chigire ar Iarnród Phort Láirge-Trá Mhór. Is cosúil ón tuireamh a scríobh Seán Ó Súilleabháin in An Claidheamh Soluis 7 Bealtaine 1932 go raibh cáil air mar lúthchleasaí: ‘Ní tábhacht liom a ghaisce cé ba mholta a ghníomh go hóg/ I bpáirc an reatha ’s ag iomaí le laochra ar ord’.

Ar feadh i bhfad bhí dlúthbhaint aige le Conradh na Gaeilge i bPort Láirge, é ina leasuachtarán acu, agus bhí orthu sin a d’eagraigh Feis Phort Láirge den chéad uair i 1903. Toghadh é ar chéad choiste bainistíochta Choláiste na Rinne i 1909. Más fíor don Waterford News 12 Feabhra 1932 ba é ba thúisce a bhain leas as Séadna mar théacsleabhar agus é i mbun rang sinsearach a mhúineadh. Is dóigh nach raibh i gceist ach ranganna i gceantar Phort Láirge. Toghadh é ina bhall de Choiste Gnóan Chonartha i 1914.

Bhain sé leis an bPáirtí Parlaiminteach agus is mar Réamonnach a toghadh é ina bhardasach i gcathair Phort Láirge tuairim 1920. D’fhan sé ina bhall de chomhairle na cathrach go lá a bháis, 11 Feabhra 1932. D’fhág sé baintreach, mac agus clann iníon ina dhiaidh.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú