UÍ LACHTNÁIN, Úna (1935–2014)

Bhí baint riamh ag Úna Uí Lachtnáin le gluaiseacht na Gaeilge – An Réalt, Pobal Chluain Tarbh, Fondúireacht an Phiarsaigh, ach thar aon rud eile, bean Oireachtais go smior ab ea í. Chomh maith leis sin, ghlac sí páirt ghníomhach i bhfeachtais toghchánaíochta a fir chéile, Seán Dublin Bay Loftus, agus chomhlíon cúraimí oifige ina ról tacaíochta dó.

I Muinchille, Co. an Chabháin, a rugadh Úna Uí Lachtnáin (Nic Shíomóin), ar 2 Márta 1935, an chéad duine de chlann Harry Fitzsimons (1893–1986) agus Honor Fitzsimons (Keady 1903–1995). Bunmhúinteoirí ab ea iad agus bhí iníon amháin eile acu, Mary (Thornbury) a rugadh in 1938. I mBunscoil na gCailíní, Muinchille, a fuair Úna agus a deirfiúr bunscolaíocht agus is i gClochar San Lughaidh, Muineachán, a fuaireadar meánscolaíocht trí mheán na Gaeilge. Ba í Úna uachtarán scoile na bliana 1952 go 1953. Chuaigh sí faoi thraenáil ansin mar mhúinteoir eacnamaíocht bhaile, i gColáiste Chnoc Síon, ar an gCarraig Dhubh, Co. Bhaile Átha Cliath.

I bhfómhar na bliana 1962, phós Úna Seán Loftus, abhcóide agus léachtóir le dlí i gColáiste Teicneolaíochta Shráid Bolton. Bliain díreach roimhe sin a casadh ar a chéile iad, ag daonscoil sna Sceirí, Co. Bhaile Átha Cliath. Pósadh iad i Séipéal Newman, Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath, agus bhí béile na bainise san Óstán Royal Marine i nDún Laoghaire. Triúr clainne a bhí orthu, Muireann (Gallagher) a rugadh in 1969, Ruairí a rugadh in 1971 agus Fiona (Rowland) a rugadh in 1974. Tar éis a cáilithe mar mhúinteoir, fuair Úna post i meánscoil Notre Dame i mBaile an Teampaill, mar ar fhan sí gur rugadh an dara duine clainne. In 1981 d’fhill sí ar an múinteoireacht i Scoil Chaitríona, Glas Naíon, Baile Átha Cliath.

Ó thaobh ghluaiseacht na Gaeilge de, bhí baint ag Úna le An Réalt ar dtús agus tar éis don teaghlach aistriú go Cluain Tarbh bhí sí mar dhuine de bhunaitheoirí Phobal Chluain Tarbh in 1972 le Séamus Mac Giolla Ruaidh. D’fheidhmigh sí mar rúnaí go dtí lá a báis, 1 Aibreán 2014. Bhí sí páirteach in eagrú na n-imeachtaí bliantúla ag an eagras: Éigse Chluain Tarbh; turais stairiúla; ciorcal cainte; aonach cártaí Nollag, etc.

In 1960 feictear a hainm, Úna Nic Shíomóin roimh phósadh di, ar choiste an Oireachtais den chéad uair, agus í mar ionadaí An Réalt. Bhí sí ina ball gníomhach den choiste go bliantúil ina dhiaidh sin. Chaith sí dhá thréimhse ina cathaoirleach ar an gcoiste náisiúnta (1987–89 agus 1997–1999) agus tréimhsí eile mar leaschathaoirleach nó mar chisteoir, agus arís tréimhsí mar chathaoirleach ar an gcoiste ealaíon. In 2011 toghadh í d’aonghuth don ról oinigh mar Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge.

Rinne sí ionadaíocht thar ceann an Oireachtais i mórán áiteanna, ag cruinnithe agus ar choistí éagsúla in Éirinn. D’fhreastail sí mar theachta bráithreachais ar na féilte Ceilteacha eile: Am Mòd Nàiseanta Rìoghail in Albain, Eisteddfod Genedlaethol Cymru sa Bhreatain Bheag agus Yn Chruinnaght ar Oileán Mhanann, agus bhí sí thar barr ag cur fáilte rompu siúd a thagadh ó na tíortha sin chuig an Oireachtas. Chuir sí de dhua uirthi féin an Bhreatnais a fhoghlaim agus bhí an teanga sin líofa go leor aici.

Seo mar a chuir Liam Ó Maolaodha, stiúrthóir an Oireachtais, tús le cuntas uirthi ar Chlár Oireachtas na Samhna, Cill Airne, 2014:

Níor chuala mé Úna riamh ag casadh amhráin ná ag seinm ceoil, ní heol dom gur scríobh sí dán riamh ná amhrán. Chonaic mé í ag céilí corruair ach ní dóigh liom go mbainfeadh sí aon duais ag damhsa ar an sean-nós. Ach, ba bhean Oireachtais go smior í . . . Ba onóir é aithne a bheith agam ar Úna, bean uasal. Is uaithi a thagadh an chéad teachtaireacht chomghairdeachais tar éis an Oireachtais, is uaithi a thagadh an chéad chárta Nollag gach bliain. Aireoimid uainn í ag an deasc eolais.

Bhí sí ina ball d’Fhondúireacht an Phiarsaigh ar feadh blianta fada, agus ó am go chéile, mar dhuine den choiste neamhspleách a roghnaíonn buaiteoir Ghradam an Phiarsaigh go bliantúil as ainmniúcháin ó eagrais náisiúnta, eagrais Ghaeilge, comhairlí contae, etc.

Ghlac Úna Uí Lachtnáin páirt ghníomhach i ngach feachtas toghchánaíochta de chuid a fir chéile. Trí huaire déag a sheas sé don Dáil. D’éirigh leis in olltoghchán na bliana 1981. Níor mhair an 22ú Dáil seo ach trí ráithe agus bhí páirt aige féin ina titim nuair a ghlac sé seasamh láidir in aghaidh bhuiséad John Bruton. Comhairleoir cathrach ab ea é ó 1974 go 1999. Ach in 1995 toghadh Seán Dublin Bay Loftus ina Ardmhéara ar chathair Bhaile Átha Cliath. Chuir an teaghlach fúthu i dTeach an Ardmhéara do bhliain na hoifige sin. Chomhlíon Úna a cúraimí oifige le linn na bliana sin ina ról tacaíochta do Sheán, le cumas agus le cuannacht. Thugadh Úna turais threoraithe i nGaeilge timpeall ar Theach an Ardmhéara fiú nuair a bhí a tréimhse ann thart.

Chaith Úna a saol le gníomhaíochtaí agus le daonlathas pobail. Bhí sí seacht mbliana mar bhall tofa d’Fhóram Pobail Bhord Forbartha Chathair Átha Cliath agus bhí sí ina cathaoirleach ar an bhFóram ó 2009 go 2012. D’eagraíodh sí turais stairiúla sa chathair do dhreamanna éagsúla, go háirithe d’iarbhaill Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Sráid Bolton, agus do chomhairle fheidhmeach an eagrais sin.

Mar aon lena fear céile, chuir Úna spéis faoi leith i gcúrsaí timpeallachta agus bhí sí mar chrann taca aige i mórán feachtas le Cuan Bhaile Átha Cliath a chaomhnú. Bhí sí, i bpáirt leis, mar dhuine de bhunaitheoirí Bull Island Action Group, a oibríonn go deonach le bithsféar an oileáin sin a choinneáil slán. D’fheidhmigh sí mar rúnaí ar an ngrúpa ar feadh tréimhse. Sular cailleadh í ar 1 Aibreáin 2014 tar éis tinneas an-ghairid, bhí sé socraithe go dtabharfadh Úna léacht i nGaeilge faoi Chath Chluain Tarbh le linn bhronnadh Ghlór na nGael an mhí chéanna, agus mar chuid de chomóradh míle bliain an chatha sin. Bhí an léacht ionann is réidh aici. Ba é an trua nach bhfuair sí an deis í a thabhairt.

Éilis Ní Anluain