MHIC MHURCHÚ, Dóirín (1930–2014)

I mbun iriseoireachta a chaith Dóirín Mhic Mhurchú cuid mhaith dá saol – bhíodh a glór le cloisteáil go rialta ar chláir spóirt Raidió na Gaeltachta ón am ar thosaigh an stáisiún sin ag craoladh in 1972 gur tháinig an Mhílaois. Iriseoir pinn agus údar ab ea í freisin. Sholáthraigh sí tuairiscí agus gné-altanna do na nuachtáin náisiúnta agus d’fhreastail ar chúirteanna agus ar chruinnithe rialtas áitiúil ar a son sna Déise agus in oirthear Chorcaí.

Bhí an-suim sa stair aici agus scríobh mórchuid alt i nGaeilge agus i mBéarla d’irisí agus d’fhoilseacháin éagsúla: Decies, a fhoilsíonn Cumann Seandálaíochta agus Staire Phort Láirge; Ireland’s Own; The Holly Bough i gCorcaigh; agus Treoir, an iris a fhoilsíonn Comhaltas Ceoltóirí Éireann.

In 1994 d’fhoilsigh Coiscéim Bealach na Bó Finne, saothar taighde a scríobh Dóirín faoi oilithreacht na nGael go Santiago de Compostela na Gailíse. Bhí sí ag obair ar leabhar eile nuair a bhásaigh sí, Almanac, cuntas i mBéarla ar eachtraí stairiúla suntasacha a tharla i gCo. Phort Láirge síos trí na blianta agus iad rangaithe aici de réir dhátaí an fhéilire.

I Learpholl Shasana a saolaíodh Dóirín ar 20 Meitheamh 1930. Ba de bhunú Cheann Toirc, Co. Chorcaí a hathair, an Dr Donncha Harding, cé go mba i Luimneach a saolaíodh é. Bhí sé ina mhac léinn leighis sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath in éineacht le Caoimhín de Barra, a daoradh chun báis agus a crochadh in 1920 – bhí cuimhne ghléineach ag Harding ar an lá ar gabhadh an Barrach. Ba in Lancashire a saolaíodh máthair Dhóirín, Marie-Therese Duffy, múinteoir bunscoile, ach go mba as Co. Shligigh agus Mhaigh Eo a tuismitheoirí siúd.

Ba í Dóirín an duine ba shine de thriúr clainne; bhásaigh deartháir di agus é ina naíonán agus bhí deirfiúr amháin aici, Monica.

Nuair a bhí Dóirín naoi mbliana d’aois d’fhill a muintir ar Éirinn, chuireadar fúthu ar feadh tamaill i gCeann Toirc agus ansin i gCoill an Chollaigh i gCo. an Chabháin, áit a ndearna Dóirín freastal ar Scoil Náisiúnta Naomh Áine. As sin, chuaigh sí chuig Clochar Naomh Lughaidh i gCarraig Mhachaire Rois i gCo. Mhuineacháin.

Agus a cuid meánscolaíochta críochnaithe aici fuair sí post le Bardas Bhaile Átha Cliath agus ba ansiúd a chas Dóirín ar Éamonn Mac Murchú, as Eochaill, Co. Chorcaí, ó dhúchas. Nuair a phósadar in 1954 chuadar chun na Breataine – ar dtús go Cardiff agus ina dhiaidh sin go Londain, áit a raibh Éamonn ag obair i gConsalacht Ghinearálta na hAirgintíne.

Bhí beirt chlainne orthu, Clíona agus Áine, nuair a shocraíodar dul ar imirce chun na hAstráile ar Scéim na nDeich bPunt. Chaitheadar tamall in Brisbane agus tamall eile in Jacobs Well in Queensland, áit a raibh Éamonn fostaithe ag comhlacht siúcra. Nuair a saolaíodh an tríú duine clainne, Irial, ansiúd ba le Gaeilge a tógadh eisean freisin, faoi mar a tógadh a bheirt deirfiúracha.

Bhí sé de rún i gcónaí ag Dóirín agus ag Éamonn filleadh abhaile agus a gclann a thógáil sa Ghaeltacht, rud a rinneadar i dtús na 1960idí, ag cur fúthu ar dtús i mBaile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí agus ansin i Rinn Ó gCuanach, Co. Phort Láirge, áit ar saolaíodh an bheirt eile chlainne a bhí orthu, Ódhrán agus Fianait.

Bhí Dóirín Mhic Mhurchú sáite i gcroílár an phobail ón gcéad lá ar leag sí a cos ar thalamh na Rinne. I dtús báire bhí sí féin agus Éamonn i bhfeighil siopa, an Stór, a bhí glactha ar láimh ag Gael-Linn. Bhunaigh Dóirín agus an t-amhránaí Anne Mulqueen brainse de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann sa bparóiste. Bhí sí páirteach freisin i mbunú craoibhe de Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta ansiúd i dtús na 1970idí.

Ba bheag post i gCumann Lúthchleas Gael na Rinne nach raibh aici ag tráth éigin, agus fiú agus í ina seanmháthair bhuaigh sí Craobh Shóisearach Camógaíochta Phort Láirge mar lántosach ar fhoireann ar a raibh duine dá clann iníonacha ag imirt freisin. Ceoltóir cumasach a bhí inti. Bhuaigh sí duaiseanna ag seinm na feadóige agus i roinn na mbailéad nuachumtha ag Fleadhanna Ceoil agus scríobh amhráin go leor do dhaoine óga a bhíodh san iomaíocht i gComórtas Scór Chumann Lúthchleas Gael agus i Slógadh Ghael-Linn. Chaith sí blianta ag teagasc i Meánscoil San Nioclás sa Rinn.

Bean mhór taistil agus teangacha ab ea Dóirín. Chomh maith leis an nGaeilge agus leis an mBéarla, bhí Spáinnis, Fraincis agus Iodáilis ar a toil aici agus eolas aici ar Ghearmáinis, Araibis agus Polainnis. D’fhág sin ar a compord í le linn na dturas a thug sí ar mhórán chuile thír san Eoraip, ar Chúba, an Túinéis, Maracó, na Stáit Aontaithe, an Éigipt, an Íoslainn agus Barbadós. San ospidéal, an Luan sular éag sí, thaispeáin Dóirín bróisiúr dá hiníon Áine agus dúirt, ‘Féach, gheobhaimis dul chun na Tuirce ar chéad is fiche naoi euro!’

Poblachtach ab ea í agus ba nós léi cuairteanna rialta a thabhairt ar na príosúnaigh Phoblachtacha i bPort Laoise agus cártaí, leabhair agus irisí a sheoladh chucu.

Gluaisrothar Honda 50 an chéad chóras taistil a bhí ag Dóirín agus í ag tuairisciú ar chluichí do Raidió na Gaeltachta. Fós, ní raibh aon leisce uirthi bualadh faoi aistir chomh fada ó bhaile le Durlas agus Ros Mhic Thriúin agus ní bhfuair an sprioc-am an ceann ab fhearr riamh uirthi. Ba é glór Dhóirín a chuir oideachas ar phobail spóirt agus ar éisteoirí na gceantar Gaeltachta eile faoi na hainmneacha ársa, stairiúla a bhí ar na cumainn ina dúiche féin agus, gan teip, d’fhágadh sí slán ag a lucht éisteachta ag deireadh gach tuairisce leis na focail ‘Dóirín Mhic Mhurchú anso sa Rinn.’

Bhásaigh a fear céile Éamonn in 1991. Buaileadh Doirín tinn an bhliain sin freisin, ach tháinig sí as agus lean ar aghaidh ag obair do Raidió na Gaeltachta agus do na nuachtáin go dtí 1999. Go fiú agus go bhfuair sí féin stróc, níor chuir sin stop lena cuid taistil agus bhí sí in Oberammergau na Gearmáine ag Dráma na Páise in 2010. D’eachtraigh sí scéal a saoil do Mháirtín Tom Sheáinín Mac Donncha ar an gclár Comhrá ar TG4 in 2006.

Faoin am ar bhásaigh Dóirín Mhic Mhurchú ar 28 Samhain 2014 bhí an ceathrú glúin dá sliocht agus de shliocht Éamoinn saolaithe. Ag aifreann a sochraide sheinn a comharsa agus a cara Anne Mulqueen véarsa d’amhrán a chum Dóirín féin faoin dúiche ab ansa léi agus inar chaith sí formhór a saoil :

Níl áit níos fearr in Éirinn ina gcaithfinn mo shaolsa

Ná ar taobh gheal na gréine, de Cheann Heilvic, go hard.

Mártan Ó Ciardha