Ó RÓCHÁIN, Muiris (1944–2011)
Le caoinchead ó Chnuasach Bhéaloideas Éireann, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Ba é an té ba aitheanta é den triúr a bhunaigh Scoil Samhraidh Willie Clancy i Sráid na Cathrach, Co. an Chláir, in 1973 agus go dtí lá a bháis, nach mór, ba é fear stiúrach na scoile sin é. Ar Shráid Eoin sa Daingean, Co. Chiarraí, a rugadh Muiris ar 27 Eanáir 1944. Bhí teach tábhairne agus siopa ag a thuismitheoirí, Jim Rohan agus Nora Fitzgerald, sa bhaile sin. Deirtear in The companion to Irish traditional music (1999), gur le Béarla agus le Gaeilge a tógadh é. Sa Daingean d’fhanfadh cuimhne air mar gurbh é an chéad duine é a ghlac ról chaiptín an ‘Sráid Eoin Wren’ ann in 1959, ról a bhí aige go dtí gur éirigh sé tinn i Meán Fómhair 2010. Bhí sé ina mhac léinn i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus cháiligh mar mhúinteoir meánscoile. Is le linn dó a bheith ag teagasc scoile sa Choireán agus i gCathair Saidhbhín, Co. Chiarraí, a bhailigh sé ábhar i nGaeilge do Roinn Bhéaloideas Éireann óna raibh fágtha beo sna ceantair sin de scéalaithe agus de sheanchaithe.

D’aistrigh sé go Baile Átha Cliath in 1967 agus chuir aithne ann ar Bhreandán Breathnach agus ar chuid de phríomhcheoltóirí na linne sin. In 1970 phós sé Úna Guerin de bhunadh Shráid na Cathrach, Co. an Chláir, agus d’aistrigh siad siar ann agus bhí ag múineadh i Meánscoil Sheosaimh Naofa i Rinn na Spáinneach. Matamaitic agus Gaeilge na hábhair a mhúineadh Muiris. Cheana féin bhí ábhar aige in Treoir, iris Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, agus óna thús bhí baint mhór aige leis an iris Dál gCais. Gan amhras bhí aithne curtha le fada aige ar an bpíobaire cáiliúil Willie Clancy (25 Nollaig 1918–24 Eanáir 1973). D’éirigh thar cionn leis an Scoil Samhraidh sin ó thosach. Mar chomhbhunaitheoirí aige an chéad lá bhí Harry Hughes, a chomh-mhúinteoir i Rinn na Spáinneach, agus Martin Talty (1920–83), píobaire cáiliúil eile de bhunadh Shráid na Cathrach. Muiris ba thúisce a mhol go mbunófaí an scoil agus, i gcomhpháirt leis an gceoltóir Séamus Mac Mathúna, Cláiríneach, ba é a leag síos clár na scoile. Agus ba é a bhí ina stiúrthóir ar an scoil ó thosach go dtí bliain a bháis. Maítear gur mhór a ghnóthaigh eacnamaíocht iarthar an Chláir de bharr na scoile sin.

Bhí baint lárnach aige le trí scannán faisnéise de chuid RTÉ: My own place (1980) (Tony McMahon a stiúir); Cur agus cúiteamh (1990) (Cathal Goan a stiúir); The story of the wren (1991) (Ríonach uí Ógáin a stiúir). In 2001 toghadh é mar Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge agus in 2010 bronnadh Gradam na gCeoltóirí TG4 air. Bhronn Ollscoil Luimnigh dochtúireacht oinigh iarbháis air in 2012.

Bhí Muiris agus Scoil Willie Clancy ina gcrann taca ag Taisce Cheol Dúchais Éireann ón uair a bunaíodh í in 1987, go háirithe maidir le taifeadtaí páirce a dhéanamh ag an scoil. Mar thoradh air sin tá mórchuid d’imeachtaí na Scoile thar na blianta caomhnaithe anois i bhfoirmeacha físe agus fuaime, agus is féidir le pobal an cheoil teacht orthu sa Taisce. Sa ráiteas a chuir an fhondúireacht sin amach tar éis a bháis dúradh:

Tríd an díograis a chaith Muiris leis an bhfiontar, tríd an gcomhoibriú fáilteach oscailte a chleachtaigh sé i gcónaí, agus tríd an ngréasán ollmhór de chairde a bhí aige sa cheol, tá Scoil Samhraidh Willie Clancy tar éis fás as cuimse ó shin i leith. Tá na sluaite ag freastal ar na ranganna agus na himeachtaí eile ceoil ansin le daichead bliain anuas, agus tá cáil domhanda tuillte ag an Scoil féin.

Fuair Muiris bás i Sráid na Cathrach ar 17 Deireadh Fómhair 2011 agus cuireadh é i Reilig Mhaí. Bhí mac agus iníon aige agus san fhógra báis luadh a dheirfiúr Philomena agus a gharpháistí Adam agus Daniel.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú

Leabhair

Ailt