Scríobh Ciarán Bairéad go ceanúil ar an scéalaí seo in Béaloideas XXXIII, 1965 [1967]. Ar an bPáirc Gharbh, Carn Mór, i bparóiste Bhaile Chláir, a rugadh é ar 30 Bealtaine 1888. ‘Tá an Pháirc Gharbh tuairim is sé mhíle soir ó Ghaillimh, an taobh ó thua den bhóthar atá ag dul go Muine Mheadha’. Feirmeoir ba ea a athair Micheál Ó Síoda agus ba í Máire Williams a mháthair. Sa Pháirc Gharbh a rugadh ise freisin agus d’fhreastail sí ar scoil ghearr i mBaile na Creige. ‘Deir an dream a raibh aithne acu uirthi gur bean í a raibh éirim agus meabhar thar an gcoitiantacht inti, agus ina theannta sin go raibh sí ina scoláire mhaith.’ Ó Síoda a thugtaí mar shloinne air go coitianta. Ach Micheál Ó Dúgain a bhí ar a athair; an míniú a thugtar air sin go ndeachaigh seisean, agus é ina pháiste, chun cónaithe le huncail dó, Sean-Mhicheál Ó Síoda, baitsiléir, ar an bPáirc Gharbh. Ó Síoda a thugadh na comharsana ar an bpáiste sin agus Ó Síoda a thugtaí go coitianta ar a pháistí. Ba é Micheál s’againne an duine ab óige de sheisear cailíní agus triúr mac. D’fhreastail sé ar an scoil náisiúnta sa Charn Mór, scoil nach raibh ach cúpla céad slat óna theach. Ní raibh focal Gaeilge ag ceachtar den bheirt bhan a bhí ag múineadh ann. Ar phóilíní a bhí an bheirt acu pósta. Chaith sé bliain amháin i scoil Bhaile Chláir agus bhí Gaeilge á múineadh ansin ag Seoirse Mac Artúir, cainteoir dúchais ó na Forbacha. Níor chaith a dheartháir Patch ach ceithre lá dá shaol ar scoil. Bhí beartaithe ag Micheál imirce a dhéanamh, tharla a dheartháir Searlaí a bheith ag mianadóireacht óir in Kalgoorlie na hAstráile agus é sásta íoc as an turas amach. Ach bhí air fanacht sa bhaile toisc an t-athair (d’éag 1912) a bheith ag dul in aois. Méadaíodh an fheirm go mór nuair a roinneadh tailte an Charn Mhóir.

Bhí eolas leathan aige ar luibheanna agus ar phlandaí. Deir Bairéad go raibh sé in ann ainm Gaeilge a chur ar bhreis agus leathchéad acu lá dá raibh siad ag siúl trí na páirceanna. Thagadh lucht siúil chuig an teach go minic agus é ina pháiste agus bhíodh lóistín na hoíche le fáil acu. Bhíodh scéalta agus seanchas acu. Bhí cuimhne cinn ar leith aige agus ní dhearna sé dearmad ar aon cheo a chuala sé uathu. Bhí uncail lena mháthair ina chónaí i bhFuarchoill in aice le Creachmhaoil agus fuair sé mórán eolais uaidhsean agus ó Shean-Mhicheál Ó Síoda. Bhí fear sa cheantar a raibh eolas aige ar Chath Eachroma; bhí triúr dá shinsir páirteach ann ar maraíodh beirt díobh. Tá cuntas taithneamhach ag Bairéad ar an lá a thug sé Micheál soir go hEachroim gur shiúil siad páirc an áir.

Bhí de mhéid seanchais Mhichíl go raibh sé in ann a rá le Bairéad, lá dá raibh siad taobh le Cill Cholgáin, go mbeadh radharc acu ar Loch na bhFranncach in áit éigin ar thaobh na láimhe deise. Is amhlaidh a hionsaíodh dream Francach ann agus iad ag teicheadh ó bhriseadh Eachroma. Cé nach raibh Micheál riamh cheana sa cheantar d’éirigh leo an loch a aimsiú. Bhailigh Bairéad a lán ábhair uaidh. Deir sé: ‘Dhá mba scéal fada é nach bhféadfaí a inseacht i n-aon oíche amháin, an chéad oíche eile a rachthá aige, dhá mbeadh sé cúpla lá nó seachtain, nó fiú mí, thosódh sé ar an scéal aríst go díreach san áit ar stop sé chomh maith agus mara mbeadh ann ach sos chúig nóiméad.’ Níor phós sé agus bhí deirfiúr leis agus deartháir ag cur fúthu sa teach. Fuair siad sin bás roimhe agus naoi mbliana sula bhfuair sé féin bás thug sé mac le comharsa isteach mar oidhre aige agus thug an fear sin agus a bhean aire dó. D’éag sé ar 29 Deireadh Fómhair 1966. Tá sé curtha i reilig Leacach.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú