Tá eolas uirthi, mar aon le seanchas ilgnéitheach a bhailigh Tadhg Ó Murchadha (1896-1961) uaithi, in Béarrach Mná ag Caint, 1999, curtha in eagar agus cóirithe ag Máirtín Verling; is ar an eolas ansiúd atá an cuntas seo bunaithe. Is gnách ‘Drisceollaigh’ a chur mar chraobhainm leis na Mionachánaigh sin ar díobh í. Ba é Tadhg Ó Mionacháin, an Charraig, Doire Mhór i bparóiste Chill Chaitiairn (arb é paróiste na nAodhairí anois é), a hathair agus ba í Nóra Ní Rathaille ón gClaondoire a máthair. Deir Riobard Ó Duibhir, údar mór ar ghinealas Bhéarra, linn: ‘Margaret Minihane (an O’Driscoll branch-name in the Eyeries Parish) is either among a number of children who were never entered into the Baptismal records of the Eyeries Parish or there is an outside chance that she may have been the child baptised on May 24th 1862 whose name is so faded in the book now as to make it unreadable.’ Bhí seisear deartháireacha agus beirt deirfiúracha aici. D’fhreastail sí ar an scoil náisiúnta agus nuair a bhí sí ag dul in aois bhí sí in ann go fóill dánta Béarla a d’fhoghlaim sí ar scoil a reic os ard. Ní raibh sí in ann Gaeilge a léamh. Rinceoir maith ba ea í. Chloiseadh sí scéalta go leor óna hathair i dtaobh an ghorta. Phós sí Seán D. Ó Súilleabháin (Breac) ón nGoirtín, Dhá Dhrom Amuigh, in 1882; cleamhnas a rinneadh eatarthu agus bhí Seán píosa maith níos sine ná í. Ó Chiarraí a tháinig na Súilleabhánaigh seo go Dhá Dhrom i ndiaidh an Ghorta. Bhí trí dhuine déag clainne acu agus d’imigh aon duine déag díobh sin go Meiriceá, an chéad bheirt go Utah, beirt eile go Butte, Montana, agus seachtar go Boston. D’éag iníon léi ina hóige agus d’fhan mac amháin sa bhaile. Níor tháinig riamh abhaile as Meiriceá ach an t-aon duine amháin díobh. Bhí caoirigh acu agus dhéanadh siad an olla a chardáil iad féin agus le túirne dhéanadh Mairéad snáth olla le haghaidh cniotála. A gariníon Nóirín Ní Shúilleabháin (Bean Uí Éanaí) is mó a bhreac síos eolas ar shaol Mháiréid. Seo cuid dár scríobh sí i dtaobh an dua a bhain leis an olla: ‘They sold some of the wool in Kenmare which is about 20 miles from Ardgroom. I often heard her talk about the journey to Kenmare, leaving home in the dead of night, pony and cart and load of wool; the long tedious journey; getting out of the cart on the steep hills and pushing the cart to help the pony. They would stop for refreshments at “Denny’s Island”. This was a little wayside inn about four miles from Kenmare.... There they would stay until dawn when they would resume their journey to Kenmare for the market.’

Bhí a mac Micheál, agus cuid dá dheartháireacha, sna hÓglaigh. Chaith sé tamall i mbraighdeanas in Inis Píc agus mhúin Gaeilge ann do chuid dá chomhphríosúnaigh. Fuair Máiréad bás 2 Márta 1957 agus tá sí curtha i reilig Chill Mocheallóg in aice le Tuaith Siosta, Co. Chiarraí, ceantar a fir céile. Sna 1920idí a fuair seisean bás. Thug Tadhg Ó Murchadha cuairteanna uirthi go minic i rith 1950-52 agus is cuid ríthaitneamhach de leabhar Verling tuairiscí Thaidhg ar na cuairteanna sin.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú