Tá cuntas fada ag Pádraig Ó Macháin air in Decies 53, 1997 (‘Patrick Carmody, Irish Scholar’). Ag tagairt do dhaoine atá ligthe i ndearmad deir seisean: ‘Though minor figures in the eyes of many, to them and to others like them, is owed the survival of much of what is distinctive in the native culture of Co. Waterford.’ I gcás Uí Chearmada tá sin léirithe aige le cur síos ar: a chaidreamh le Seán Pléimeann, Muiris Ó Faoláin, Riobard Bheldon agus a theagmhálacha le Micheál Ó Foghludha [B2; 105], Domhnall Ó Fearchair, Pádraig Mac Piarais, Dubhghlas de hÍde; a mhéid a rinne sé chun dánta Bheldon a bhailiú agus a fhoilsiú; na hamhráin agus na lámhscríbhinní a bhailigh sé; a obair mar scríobhaí agus a bhfuil foilsithe aige in Irisleabhar na Gaedhilge.

Tá a bhfuil anseo thíos bunaithe ar aiste Uí Mhacháin. I gContae an Chláir a rugadh é; bhí 67 bliain d’aois aige i nDaonáireamh 1901 agus dúradh go raibh sé 75 bliain d’aois nuair a d’éag sé in Eanáir 1909. Ba iad Patrick agus Mary Carmody a thuismitheoirí. Dhealródh gurbh fheirmeoir an t-athair. Ní léir cé acu an t-athair nó an mac a d’iompaigh ina Phrotastúnach. Bhí gluaiseacht na mbíoblóirí láidir i gCorca Baiscinn. Phós Pádraig Catherine Cox i dteampall Eaglais na hÉireann i gCill Fhiarach, Cill Chaoi, 2 Aibreán 1856; máistir scoile i gCill Bhaile Eoghain, atá gar do Cheann Léime, ba ea é ag an am. Rugadh a gcéad leanbh, Samuel, i gCill na gCailleach, Cill Fhiarach, 12 Feabhra 1857. Is i bparóiste Thuaim Fhionnlocha idir Cora Chaitlín agus Droichead Abhann ó gCearnaigh, Co. an Chláir, a rugadh an dara mac um Shamhain 1857. Ag pointe éigin idir sin agus 1860 d’aistrigh an teaghlach go dtí Cill Rosanta, Co. Phort Láirge, agus bhí post ag Pádraig i scoil Eaglais na hÉireann i nDroichead Machan. Tá traidisiún ag a mhuintir go raibh sé freisin ina mhúinteoir baile ag iníonacha Grace Bean Fairholme, deirfiúr leis an taiscéalaí John Palliser (1807-87) ar leis eastát an Chomaraigh. Is sa Chomarach a rugadh an ceathrú mac agus an páiste deireanach in 1862. Tuairimíonn Ó Macháin go raibh tionchar ag Grace Fairholme ar an gCearmadach sa mhéid go raibh sí ina ball den Chumann Oisíneach ó 1859 go 1861 agus ina ball freisin de Chumann Ríoga Sheandálaithe na hÉireann. Ach, má bhí féin, ba mhó fós an tionchar a bhí ag Seán Pléimeann agus ag an Ab Muiris Ó Faoláin air. Tá de chosúlacht air go mba chainteoir dúchais Gaeilge é agus gurbh ón bPléimeannach a d’fhoghlaim sé scríobh na teanga. Tá 13 litir a scríobh sé chuig an Ab Muiris ar marthain. Comharsa leis ba ea Riobard Bheldon.

In Irisleabhar na Gaedhilge Uimh 26, Iml. 3, 1887 chuir an Pléimeannach trí véarsa d’amhrán le Diarmuid Ó Curnáin i gcló agus sa nóta a chuir sé leis dúirt sé: ‘Should any of our friends have a perfect version of the song, I would be very thankful for a loan of it for a day while making a copy of it.’ In Uimh. 27, 1887 tá leagan sé véarsa den amhrán i gcló aige agus deir sé: ‘This version has been taken down by Mr. Carmody, Comeragh Mills, county of Waterford, from the dictation of Patrick Hally, from whose singing the music was arranged by Miss Armstrong, of Comeragh.’ B’in é an chéad rud i gcló ag an gCearmadach agus ba é sin a spreag é chun amhráin agus lámhscríbhinní a bhailiú. Tá ábhar éigin díobh sa Leabharlann Náisiúnta. Chuir sé cóip de Eochair-sgiath an Aifrinn an Chéitinnigh chuig Pádraig Ó Briain nuair a bhí eagrán 1898 á úllmhú ag an bhfoilsitheoir sin agus is dóigh le Ó Macháin gurb é sin an ls sa Leabharlann Náisiúnta darb uimhir NLI MS G315; tá ainm Uí Chearmada leis agus an dáta 1891. In Irisleabhar na Gaedhilge, 33, Iml. 4 1889 tá i gcló aige ‘An Irish Sermon: “Ar Charthanachd, nó grád[h] ár g-Comharsan” a bhfuil an nóta seo leis: ‘Spoken about eighty years since by Father John Meany, P.P. of Kilrossanty, in the County of Waterford, and transcribed for the Gaelic Journal by Mr. Carmody, of Comeragh Mills, from a MS in the possession of Father Michael Casey, P.P., successor to Father Meany, in the parish and in the residence, Tigh na Sagart.’ Níl ach leath an tseanmóra i gcló san uimhir sin agus b’fhéidir go mbraithfí beagán den searbhas i míniú an eagarthóra: ‘Only one half of the Sermon is given in this impression. It was intended to give the whole, with a scanty glossary, but Professor Kuno Meyer, calling to the meeting of the Gaelic Union, reminded us that we had promised to pay special attention to the prepositional pronouns; in compliance with his wish, we have abridged the text in order to find room for the idiomatic meanings of these pronouns.’ An bhliain roimhe sin chuir Ó Cearmada chuig Ó Fearchair cóip den chaoineadh a rinneadh ar an Athair Ó Maonaigh. Rinne sé trí chóip de Forus Feasa ar Éirinn agus deir Ó Macháin: ‘What better way to demonstrate, to himself, at least, his progress and perseverance in writing, and to conform to a tradition which was clearly cherished by him, than to complete a copy of the “Forus feasa”?’ Agus cuireann sé an t-eolas seo leis: ‘The exemplar for all three copies was a manuscript written in 1750 by Diarmuid Ó Faoláin of Lismore.’

Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Chraobh Dhún Garbhán de Chonradh na Gaeilge 7 Bealtaine 1895. Bhí Eoin Mac Néill sa láthair chomh maith leis an Athair Micheál Ó hIceadha, Pádraig Mac Suibhne (1891-1936), Ó Fearchair agus Ó Foghludha.

Ní raibh Riobard Bheldon sách oilte ar scríbhneoireacht chun a dhéantús filíochta féin a chur ar phár ach dheachtaigh sé na dánta don Chearmadach agus dá charasan, Muiris Ó Faoláin, a chuir i gcló iad in An Sléibhteánach. ‘Carmody’s is the prime manuscript source for Weldon’s work, and much of what is in print may be inferred to have originated through his agency’ (Ó Macháin). Fuair bean Uí Chearmada bás 5 Iúil 1904. ‘Since disestablishment (1869) he had held the positions of Parochial Secretary, Church Warden and Treasurer in the Church of Ireland parish of Kilrossanty, Rossmire and Fews’ (idem). I ngeall ar dhrochshláinte d’éirigh sé as na poist sin um Márta 1907 agus d’éag sé i dTigh an Mhuilinn ar 8 Eanáir 1909. Pairilis ba thrúig bháis dó agus tá sé curtha i gCill Rosanta. Bhí Bheldon fós ina bheatha ach bhac rialacha a chreidimh air a bheith sa láthair. Mar a dúramar in B6 (lch 171) thug Pádraig Ó Macháin eagrán nua de dhánta Bheldon amach i 1995.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú