Agus é ag cur síos ar fheis i nDún Mánmhaí, Corcaigh, Lá Fhéile Pádraig 1898 scríobh Peadar Ó hAnnracháin in Fé Bhrat an Chonnartha, 1944 (lch 267): ‘Ministir de mhuintir Mhiller ó Chúil Cheileabhar..., fear go raibh an-spéis sa teanga aige, a bhí ina mholtóir i dteannta duine nó beirt eile, ar chuid de na comórtais.... Ós annamh a bhíodh ministrí ag cabhrú linn i ngnó na Gaeilge ba cheart moladh a thabhairt do Zacaraí [sic] Miller, an fear a bhí mar mholtóir ag an bhfeis sin agus a bhí ar feadh na mblianta fada i gCúil Cheileabhar. Chaitheas cúpla tamall ina thigh agus d’inis sé dom go mbíodh dánta diaga i nGaeilge á gcanadh aige féin agus ag a phobal uaireanta. É féin a d’aistrigh ó Bhéarla iad, agus siúd is nach rabhadar gan locht, is dócha, bhí moladh tuillte aige de bharr a shaothair.’

An cuntas sin a spreag Risteárd Ó Glaisne chun taighde. Arthur Miller ba ainm dá athair; ‘gentleman’ an cur síos a thug Zebulon air in a theastas pósta. Is dóigh gur de mhuintir Wright a mháthair; bhí déantóir bróg ban darbh ainm Zebulon Wright ag cur faoi i gcathair Chorcaí in 1809 (liosta díobh sin a bhí ag íoc as uisce píbe – le fáil ar an idirlíon). Bhuaigh sé duais Bedell sa Ghaeilge le linn dó bheith i gColáiste na Tríonóide ach níor bhain sé céim amach. Labhair Ó Glaisne le beirt de chairde Miller, an Canónach Darling agus a bhean, ar leo a chaith sé a bhlianta deiridh: ‘Dúirt siadsan gur oirníodh Miller gan céim léinn a bhaint amach i gColáiste na Tríonóide toisc go raibh ministéir a mbeadh Gaeilge aige ag teastáil – agus, ceart go leor, is dócha gurb í an Ghaeilge a bheadh mar ghnáththeanga ag formhór na ndaoine timpeall Bhaile Chaisleáin Bhéarra in ochtóidí na haoise seo caite.’ Oirníodh ina dheagánach é in 1882 agus ina shagart in 1886. Bhí sé ina churáideach i mBaile Chaisleáin Bhéarra 1882-90 agus i mBaile Múdáin i nDroichead na Bandan in 1890. Chuaigh sé go St. Edmund’s, Cúil Cheileabhar, in 1891 agus bhí ann go 1927. ‘ Mission district’ a bhí i gCúil Cheileabhar ó 1843 amach. Phós sé Mary Elizabeth Jones, iníon le John Jones, gníomhaire talún, Sráid Shannon, Droichead na Bandan, 3 Eanáir 1893 agus bhí triúr iníonacha agus beirt mhac acu. Phós an iníon mac le canónach de chuid Eaglais na hÉireann a chuaigh sna Dúchrónaigh agus a bhí ina fhear poist ar ball i lár tíre, dar leis an nGlaisneach. Bhíodh iomainn Ghaeilge agus paidreacha á múineadh ag Zebulon do na páistí scoile. Dúirt Aodh Ó Tuama [B5: 179] le Risteárd Ó Glaisne go mbíodh seirbhísí i nGaeilge ar siúl aige uaireanta i gCúil Cheileabhar. D’éirigh sé as cúram paróiste i 1927. Chaith sé tamall in Eochaill sula ndeachaigh sé chun cónaithe leis an gCanónach Darling agus a chlann i gcathair Chorcaí. D’éag sé ar 24 Lúnasa 1944 agus tá sé curtha i gCúil Cheileabhair. Dúradh an méid seo faoi in Church of Ireland Gazette 1 Meán Fómhair 1944: ‘Much regret will be felt by his many friends.... Until quite recently Mr Miller occasionally officiated in the diocese. Mr Miller was a distinguished Irish scholar and a fluent speaker of the language. By his passing one of the last remaining links with the past life of the diocese has been broken.’ (Ní cosúil gur foilsíodh léacht Uí Ghlaisne a bhfuil an méid thuas bunaithe air agus táimid buíoch de Cholette Ní Mhoitleigh a dhírigh ár n-aird air.)

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú