Bhí sé ina ollamh le stair agus le litríocht na hÉireann in Ollscoil Harvard, Massachusetts, Stáit Aontaithe Mheiriceá, Massachusetts, agus tuairimítear gurbh eisean thar aon duine eile a chuir tús i gceart le léann na hÉireann a bheith ina ábhar staidéir in ollscoileanna Mheiriceá (ach feic DUNN, Charles thuas). Tá cuntais air ag Charles Fanning in Selected Writings of John V. Kelleher on Ireland and Irish America, 2002; san Irish Times 17 Eanáir 2004 agus in ‘Harvard Gazette Archives’ ar an idirlíon. In Lawrence, Massachusetts, a rugadh é ar 8 Márta 1916; ba í cathair na n-imirceoirí í agus cúig theanga is daichead á labhairt ann ag daoine as breis is leathchéad tír, de réir dhaonáireamh 1910. Siúinéir a athair arbh as ceantar Mhaigh Chromtha dá mhuintir. B’as Éirinn dá sheanmhuintir go léir, agus an tseanmháthair ba dheireannaí a d’fhág Éire is i mbliain 1870 a shroich sí Meiriceá.

Chaith sé cúpla bliain ag siúinéireacht lena athair agus a uncailí chun go mbeadh costas an ardoideachais aige. Thug scoláireacht é go Coláiste Dartmouth. Cheana féin bhí cur amach níos mó aige ar Éirinn ná ag aon duine dá lucht teagaisc. Bhí sé ag foghlaim Gaeilge ó dhuine dá sheanmháithreacha agus ó shagart Agaistíneach a raibh gaol aige leis. Bhain sé céim le honóracha amach i 1939; ba é an t-aon chéim amháin aige é ach thug Harvard céim mháistir oinigh dó agus bhronn Coláiste na Tríonóide agus Ollscoil na hÉireann (Corcaigh) D.Litt air. Toghadh é ina Chomhalta Sóisearach in Harvard. Bhí sé ag staidéar ar an nGaeilge ann faoin Ollamh Kenneth Jackson. Is air a thit sé i bhfómhar 1942 Léachtaí Lowell a thabhairt i dtaobh litríocht na hÉireann. Chaith sé blianta an Chogaidh Dhomhanda ag scaoileadh rúnteachtaireachtaí Gearmánacha agus chaith tamall i seirbhís eolais an rialtais agus cúram dheisc na Cóiré air go sonrach.

Tar éis an chogaidh ceapadh é ina Ollamh le Nua-Stair agus Litríocht na hÉireann in Harvard. Ceapadh é ina dhiaidh sin ina Ollamh le Léann na hÉireann agus d’éirigh as an bpost sin i 1986. I 1946 thug sé cuairt ar Éirinn in éineacht le Richard Ellman (1918-87). Chuaigh sé timpeall na tíre ar rothar agus casadh cuid mhaith de scríbhneoirí Béarla na hÉireann air i mBaile Átha Cliath. Baineann cuid mhaith dá shaothar le Yeats agus Joyce agus bhí sé mar chomhairleoir ag John Huston nuair a bhí an scannán The Dead á stiúradh aige; ba é a chuir an teoiric chun tosaigh gur faoi anáil an tseanscéil Togail Bruidne Dá Derga a scríobh Joyce é. Ní léir gur spéis leis nualitríocht na Gaeilge.

Gheofar tuairim dá eolas ar an seanlitríocht, ar na hannála, ar chúrsaí ginealais, agus dá chumas mar aistritheoir sa cheathrú cuid de Selected Writings. Foilsíodh ailt leis in Ériu, Studia Hibernica, Celtica, Irish Historical Studies, Irish University Review agus North Munster Studies. Preas Dolmen a d’fhoilsigh Too small for stove wood, too big for kindling: collected verse and translations, 1979. In St Louis, Missouri, a bhí cónaí air ag am a bháis 1 Eanáir 2004. Phós sé Helen Caffrey i 1941 agus bhí ceathrar iníonacha acu. Bhí an tOllamh Maurice Harmon ar dhuine dá mhic léinn iarchéime agus bhí litir aige san Irish Times 8 Eanáir 2004: ‘Greatly admired by his colleagues at Harvard ... he left a lasting impression on all who knew him, or studied under him, for his comprehensive knowledge, prodigious memory and perceptive interpretations.’

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú