Aisteoir, cláirseoir, file, cantaire bailéad, léiritheoir scannán, nádúraí, seandálaí. . . ba ea an ball seo den Ord Oráisteach. Ba é an ceathrú mac agus an cúigiú duine clainne é ag Walter Scott Hayward (1855-1910), a bhfuil cuntas air in DNB freisin i ngeall ar an gcáil a thuill sé mar dhearthóir bád, agus Louise Elenor Robsin Ivy. Bhí sé in ann Gaeilge a labhairt. Rugadh é ag 21 Forest Road, Southport, Lancashire,ar 24 Deireadh Fómhair 1892. D’aistrigh a mhuintir go hÉirinn in 1894 agus chuir fúthu i Latharna ar dtús agus ansin in Inis Ghlas sa chontae céanna. D’fhreastail sé ar Scoil Ghramadaigh Latharna agus thosaigh ag obair i ngnó a bhain le dearadh agus deisiú bád, ach ba ghairid go raibh sé ag obair ar fud na hÉireann mar thaistealaí tráchtála i ngnó milseogra. Is ar an gcuma sin a chuir sé eolas sármhaith ar an tír. I 1915 a phós sé aint le G.B. Adams, Elma Nelson agus bhí cónaí orthu i gceantar Bhóthar Aontroma, Béal Feirste. Rugadh beirt mhac dóibh. Bhí dúil aige féin agus a bhean sa drámaíocht amaitéarach agus chuaigh sin chun tairbhe dó nuair a bunaíodh BBC Thuaisceart Éireann i 1924. Deirtear gurbh é a scríobh an chéad dráma fada dár craoladh (A Trip to the Isle of Man, 1925) agus gurbh eisean ba thúisce a bhíodh ag craoladh chanúint Bhéarla Uladh. Deirtear gurbh é a stiúraigh an chéad scannán fuaime dár rinneadh in Éirinn. Timpeall an ama chéanna tugadh aitheantas dó mar amhránaí traidisiúnta bailéad; faoi 1950 bhí cuid mhaith ceirníní déanta aige. Bhí sé ar dhuine de cheannródaithe na scannánaíochta in Éirinn freisin agus luaitear The Voice of Ireland (1932) agus The luck of the Irish (1935). Bhíodh sé ag aisteoireacht freisin agus bhí ról beag aige in The Quiet Man (1952). Scríobh sé úrscéal, The Sugarhouse entry, 1936.

Ach is i ngeall ar na leabhair taistil a chuir pobal mór na hÉireann aithne air. Is léir orthu an gean a thug sé don tír agus an spéis a bhí aige sa Ghaeilge agus sna logainmneacha. Is dóigh gurbh é an scríbhneoir leabhar taistil ab aitheanta in Éirinn a linne é. Ba é Where the river Shannon flows, 1940 an chéad leabhar díobh agus ina dhiaidh bhí: The Corrib country, 1943; This is Ireland: Leinster, 1949; In the Kingdom of Kerry, 1950; Ulster, 1950; Connacht, 1952; Mayo, Sligo, Leitrim and Roscommon, 1955; Munster and the city of Cork, 1964. Leabhar eile leis is ea The story of the Irish harp, 1954. Ó 1944 amach bhí sé ina bhall den Belfast Naturalists’ Field Club agus bhunaigh sé féin agus G.B. Adams an Roinn Béaloideasa agus Canúna mar chuid den Chlub. Fuair a bhean Elma bás i 1962 agus phós sé ansin Elizabeth Gamble. Maraíodh é i dtimpiste bóthair 13 Deireadh Fómhair 1964 in aice leis an mBaile Meánach, Co. Aontroma.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil sa Dictionary of Ulster Biography anseo »

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú