Aistritheoir agus scríbhneoir. Scríobh a dheartháir, Ned Dundon, cuntas air in Limerick Leader 5 Samhain 1955. Rugadh é 27 Eanáir 1894 i gCaisleán na Cúirte in Eachinis, Co. Luimnigh, mar a raibh dhá theaghlach eile de mhuintir Dundon. Ba iad William Dundon agus Bridget Nealon a thuismitheoirí. Saor cloiche ba ea William agus bhí cúigear leanaí aige faoin am a rugadh Micheál. I nDaonáireamh 1901 ní raibh Gaeilge ag aon duine sa teach ach amháin ag Michael Nealon, athair Bridget, a raibh 78 bliain d’aois aige. I nDaonáireamh 1911 dúradh gur trí dhuine déag a rugadh don lánúin agus gur mhair aon duine déag díobh, ochtar mac agus triúr iníonacha. Bhí Gaeilge ag an seachtar ba shine. A uncail Pat Dundon, a dúirt i 1911 go raibh Gaeilge aige, ba thúisce a chothaigh a spéis sa léitheoireacht agus sa léann. Tar éis bunoideachais i mBairrgeoin bhuaigh sé scoláireacht go Coláiste an Chorráin, Luimneach. Bhí turas daichead míle le déanamh aige ar rothar, ar thraein agus dá chois gach lá. Fuair sé an chéad áit sa Laidin i Ríocht Aontaithe na Breataine agus Éireann i scrúdú an Preparatory Grade. Is scoláireacht arís a thug é go dtí an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus rinne sé staidéar ar an nGaeilge ann faoi Dhubhghlas de hÍde; an Fhraincis agus litríocht an Bhéarla an dá ábhar eile aige sa BA i 1915. Ghnóthaigh sé céim mháistir sa Ghaeilge i 1918. Chruthaigh sé go maith mar lúithnire timpeall an ama sin agus bhuaigh craobh de chuid na hollscoile sa dornálaíocht.

Bhí sé tamaill ag múineadh i scoil na mBráithre sa Mhuileann gCearr agus i gColáiste Mhuire ar an gCnoc Beag i gCeatharlach sular ceapadh é ina chigire bunscoile i 1924. Mhaígh a dheartháir gur bhain sé an chéad áit sa chomórtas sin. Níl a fhios cad a thug air an post a fhágáil tuairim 1945, tamall de bhlianta sula raibh sé i dteideal pinsin. Chaith sé fuíollach a shaoil ag múineadh i Sasana. Fuair sé bás ar 10 Deireadh Fómhair 1955, thart ar mheán lae agus é ina shuí ina chathaoir uillinn ag léamh. Cuireadh é in Leystone, Londain. Essie ba ainm dá bhean agus bhí cónaí orthu ag 63 Balfour Road, Ilford.

D’aistrigh sé drámaí don Ghúm: An casán garbh, 1944 (dráma le George Shiels); ‘Dearc ar na hIfernánaigh!’, 1944 (Look at the Heffernans le Brinsley McNamara); An scáth agus an amhmhaoin, 1945 (Shadow and substance le Paul Vincent Carroll); Na cnuic i gcéin, 1952 (The faraway hills le Lennox Robinson); Searc sparáin, 1945 (Cupboard love le Bernard Duffy); Saidhbhreas gan sonas, 1945 (The money doesn’t matter le Louis D’Alton). Bundráma is ea Lán béil na laoi, 1954 ach níl sé i measc na ndrámaí a cheadaigh Pádraig Ó Siadhail in Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900–1970, 1993 agus ní léir gur foilsíodh é. Chuir sé Gaeilge ar scéal le Kenneth Reddin faoin teideal An tromán bláth-gheal, 1947 (The white bolle-trie). Bun-úrscéal is ea Cnámha na péacóige, 1945; luann Alan Titley an teideal in An tÚrscéal Gaeilge ach níl sé i measc na n-úrscéalta a ndéanann sé trácht orthu. Don aos óg scríobh sé dosaen leabhar faoin lorgaire Mic Bric: An fichillín, 1953; Crannchur an bháis, 1953; Fiacal na faille, 1953; An siúlóir, 1954; Dúnmharbhadh ar an mál-bhád, 1954; Oileán na gComhrann, 1955; Snáthaid i stáca féir, 1955; An dall, 1954; Mic Bric leonta, 1956; Trí dúnmharfa go leith, 1956; Séamus de Bhál & Mic, 1956; Siocair le dúnmharú, 1962.

Sa Limerick Leader deir a dheartháir gur bhailigh sé focail don Duinníneach ach níl sé luaite ina meascsan ar ghabh an foclóirí buíochas leo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú