BECKETT, Colm (1924–2004)
Le caoinchead ó Anna Beckett

Tá cuntas iarbháis ar an scoláire / scríbhneoir Gaeilge seo ag Fionntán de Brún in An tUltach, Feabhra 2005. Dhealródh sé gur le hEaglais na hÉireann a bhain muintir Beckett fadó ach gur iompaigh seanathair Choilm, Thomas Beckett i Lios na gCearrbhach, Co. Aontroma, ina Chaitliceach Rómhánach. Col seachtair an gaol a shíltear a bhí ag Colm le J.C. Beckett, staraí. A athair Seán Beckett, múinteoir bunscoile, duine d’fhoireann teagaisc Ardscoil Bhéal Feirste i dtús an 20ú haois, a chothaigh a shuim sa teanga. Ba í Catherine Bryson ó cheantar Bhealach Féich, Co. Dhún na nGall, a mháthair. An raibh gaol acu le Sam Beckett? Deir Anna Beckett, deirfiúr le Colm, gur mar ghreann a luann Fionntán de Brún é: ‘Both Colm and my father bore a remarkable physical resemblance to Samuel and indeed both of them admired his work and shared to some extent his quirky sense of humour. Beyond that, we have no facts about any relationship’ (litir chuig údair an chuntais seo). Deirfiúr eile leis is ea Mary Beckett (1926–), scríbhneoir aitheanta Béarla (tá cuntas uirthi féin agus ar a saothar ag Robert Hogan in Dictionary of Irish literature, an dara heagrán, 1996). Aon deartháir amháin a bhí ag Colm.

In Ardán Alameda i gceantar Bhóthar na bhFál, Béal Feirste, a rugadh Colm ar 2 Márta 1924. Go luath ina dhiaidh sin ceapadh a athair ina phríomhoide i Scoil an Chroí Ró-Naofa agus b’éigean dóibh aistriú go dtí an paróiste sin agus is i gceantar Cliftonville a tógadh é agus a chaith sé a shaol. B’fhéidir a rá gurbh é an teach 48 Cabhsa Knutsford, teach a bhí ag an sagart paróiste rómpu, a áit chónaithe ó thosach deireadh. I ndiaidh bunoideachais i scoil a athar d’fhreastail sé ar Choláiste Maolmhaodhóg. Cháiligh sé mar bhunmhúinteoir agus chaith seal i Scoil Naomh Maitiú. D’aistrigh sé ina dhiaidh sin go Coláiste Maolmhaodhóg. Sa Cheiltis a fuair sé an BA in Ollscoil na Ríona. Bhain a thráchtas máistir le prós Aodha Mhic Dhomhnaill agus d’fhoilsigh An ClóchomharFealsúnacht Aodha Mhic Dhomhnaill, 1967. Tá anailís domhain sa leabhar ar chanúint Ghaeilge na Mí. Bhí ‘Príomhstair an Stocáin le hAodh Mac Domhnaill (1802–1867)’, cuntas ar ‘aithrí’ Mhic Dhomhnaill, i gcló aige in Éigse, geimhreadh 1972. Chuir sé roimhe ansin dánta Mhic Dhomhnaill a fhoilsiú agus ba chuid de shraith Éigse Oirialla é Aodh Mac Domhnaill: Dánta, 1987. Chuir sé péire de leabhráin Bhéarla i dtaobh an Domhnallaigh amach an bhliain chéanna. Ar feadh an ama go léir bhí sé ina mhúinteoir Gaeilge i gColáiste Maolmhaodhóg, post nár fhág deis aige a bheith ag gabháil d’obair scolártha. Chuaigh sé amach ar a phinsean i 1990 agus bhí ag obair ar a thráchtas dochtúra anuas go 1995 (‘Staidéar ar fhoclóir lámhscríofa Béarla-Gaeilge Roibeaird S. Mhic Ádhaimh’). D’éag sé ar 30 Samhain 2004 i dTeach Altranais Clifton agus ba é a sheoladh go fóill 48 Cabhsa Knutsford. Tá sé curtha i reilig Bhaile an Mhuilinn.

Deir De Brún gur mar shármhúinteoir Gaeilge a bheidh cuimhne ag go leor daoine air: ‘...bhíodh sé chomh cúramach dícheallach ag teagasc bun-Ghaeilge do ghasúir óga agus a bhíodh sé agus é ag míniú fhilíocht Oirialla do dhaltaí an Ardleibhéil. Ba phléisiúr againn é bheith ag éisteacht leis ag trácht ar fhilíocht Mhic Cumhaigh agus Uí Dhoirnín, ábhar a bhí deas go maith dá chroí...’. Bhaineadh sé taitneamh as a bheith ag siúl bhóithre na cathrach. ‘Chonacthas dom gur mhinice a d’fheictí é ag siúl an bealach a théadh Aodh Mac Domhnaill idir Millfield agus teach cónaithe Roibeaird Mhic Ádhaimh i gCearnóg an Choláiste, agus, ar ndóigh, bhí ciall leis sin’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú