Tá cuntas uirthi ag Risteárd Ó Glaisne in Coláiste Moibhí, 2002. I nDomhnach Mór, tuairim míle slí ó Dhún Ard, Co. Chill Mhantáin, a rugadh í 14 Bealtaine 1918. Fear gnó ba ea a hathair Frederick John Allen agus bunmhúinteoir ba ea a máthair Ellen James. D’éirigh an t-athair tinn nuair a bhí Gleadas agus a haondeirfiúr, Enid, óg agus b’éigean do Ellen dul ar ais ag múineadh scoile. Chaith Gleadas tamall i Scoil Preston san Uaimh sular thosaigh sí i gColáiste Moibhí, coláiste ullmhúcháin Eaglais na hÉireann, agus bhí Lil Nic Dhonnchadha ar dhuine dá hoidí ann. As sin chuaigh sí go dtí an Coláiste Oiliúna i bPlás Chill Dara i 1937. Bhain sí céim amach i gColáiste na Tríonóide i 1942 agus céim mháistir ar ball. Thosaigh sí ag múineadh i gColáiste Mobhí tamall i ndiaidh 1942. Ceapadh ina Príomhoide í, i gcomharbhacht ar Lil Nic Dhonnchadha, i 1951. Cuireadh deireadh le Coláiste Mobhí mar choláiste ullmhúcháin i 1968; mhair sé níos faide ná na coláistí eile agus ó shin amach ba choláiste sóisearach é de chuid Choláiste Oideachais Eaglais na hÉireann. Ceapadh Gleadas ina Leas-Phríomhoide ar an gcoláiste agus bhí sí fós ina Príomhoide ar Choláiste Mobhí. Bhí sí ina huachtarán ar Oireachtas 1979. D’éag sí 3 Nollaig 1986 agus tá sí curtha i reilig Áth na Sceire, Co. Chill Mhantáin.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú