‘Flat’ agus ‘Tats’ a thugtaí ar bheirt de na múinteoirí Gaeilge ba nótáilte i scoileanna na mBráithre, an fear seo agus Micheál Ó Tatháin. Tá cuntas iarbháis air ag A. P. Caomhánach in Christian Brothers’ Educational Record. Sa Ghoirtín Mór, Béal Átha hAmhnais, Co. Mhaigh Eo, a rugadh Michael Columba Flatley 1 Samhain 1902. Múinteoirí i scoil náisiúnta Bhreac Luain ba ea a thuismitheoirí, Tom Flatley (d’éag 1909) agus Kate Hannon agus bhí feirm bheag acu freisin. Ní raibh Gaeilge acu agus ní raibh Gaeilge á múineadh sa scoil. Bhí beirt deirfiúracha agus triúr deartháireacha aige. Bhí traidisiúin na múinteoireachta ag muintir an athar—múinteoirí ba ea ceathrar eile sa teaghlach. Is i scoil na dtuismitheoirí a fuair sé bunscolaíocht. Chuaigh sé isteach sna Bráithre Críostaí i gColáiste Iósaif, Baile Dúill, Baile Átha Cliath, i 1917 agus glacadh leis mar nóibhíseach i gColáiste Naomh Muire, Marino i 1918. Sabas an t-ainm a tugadh dó ach tar éis tamaill ligeadh i ndearmad é. Chaith sé tamall ó 3 Eanáir 1920 ag múineadh sa Mhainistir Thuaidh i gCorcaigh; bhí A.S. Ó Maoil Eoin ar an bhfoireann ann lena linn. Tréimhse shuaite sa chathair ba ea í agus thug Dúchrónaigh ruathar ar an mainistir lá. Chuir sé lena chuid Gaeilge le linn dó bheith i gCorcaigh—ba é Seán Tóibín a bhí ag na Bráithre mar mhúinteoir tamall. D’fhreastalaíodh sé ar ranganna Gaeilge le linn dó bheith ar saoire i Ráth an Bharraigh i gContae Chorcaí. Sna blianta 1921 agus 1922 d’fhreastail sé ar an gcúrsa a chuir Pilib Ó Foghlú [B6 lch 191] ar fáil sa Trá Mhór. Chaith sé tamall ar saoire in Aird Mhór, breac-Ghaeltacht ag an am. Bhain sé teastas amach i gColáiste na Rinne. ‘From then until the end of his life he never ceased to seek, to search, to analyse and to add to his store of phrases, idiomatic expressions, and quotable lines of prose and poetry, and to wonder at the Christian mystical content that this ancient Celtic language contains . . .. He maintained that it was during his walks with Pilib in the evenings that he got a very good grasp of the spoken language. There were few people in the country that could converse so fluently in any of the dialects, and that had such a profound knowledge of all aspects of the language as Micheál S. Ó Flaitile.’

Bhí sé tamall in Inis Córthaidh sular ceapadh é ina ardmháistir ar scoil Phort Uí Shúilleabháin i gCorcaigh. Toisc a fheabhas a bhí Gaeilge aige ba é a bhí ag déileáil leis an Roinn Oideachais nuair a cheangail na Bráithre le córas bunoideachas an stáit i 1925. Chaith sé tamall i Scoil Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath agus is ansin a thug sé a phroifisiún deiridh. As sin chuaigh sé go Cathair Saidhbhín: i measc a dhaltaí ansin bhí an scríbhneoir Sigerson Clifford a chum ‘Brother Mick’ (in Ballads of a Bogman) ina onóir. Bhí sé ar na chéad Bhráithre a fuair ollscolaíocht. Bhain sé céim le honóracha amach sa Ghaeilge agus sa Laidin i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe; faoi Thomás Ó Máille a rinne sé staidéar ar an nGaeilge. Bhí sé páirteach sa Chumann Éigse is Seanchais ann. I 1931 bhuaigh sé scoláireacht Theach an Ardmhéara sa Ghaeilge agus i 1934 is staidéar ar na canúintí faoi Dhubhghlas de hÍde agus Cormac Ó Cadhlaigh a rinne sé dá chéim mháistir. Thug sé cuairteanna ar gach ceantar Gaeltachta agus ar na háiteanna i gContae an Chláir mar a raibh an teanga le cloisteáil go fóill.

I 1931 bhí sé féin agus an Bráthair Micheál Ó Tatháin ar bhunaitheoirí Choláiste Mhuire, Baile Átha Cliath. Bhíodh foirne maithe drámaíochta aige ann agus is minic a bhuaigh siad an chéad duais ag Féile Drámaíochta na Scol. Aistríodh as sin é go Coláiste Chaoimhín, coláiste ullmhúcháin i nGlas Naíon. Bhí sé ar bhunaitheoirí an choláiste sin freisin. Chaith sé sé bliana ann: ‘Here for the next six years he spent perhaps the most happy and contented period of his life. He was teaching boys from the various Gaeltacht areas of the country. He promoted all kinds of activities through the medium of Irish, the home language of the students. With the help of the boys, he composed radio plays and programmes and had them produced regularly on the national radio station of 2RN and later on Radio Éireann.’ Deir A.P. Caomhánach freisin: ‘It could be truthfully said that there were few more qualified to become a founding member of the two Irish-speaking colleges, Coláiste Mhuire and Coláiste Chaoimhín, than Micheál S. Ó Flaitile.’ Druideadh an coláiste ullmhúcháin i 1939 agus aistríodh Ó Flaitile go Luimneach. As sin chuaigh sé go Dún Garbhán, ansin go Trá Lí, go Cnoc Síon i bPort Láirge, go Plás Mhuire i mBaile Átha Cliath agus go Coláiste Mhuire i mBré. Chaith sé seacht mbliana déag i Scoil Uí Chonaill. D’eagraigh sé cúrsaí sa Spidéal dá mhic léinn agus do dhaltaí as scoileanna eile. Bhí sé ina uachtarán ar Ógra Éireann agus ina eagarthóir ar An Réiltín, iris Ógra; gheofar cur síos ar chuid dá ndearna sé ar mhaithe le hÓgra ag an mBráthair M.F. Ó Catháin in Gníomhartha na mBráithre: aistí comórtha ar Ghaelachas na mBráithre Críostaí, 1996 in eagar ag Micheál Ó Cearúil. Chaith sé na blianta deireanacha i dteach altranais na mBráithre i mBaile Dúill agus is ann a d’éag sé 5 Deireadh Fómhair 1986.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú