Bhí cáil air ó na 1920idí amach mar amhránaí, mar aisteoir agus mar phearsa raidió. Tá buneolas air in Who’s Who, What’s What and Where in Ireland, 1973 agus déantar an cur síos seo air ann: ‘Singer, actor, director in theatre, television, concert platform, opera, oratorio, films since 1948...’. Tá cuntas in Scéala Éireann 13 Bealtaine 1950. Sa Ghráinseach, Mainistir Fhear Maí, Co. Chorcaí, a rugadh é 6 Deireadh Fómhair 1922. Ba é an leanbh ab óige é den dáréag a bhí ag Patrick Joseph Dempsey, oibrí feirme, agus Annie McGrath. D’imigh an chuid eile den teaghlach go Sasana agus go Meiriceá. Is le linn dó a bheith i Meiriceá le compántas ceoltóirí a casadh beirt de na deartháireacha ba shine air den chéad uair; bhí siad imithe ann sular rugadh é. Máirtín an t-aon duine sa teaghlach a d’fhreastail ar mheánscoil. Cailleadh an mháthair nuair a bhí sé 12 bliain d’aois agus d’éag a athair trí bliana ina dhiaidh sin. Múinteoir i scoil náisiúnta na Gráinsí, fear de mhuintir Dhíomsaigh a raibh Gaeilge aige, a mhisnigh Máirtín chun cur isteach ar scoláireacht le dul go Coláiste Cholmáin. Ní raibh d’éadach aige ag dul isteach dó ann ach a raibh air ach chaith údarás an choláiste go tuisceanach carthanach leis. Bhuaigh sé mórchuid duaiseanna ann. Den 16 sa rang bhí 15 ag dul le sagartacht ach Máirtín a bhuaigh Duais an Easpaig sa teagasc críostaí gach bliain! Ní raibh aon duine fágtha le dul abhaile chuige agus chaitheadh sé saoire an tsamhraidh lena dheartháir i Londain go dtí gur thug máthair dhuine dá chomhscoláirí, Annrachánach ó Dhrom Dá Liag, cuireadh abhaile dó agus ba leis an teaghlach sin a chaitheadh sé laethanta saoire feasta. Ó 1941 go 1964 bhí sé ina Ard-Oifigeach Feidhmiúcháin sa státseirbhís, é tamaill sa Roinn Talmhaíochta agus sa Roinn Oideachais sula ndeachaigh sé go Coimisiún na Talún. Ghnóthaigh sé céim de bharr freastail ar an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, san oíche. D’éirigh sé as an bpost i 1964 chun a dhúthracht iomlán a chaitheamh leis an amhránaíocht agus an aisteoireacht.

Ba bhall é de Chraobh an Chéitinnigh, Conradh na Gaeilge, agus bhí sé ar dhuine de na haisteoirí ba chumasaí dá raibh sa ghrúpa cáiliúil, Aisteoirí Chéitinn, grúpa a léiríodh drámaí go minic in Amharchlann na Mainistreach agus sa Phéacóg faoi scáth an Chomhair Drámaíochta. Ar feadh i bhfad bhí imeachtaí drámaíochta na craoibhe faoi chúram Mháirtín. Scríobh sé agus léirigh drámaí agus d’aistrigh drámaí ón mBéarla agus tá cuid díobh a stáitsíodh in Amharclann Damer liostaithe ag Pádraig Ó Siadhail in Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970, 1993: Áirneán (bundráma i gcomhar le Gearóid Ó Tighearnaigh) 14-19 Samhain 1955; Olc maith (aistriúchán ar shaothar le Philip Johnson) 14-19 Samhain 1955; Scáth a chéile (bundráma) 23 Feabhra—1 Márta 1958); An maor fallsa (bundráma i gcomhar le Gearóid Ó Tighearnaigh) 13-18 Deireadh Fómhair 1958; Soir siar (ilsiamsa) 7-17 Nollaig 1960; Castar na Daoine (aistriúchan ar shaothar le Stuart Ready) 23-28 Feabhra 1959. Bhí baint aige leis an leagan Gaeilge de La boheme a léiríodh sa Taibhdhearc agus bhí príomhpháirteanna aige sna ceoldrámaí a scríobh Éamonn Ó Gallchobhair. D’eagraíodh sé glóir-réimeanna; chuir sé Dráma Páise ar siúl i gCaiseal. Bhí staidéar ar an gceol déanta aige faoi threoir Sidney Russell agus Jay Ryan agus bhí sé in ann ceolfhoireann a stiúradh. Is iomaí sin dráma teilifíse de chuid RTÉ a raibh rólanna aige iontu. ‘Uime sin tá aithne chuí agus ómós ag dul dó i ngach gné den chantaracht, idir throm-opera, cheoldrámaí éadroma, sean-nós agus rabhcánaíocht’ (Scéala Éireann). Thugadh sé ceachtanna amhránaíochta, aisteoireachta agus urlabhraíochta. Bhí baint aige le clár urraithe Walton ar Radio Éireann. Bhí cáil air mar fhear soineanta cuideachtúil ach ní óladh sé deoch agus ní chaitheadh tobac. Bhí sé pósta ar Frances Jane Hackett, bean a bhí gaolmhar leis an gcumadóir John Field agus ar sheanuncail léi W.P. Field, M.P. Bhí ceathrar iníonacha agus triúr mac acu. D’éag sé 23 Samhain 1998.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú