Scríobh sí saothar a bhí ceannródaíoch ag am a fhoilsithe, Pádraic Ó Conaire, 1947. In Éadan Doire, Co. Uíbh Fhailí, a rugadh í ar 30 Samhain 1908 agus ba iad a tuismitheoirí Thomas Nevin, caibinéadaire cliste ó Chaiseal, agus Alice Higginson ó Ross-on Wye. Bhí cúigear deartháireacha aici, ar duine díobh Donal Nevin, ceardchumannach nótáilte, agus beirt deirfiúracha. Thugadh a cheird Thomas ó mhonarcha go monarcha i Sasana agus in Éirinn. D’fhág sin gurbh i mBriostó a rugadh an deartháir ba shine, Thomas, ollamh le Fisic Thurgnamhach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, 4 Deireadh Fómhair 1906. Bhí Éadán Doire agus cathair Chill Chainnigh agus Luimneach i measc na n-áiteanna eile ar chaith an teaghlach tamaill iontu. Is i gCill Chainnigh a chuaigh Áine ar scoil ar dtús i 1912 (Stáis a thugtaí uirthi go coitianta agus sin é an t-ainm atá uirthi i bhfógra báis an Irish Times 17 Samhain 2001) sular aistrigh an teaghlach go cathair Luimnigh mar ar fhreastail sí ar Chlochar na Toirbhearta. Cháiligh sí mar mhúinteoir i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach, agus bhí ag múineadh ar feadh na mblianta i gClochar na Toirbhearta sa chathair sin agus bhí ina leas-phríomhoide ann ar deireadh.

De réir an chomhaid sa Ghúm thosaigh sí ar thairiscintí a chur faoina mbráid i 1931. Bhí dúil ar leith aici sa drámaíocht scoile agus foilsíodh a haistriúcháin ar dhrámaí: Gogaille Gó, 1944 (Goose Chase le Mabel Constanduros agus Howard Agg); An Breitheamh Ó Loingsigh, 1944 (Judge Lynch le Laurence Housman); An tOthar, 1946 (The Injured le Violet M. Methley);Breacóg, 1945 (Freckles le Violet M. Methley); Rathmhartach agus casann, 1945 (Fortunatus and Cassandra le Githa Sowerby); Lá deiridh an téarma, 1947 (The last day of term le H.M. Paull). Bundrámaí léi is ea: Tar éis a tuigtear, 1945; An Bhrionglóid, 1945; Agus ansan—?—?, 1946; Meascán mearaí, 1946. Chuir sí a leabhar ar Phádraic Ó Conaire isteach i gcomórtais liteartha an Oireachtais agus roinneadh an duais ar Chriostóir Mac Aonghusa agus uirthi féin; bronnadh Duais an Chraoibhín uirthi. Phós sí Séamus Bowman (d’éag 1985) ó Phailís Ghréine, Co. Luimnigh, i 1946; ní raibh sliocht orthu. D’éag sí ar 16 Samhain 2001 agus tá sí curtha i Reilig Mount St Lawrence, Luimneach. Bhí a deartháir Thomas pósta ar Monica Morrissey, ar dheirfiúr léi Máirín Ní Mhuiríosa agus ar chol ceathar léi Máire Ní Mhuirgheasa.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú