An Bráthair Críostaí seo a scríobh Beirt Síoladóirí, Eoghan Ó Comhraidhe agus Seán Ó Donnabháin, 1947; níl a ainm leis mar ba rud é nach ligeadh na Bráithre ag an am. Mar thráchtas doctúireachta a rinne sé an taighde ba ghá. Ag 8 Sráid Morley, Port Láirge, a rugadh é. Chuaigh sé isteach sna Bráithre i 1922 agus rinne a phroifisiún deiridh i 1931. Ó 1924 ar aghaidh bhí sé ag múineadh anseo is ansiúd in Éirinn: Baile Átha Cliath, Corcaigh, Bré, Baile Dhúill, Dún Laoghaire, Inis Córthaidh. . . . Chaith sé tréimhse sna 1950idí ina ollamh le Gaeilge i gColáiste Iona, Nua-Eabhrac. Chaith sé tréimhse ina Bhiocáire Ginearálta san ord. Ní áirítear é i measc na mBráithre úd a bhí tiomanta chun an Ghaeilge a chur chun cinn. D’éag sé ar 20 Nollaig 1995.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú