Múinteoir meánscoile ba ea an scoláire seo ar fhoilsigh Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath a leabhar The Irish of Erris, Co. Mayo: a phonemic study, 1968. Sa Ráth Dubh, Impir, dhá mhíle déag siar ó thuaidh ón Muileann gCearr agus i bparóiste Bhaile an Mhuilinn, Co. na hIarmhí, a rugadh é ar 31 Lúnasa 1907; tá trácht aige ar shuíomh na háite sin agus ar bhrí an ainm san aiste ‘Imper unde nominatur?’ (Dinnseanchas 2, 1965). Mhaíodh sé go raibh lua ar a mhuintir i ndaonáireamh 1659 i mbarúntacht Ráth Conarta san Iarmhí faoin gcruth ‘Knally’. Ba é an duine ba shine é de cheathrar buachaillí agus aon deirfiúr amháin. Is mar seo a bhí an teaghlach i nDaonáireamh 1911: Bernard Nally, feirmeoir, a bhean Mary Kenny, Edward V. (3) agus Michael (mí d’aois); san Iarmhí a rugadh idir thuismitheoirí agus leanaí agus ní raibh Gaeilge acu.

Tar éis bunscolaíochta in Impir cuireadh go dtí Scoil Éanna, Ráth Fearnáin, é nuair a bhí sé 14 bliain d’aois. I 1927 fuair sé B.A. sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, le honóracha den chéad scoth sa Ghaeilge agus sa Bhéarla; an Laidin a bhí mar ábhar breise aige. Ghnóthaigh sé an H.Dip. in Ed. an bhliain dár gcionn. Chaith sé bliain ag múineadh sa Mhuileann gCearr agus ina dhiaidh sin, go ndeachaigh sé ar pinsean i 1970, bhí sé ag múineadh Gaeilge agus Laidine i gcoláiste Bhráithre de La Salle i gCaisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo. Ba é Impir, Co. na hIarmhí, a bhuanseoladh ar feadh an ama sin go léir agus is ann, lena dheartháir, feirmeoir ar bhaitsiléir é, a chaith sé a bhlianta deiridh. Bhí spéis mhór aige sna focail Ghaeilge a bhí le cloisteáil i mBéarla na hIarmhí lena linn agus i 1971, faoin ainm E.V. Nally, d’fhoilsigh sé alt ina dtaobh in Journal of the International Phonetic Association.

Bhí spéis ar leith aige i gcanúintí na Gaeilge, sa bhéaloideas agus i logainmneacha. In Béaloideas IX, 1939 bhí ‘Sean-sgéalta ó iarthar Iorruis’ i gcló aige. Ó 1940 amach bhíodh ailt, amhráin agus nótaí aige in Éigse agus is air a d’iarr eagarthóir na hirise sin léirmheas a scríobh ar The Irish of Cois Fhairrge, 1944 le Tomás de Bhaldraithe. Tá gearrthuairisc ar Éamonn ag Marian Keaney in Westmeath authors: a bibliographical and biographical study, 1969 agus tá tagairtí dó in Connaught Telegraph 4 Meitheamh 1970 agus 18 Meitheamh 1970. Deir Keaney: ‘He is also interested in livestock and cattle-breeding.’ In de La Salle Centenary Yearbook (1888-1988) tugann Des McHale, scríbhneoir grinn, cuntas ar a chumas mar mhúinteoir agus ar na ciútaí cainte a chaitheadh sé leis na daltaí; ba ghnách leis gach fuinneog a bheith oscailte aige sa seomra scoile agus, dar le McHale, ‘often taught from outside the window to ensure the freshest of air’. Deir a neacht, Rosalie Prendergast, le húdair an chuntais seo: ‘He was a tall man with a towering presence. He loved fresh air, walking, cycling, plants and the countryside. In fact he recoiled from all modern technology including motor cars ...’. D’éag sé ar 25 Lúnasa 1993. Níor phós sé. D’fhág sé a chuid páipéar le huacht ag Acadamh Ríoga na hÉireann (Irish Library News, Márta 1994).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú