MAC RAOIS, Breandán (1918–1989)

I mBéal Feirste a rugadh é ar 31 Márta 1918. Bhí teach tábhairne sa chathair sin ag a athair Patrick McCreesh; ba í Margaret Muldoon a mháthair agus seachtar leanaí a bhí ag an lánúin. Cailleadh an t-athair nuair nach raibh ach aon bhliain déag slán ag Breandán agus d’éag a mháthair nuair a bhí sé sé bliana déag d’aois. Bhí sé ag freastal ar scoil de chuid na mBráithre Críostaí agus is ann a d’fhoghlaim sé Gaeilge. Fuair sé post státseirbhíse i mBaile Átha Cliath nuair a bhí sé seacht mbliana déag agus is i Roinn na gCoimisinéirí Ioncaim a bhí sé nuair a d’éirigh sé as obair i 1980. Ar feadh 51 bliain bhí sé ina bhall de Léigiún Mhuire agus bhí ina bhall den Réalt nach mór ó bunaíodh é. Sa Léigiún a casadh air a bhean Cáit Harford, arb as an Muileann gCearr di. Le Gaeilge a thóg siad a dtriúr iníonacha. D’éag sé ar 5 Bealtaine 1989 agus tá sé curtha i Reilig Naomh Fionntan i gCill Fhionntain, Co. Bhaile Átha Cliath. Ba é a scríobh Ar bhruacha na Life: stair Átha Cliath go dtí an bhliain 1803, 1994 ach ní fhaca i gcló é. Deir Vivian Uíbh Eachach, eagarthóir an leabhair: ‘Ar nós Feiristigh eile a rugadh an uair sin, Muiris de Creag (Dublin: 1660-1860), ba ghearr go raibh Breandán ag cur suim mhór ina chathair nua agus ag caitheamh a chuid ama saoir go léir ag déanamh taighde agus staidéir ar stair na hardchathrach. Lean Breandán leis an taighde sin ar feadh a shaoil agus, nuair a d’imigh sé ar scor óna phost sa státseirbhís, chrom sé ar an eolas go léir a bhí bailithe aige a chur in eagar agus leabhar staire faoin ardchathair a scríobh i nGaeilge.’

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú