Bhí baint aige le bunú an Chomhchaidrimh. Níl aon amhras ach go raibh gaol aige le hIarla Liatroma ach ní fíor an rud a cheaptaí, gur gharmhac leis é. Robert Nathaniel Clements an leagan Béarla dá ainm agus Robin a thugadh a mhuintir air. Tugann sé féin cuntas ar a shaol in The IRA in the Twilight Years, 1977 le hUinseann Mac Eoin. Tá cuntas iarbháis ag Máirtín Ó Flathartaigh in Anois 2-3 Aibreán 1994 agus gheofar eolas ar a mhuintir agus a gcúlra inBurke’s Landed Gentry of Ireland. Rugadh é 7 Iúil 1910. Ba é Henry John Beresford Clements, Cill an Dúin, Cill Droichid, Co. Chill Dara, agus Loch Airinn, Co. Liatroma, a athair; luaitear in Burke ceithre heastáit a bheith ag Henry John agus go raibh sé ina ghiúistís agus ina Ardsirriam san dá chontae agus go raibh gaol gairid aige leis an tríú hIarla Liatroma (a feallmharaíodh 2 Aibreán 1878 in aice le Baile na nGallóglach, Co. Dhún na nGall). Tá Cill an Dúin, an teach inar cuireadh tórramh ar an Iarla in 1878, i seilbh a mhuintire go fóill. Ba í Eleanore Wickham as Hampshire a mháthair agus bhí beirt deartháireacha agus triúr deirfiúracha aige. D’inis sé do Mhac Eoin gur le linn dó a bheith ina othar i dteach banaltrais i Sasana a casadh air fear as Cill Dara a thug eolas dó ar stair na hÉireann agus a mhúin beagán Gaeilge dó. ‘Until that time in my boyish way I had accepted the order of things; that there was no difference between England and Ireland, whether in culture, nationalism or outlook.’ Cuireadh oideachas air in Sherborne, Dorset, ceann de mhórscoileanna ‘poiblí’ Shasana (a athbhunaíodh i 1550). Rinne sé cúrsa san innealtóireacht i gColáiste Teicneolaíochta Loughborough agus chaith trí bliana in Doncaster mar phrintíseach innealtóra. Chaitheadh sé deirí seachtaine lena mhuintir i Londain agus chuaigh isteach i gConradh na Gaeilge ann. I ndiaidh tamaill de bhlianta i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, cháiligh sé mar abhcóide sna King’s Inns i 1939. Casadh ar an bhFlathartach den chéad uair é i 1933 ag Ardscoil Mhichíl Bhreathnaigh i gCnoc na hAille, Co. na Gaillimhe. Bhí fear óg eile in éineacht leis, Micilín Mac Séamuis, agus dúirt siad leis an bhFlathartach go raibh tamall caite acu ar an mBlascaod an bhliain roimhe sin agus go ngearraidís fíneáil pingne ar a chéile aon uair a sciorradh focal Béarla ó cheachtar acu sa chomhrá. ‘Bhí líofacht Ghaeilge ag Riobard ón gcéad lá agus thug a chluas canúint is caint Chois Fharraige léi go luath.’

Ba é an Flathartach príomhbhunaitheoir an Chomhchaidrimh sna 1930idí agus deir sé go raibh ‘Riobard Mac Laghmainn de rath oifige, mar Reachtaire [ar an gCumann Gaelach] i gColáiste na Tríonóide, ar dhuine den cheathrar leasuachtarán air ar ball’. Thapaíodh sé gach deis a d’fhaigheadh sé chun dul go Cois Fharraige. I 1936 bhí cúpla litir i gcló aige faoin teideal ‘Poblachtánaigh an Bhéarla’ in An t-Éireannach 2 agus 9 Bealtaine 1936 agus faoi Dheireadh Fómhair 1937 bhí sé in aontíos le Máirtín Ó Cadhain agus fear eile in árasán aon seomra ag 4 Sráid Victoria, An Cuarbhóthar Theas, Baile Átha Cliath. Casadh an Cadhnach a chéaduair air nuair a thaistil siad beirt ar bhus chun a bheith i láthair ag nochtadh leacht cuimhneacháin Liam Lynch i nDroichead na nGabhar sa Chaisleán Nua, Co. Thiobraid Árann. Bhí sé i ngéibheann sa Churrach ó aimsir na Nollag 1940 gur ligeadh saor é i bhfómhar 1944. I gceann dá litreacha ón gcampa tagraíonn Máirtín do Riobard a bheith ag aistriú Rabelais go Gaeilge. Dúirt Maitiú Ó Néill, duine de na géibheannaigh, le Mac Eoin: ‘In some ways Bob was an amazing man, but you could not organise him. I got him to give a few lectures on economics when we started the new scheme of education, but after that he did what he liked. I remember he gave a lecture on Filíocht Chúige Uladh. I still have it. He would put a great effort into something and then just leave it there. . . . He was like that. He would not make the final effort; he did not want to shine as an intellectual.’ Deir Aindrias Ó Cathasaigh in Ag Samhlú Troda: Máirtín Ó Cadhain 1905-1970, 2002: ‘Thit sé [Ó Cadhain] amach lena sheanchara Riobard Mac Laghmhainn nuair a sháraigh sé stailc’ ach ní léir go bhfuil fianaise iontaofa aige ar an gcúis a bhí leis an titim amach; tá sé deacair teacht chun réitigh leis an líomhainn go sáródh iarghéibheannach stailc. Is cinnte nach mar oibrí a dhéanfadh Mac Laghmainn sin; níor ghá dó riamh pá a thuilleamh. Níor chleacht sé an dlí riamh. Bhí ioncam príobháideach aige.

Bhí an dúspéis aige sna hiarnróid agus i dtraenacha gaile riamh ón tréimhse in Doncaster; ó 1947 go 1976 bhí sé ina eagarthóir ar Journal of the Irish Railway Records Society agus scríobh cúpla leabhrán ar na hiarnróid. Dúirt duine dá sheiceadóirí le húdair an chuntais seo go raibh Cill an Dúin ag am a bháis lán de thaifid atá anois i seilbh an Irish Railway Records Society. D’éag sé 6 Márta 1994 i dteach banaltrais ‘Glenashling’, Cill Droichid, agus dúradh aifreann éagnairce ann. Thug an ghluaiseacht Phoblachtach an ghnáthurraim dó. Tar éis seirbhíse i dteampall Eaglais na hÉireann adhlacadh é i bhFarnocht, Co. Liatroma. Tuairim 1993 chuir Máirtín Ó Flathartaigh glaoch teileafóin air i gCill an Dúin: ‘Níor shíl mé gur athraigh a chuid Gaeilge aon rath, ná a chuid cainte ach oiread.’

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú