Ba é an chéad Aire na Gaeltachta é agus tá a shloinne buanaithe sa téarma leathmhágúil ‘Gaeltacht Lindsay’. Scéalaí agus fear mór cuideachta ba ea é; thabharfá leat as a dhírbheathaisnéis Memories, 1992 gur dhuine réchúiseach bogchroíoch é riamh; ach tugann Henry Boylan, Stiúrthóir Sheirbhísí na Gaeltachta, fianaise ar a mhalairtsean in A Voyage round my Life, 2002. I mBaile Átha Cliath a rugadh é 18 Eanáir 1914, tráth a raibh a athair Patrick ina oibrí poist in Ardoifig an Phoist nó i Sráid Sheriff. Ba í Mary Keegan a mháthair. In Memories tugann sé cuntas ar a shinsir; ba dhóigh leis gur mhac le hIarla Crawford agus Balcarres ba ea an chéad duine de mhuintir Lindsay a chuir faoi i gContae Mhaigh Eo san 18ú haois. Ba é an duine ba shine de sheachtar é. Nuair a bhí sé bliain go leith d’aois d’aistrigh a thuismitheoirí go feirm bheag i nDumha Locha in aice le Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo. Maíonn sé in Memories gur chainteoir dúchais Gaeilge é ach ní léir go ndearna sé aon staidéar ar an teanga. Bhí sé ar scoil i nGaoth Sáile. I 1924 scaoil sé urchar lena dheartháir óg; d’fhan an urchar róghar don inchinn agus is titim de rothar i 1936 a bhog an t-urchar gur maraíodh an créatúr; deireadh Lindsay gurbh in é an fáth a raibh sé féin riamh go mór in aghaidh an fhoréigin.

Thaistil sé an 45 míle ar rothar go Caisleán an Bharraigh um Cháisc 1927 chun scrúdú a dhéanamh i gcomhair na scoláireachta a thabharfadh go Coláiste Mhuireadhaigh i mBéal an Átha é. Fealsúnacht, Laidin agus Gréigis na hábhair a bhí aige i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe. Bhí mianach na haisteoireachta ann agus ghlacadh sé páirt i ndrámaí sa choláiste agus chleachtadh an óráidíocht. D’éirigh leis céim mháistir a bhaint sna clasaicigh agus Ard-Dioplóma san Oideachas. Chaith sé cúpla bliain ag múineadh sa Scoil Ríoga sa Chabhán sular thug sé a aghaidh ar Bhaile Átha Cliath i 1940. Chaith sé trí bliana i 17 scoil ann agus chuir eagar ar leabhar den Aeneid i 1944. Le linn dó a bheith ag múineadh in Sandford Park thosaigh sé ag staidéar ar dhlí sa Choláiste Ollscoile agus i gCumann Onórach Óstaí an Rí, Baile Átha Cliath. Um Shamhain 1946 glaodh chun an bharra é. Rinne Abhcóide Sinsearach de i 1954 agus an bhliain chéanna toghadh é mar Theachta Dála i Maigh Eo Thuaidh. ‘It was while I was at UCG that the movement known as the Blueshirts came into existence. I’ve said it before and I say it again here, I am an unrepentant Blueshirt’ (Memories). Bhí baint aige le Fine Gael le fada ach bhí teipthe air suíochán a bhuachan i dtoghcháin 1937, 1938, 1943, 1948 agus i bhfothoghchán 1952. Toghadh é ar deireadh i 1954. Ceapadh é ina Rúnaí Parlaiminteach don Aire Oideachais i 1956 agus ar feadh 1956-57 ba é Aire na Gaeltachta é. ‘I suppose my main achievement was the creation of what people, rather ironically, call the “Lindsay Gaeltacht”. My fundamental reason for doing this was that I believe that the people of these particular areas, whether they were fíorGhaeltacht areas or not, had bad housing, bad sanitation and no water’ (idem). Toghadh arís é i 1957 ach chaill sé an suíochán i 1961. Toghadh arís é i 1965. Nuair a bunaíodh toghlach Mhaigh Eo Thiar i 1969 roghnaigh sé seasamh i mBaile Átha Cliath Láir Thuaidh i 1969 agus arís i 1973 ach níor éirigh leis. Chaith sé 1961-65 ina Leas-Chathaoirleach ar an Seanad. Ceapadh é ina Mháistir san Ardchúirt 1 Samhain 1975 agus bhí sa phost sin go dtí Eanáir 1984. Phós sé Moya Brady i 1952 agus bhí mac agus beirt iníonacha acu. Is ina theach saoire in Eanach Mheáin, Conamara, a d’éag sé ar 29 Meitheamh 1993.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú