Ghlac an cainteoir dúchais Briotáinise seo páirt ghníomhach i ngluaiseacht na Gaeilge. Gheofar cuntais air in Comhar, Nollaig 1999 ag Mícheál Mac Aonghasa, agus in Carn, geimhreadh 1999-2000 ag Cathal Ó Luain, Mícheál Mac Aonghasa, Peter Beresford Ellis, agus Mark Kermode; ag Brendan McWilliams (‘Weather Eye’) in Irish Times 6 Nollaig 1999. In Sant-Ivi, Coirnualle (‘Kerne’ na Briotáinise an leagan a d’úsáideadh Alan), sa Bhriotáin, a rugadh é ar 23 Iúil 1921. Ba iad Sébastien Heusaff agus Marie-Anne Faron a thuismitheoirí. Ní raibh Fraincis aige go ndeachaigh sé ar scoil. I 1938 chuaigh sé isteach in Breizh Atao, páirtí arbh í a aidhm neamhspleáchas na Briotáine a bhaint amach. Cuireadh traenáil mhíleata air i gcampaí i 1938 agus 1939. Bhí sé á oiliúint mar mhúinteoir san École Normale in Kemper ó 1938 ach ghabh na húdaráis Ghearmánacha seilbh ar an gcoláiste sin agus cuireadh scaipeadh ar na mic léinn. Cháiligh sé tar éis tréimhsí múinteoireachta agus tar éis staidéir ar a chonlán féin. I 1942 d’éirigh sé as obair chun a bheith lánpháirteach sa troid chun an Bhriotáin a shaoradh ó smacht na Fraince. Ag Mac Aonghasa atá an cur síos is mine ar an gcuid sin dá shaol. Gortaíodh é sa chogadh agus chaith tamall in ospidéal sa Ghearmáin. I 1945 dhaor rialtas na Fraince chun báis é in absentia. D’fhan sé sa Ghearmáin mar oibrí feirme agus chaith sé dhá bhliain ag freastal ar Ollscoil Marburg. D’éirigh leis Éire a bhaint amach i 1950 faoi ainm bréige, chríochnaigh sé a chúrsa staidéir i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe agus fuair céim san eolaíocht (matamataic agus fisic). Phós sé i 1953 duine den lucht teagaisc, Bríd Ní Dhochartaigh, neacht le Bríd Ní Dhochartaigh. Rugadh seisear clainne dóibh, ar duine díobh Anna, údar Filí agus Cléir san Ochtú hAois Déag, 1992.

Fuair sé post sa tSeirbhís Mheitéareolaíochta agus bhí ag obair i Luimneach agus i mBaile Átha Cliath ar feadh 1952-1986. Is lena shaothar meitéareolaíochta a bhaineann cuntas McWilliams. Deir sé: ‘To us, first and foremost, he was a meticulous and conscientious meteorologist, who spent his working life in aviation meteorology’. Luann sé an cuardach a rinne Alan ar na tagairtí don aimsir i leabhair mar Caithréim Thoirdhealbhaigh, Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill, Imeacht na nIarlaí, Cín Lae Ó Mealláin, Cín Lae Amhlaoibh Uí Shuilleabháin. . . . ‘On and off over a period of 15 years, Alan ploughed through dozens of such publications in search of weather references. He found many, and thus unearthed nearly 1,000 useful records extending over 1,400 years from AD 490 to 1829 which, collectively, have added significantly to our knowledge of the Irish climate in the centuries gone by.’ D’fhoilsíodh sé faoi rún iris náisiúnaíoch Bhriotáinse, Argoad, a scaiptí go forleathan sa Bhriotáin sna blianta 1957-59. Idir 1960 agus 1972 d’fhoilsíodh sé an Breton News, iris a bhí á scaipeadh ar fud an domhain. Bhí sé ar bhunaitheoirí an Celtic League Annual agus bhí baint mhór aige leis an iris Carn óna tús i 1973. Ba é príomh­bhunaitheoir an Chonartha Cheiltigh é i 1961, é ina ard-rúnaí acu go dtí 1995. Mhúineadh sé Briotáinis i mBaile Átha Cliath. Scríobh sé Geriaoueg Sant-Ivi, staidéar a rinne sé ar stór focal a cheantair dúchais. Bhronn an Conradh Ceilteach féilscríbhinn air, For a Celtic Future: A Tribute to Alan Heusaff, 1984 in eagar ag Cathal Ó Luain. Ainmníodh ina bhard é ag Eisteddfod na bliana 1986.

Deir Mac Aonghasa: ‘Bhí páirt ag muintir Heusaff i ngach feachtas ar son na Gaeilge, a bheag ná a mhór, ar feadh 50 bliain nach mór. Ba chrann taca iad leis na Teaghlaigh Ghaelacha.’ Bhí sé ina bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge. Bronnadh Gradam an Phiarsaigh air i 1986. Nuair a chonaic sé nach raibh a dhóthain Gaeilge á chraoladh ag RTÉ dhiúltaigh sé ceadúnas teilifíse a cheannach. Deir Peter Beresford Ellis: ‘His committment to a reunited Ireland, for self-government for all the Celtic countries, moreover for the social, cultural and economic freedoms for all the Celtic peoples, never varied. Only a full-length biography will ever do justice to his life and achievements.’ Tar éis dó éirí as obair chuir sé féin agus a bhean fúthu i Seanadh Gharráin in aice leis an Spidéal agus lean sé air ag saothrú na Briotáinise agus ag soláthar ábhair don fhoclóir Briotáinise Geriadur Brezhoneg, 1995. Deirtear in Eolaire Chló Iar-Chonnachta de Scríbhneoirí Gaeilge, 1998 go raibh gearrscéal le Séamas Mac Annaidh aistrithe aige agus gur foilsíodh é sa Bhriotáin, agus gur foilsíodh a aistriúcháin ar dhánta le Tomás Mac Síomóin agus Caitlín Maude in Carn. D’éag sé 3 Samhain 1999 agus tá sé curtha i reilig an Chnoic in aice leis an Spidéal; scríofa ar an leac uaighe tá na focail seo: ‘Brogarour Breizhad Ganet e Sant-Ivi Breizh e 1921’.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú