Bhí sé seo ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann Peile na Gaeltachta i 1969 agus ina uachtarán air; deir Pádraig Ó Baoighill in An tUltach, Feabhra 2002 gurbh é a bhí ar thús cadhnaíochta san fhiontar sin. Ach is mar bhreitheamh a bhí aird náisiúnta air, go háirithe i ngeall ar a bhreithiúnais i gcúiseanna teaghlaigh. Tá cuntas iarbháis freisin in Irish Times 15 Nollaig 2001. I Mín Doire Dhamh i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall, a rugadh é ar 8 Meán Fómhair 1930. Ba iad Antoin Delap, máistir stáisiúin, agus Bríd Ní Ghallchóir a thuismitheoirí. Bhí deartháir agus beirt deirfiúracha aige. Scoláireacht a bhuaigh sé i mbunscoil an Toir a thug é goColáiste Adhamhnáin, Leitir Ceanainn. Scoláireacht Ghaeltachta a thug as sin é go dtí Coláiste Ollscoile na Gaillimhe, mar a raibh sé ina reachtaire ar an gcumann Gaelach. Le dlí a chuaigh sé agus bhunaigh sé gnó aturnae sa Chlochán Liath; bhí fo-oifigí aige i nGaoth Dobhair agus sa Bhun Beag. Bhí baint mhór aige le Club Ghaoth Dobhair de Chumann Lúthchleas Gael agus bhí ina ionadaí ag Coiste Dhún na nGall ar Chomhairle Uladh den Chumann. Thugadh sé deis dá chliantaí a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Ceapadh é ina bhreitheamh dúiche i 1968, post a bhí aige go ceann 31 bliain; i rith an 17 bliain tosaigh bhíodh cúirt aige i mórán áiteanna: Árainn, Gaillimh, Ros Mhic Thriúin . . ., cibé áit a gcuirtí é. Is é a deirtear san Irish Times: ‘He was frequently called to sit in courts in other districts because of his command of Irish.’ Ach is faoi Dhúiche Cathartha Bhaile Átha Cliath a bhí sé ag obair ina dhiaidh sin. Cuireann an Irish Times béim ar an gcaoi a gcaitheadh sé le cúiseanna a bhain le mná: ‘Judge Delap sought to protect women and to secure a fair deal for them in the cases which came before him. The fact that he was doing this caught the imagination of the press and of campaigners on behalf of women’s rights and in itself added strength to the movement for reform.’ D’éirigh sé as obair i 1999 agus ceapadh é i bhfeighil an údaráis arb é a gcúram déileáil le hachomhairc na n-imirceach a ndiúltaítear aitheantas mar theifigh a thabhairt dóibh. In agallamh in Comhar, Nollaig 1999, thug sé cuntas ar a shaol d’Antaine Mac Lochlainn. D’éag sé 12 Nollaig 2001. Bhí sé pósta ar Threasa Ní Dhochartaigh agus bhí iníon agus triúr mac acu.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú