Tá cuntais ar an scoláire seo: ag Margaret A. Mackay in Tocher 50, 1995 agus 52, 1996; ag Bo Almqvist in Sinsear 8, 1995 agus in Béaloideas 62/3, 1994/5. I nDún Éideann a rugadh é 10 Bealtaine 1937. Bhí a athair Walter Bruford (1894-1988) ina ollamh le Gearmáinis in Ollscoil Dhún Éideann agus bhí páirt aige i mbunú Scoil Eolais na hAlba (School of Scottish Studies) i 1951; ba í Gerda Hendrick a mháthair. Tar éis do Alan céim a bhaint amach in Ollscoil Cambridge agus obair a dhéanamh le haghaidh dochtúireachta in Ollscoil Dhún Éideann agus in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath ceapadh é mar Chartlannaí Taighde i Scoil Eolais na hAlba. Tríocha bliain a chaith sé ag obair sa Scoil. Deir Margaret A. Mackay: ‘During the past thirty years Alan Bruford served the School of Scottish Studies and the world of folklore and folklife scholarship in a host of ways. He had at his fingertips the unique resources which are the legacy of the School’s pioneering collectors and those who worked with and followed them, and he developed a classification system which gives access to one of the largest archives of traditional material in the world’ (Tocher 50). Níor le cartlannaíocht amháin a chaith sé a shaol; bhailíodh sé ábhar ar fud na hAlban. Ba mhinic é in Éirinn ag comhdhálacha agus ag léachtóireacht.

Bhí spéis aige i seanlitríocht na Gaeilge agus deir Almqvist faoina Gaelic Folktales and Medieval Romances, 1969: ‘Léiríonn an saothar seo—rud a dhéanann go leor eile d’fhoilseacháin an Dr Bruford freisin—an mioneolas a bhí aige ar thraidisiún na scéalaíochta sa Ghaeilge i ngach cearn den tír.’ Leabhar eile leis is ea Green Man of Knowledge and other Scots Traditional Tales, 1982. I gcomhpháirt le Donald Archie MacDonald chuir sé eagar ar Scottish Traditional Tales, 1993. Chuir sé eagar ar roinnt scéalta in Éigse, Béaloideas, Scottish Gaelic Studies, Scottish Studies .... Ó 1969 amach ba é a a bhí i mbun ‘A Scottish Folklore Bibliography’ a réiteach le foilsiú in Scottish Studies. Bhunaigh sé iris Scoil Eolais na hAlba, Tocher, i 1971 agus chuir eagar ar chaoga eagrán; foilsíodh uimhir 52 de ina onóir. Deir Almqvist: ‘Tá a bhuíochas ag dul i slí nach beag don saineolas dosháraithe a bhí aige ar bhéaloideas Inse Orc agus na Sealtainne, gur cheannródaí é sa taighde atá ar siúl go leanúnach ar mhalartú traidisiún idir na dúichí Nordacha agus na dúichí Gaelacha.’

Ceoltóir maith ba ea é, dar le Mark Trewin in Tocher 52 (‘Alan Bruford’s Compositions’); sheinneadh sé an liút, an chlairnéid agus an chláirseach agus chum sé breis agus seasca fonn agus dúirt fúthu go raibh siad ‘designed preferably to be played on the fiddle in the accepted style of Scottish (sometimes Irish) dance music.’ Rinne Léitheoir in Ollscoil Dhún Éideann de i 1995. Morag ab ainm dá bhanchéile agus bhí iníon acu. Fuair sé bás tobann 8 Bealtaine 1995. Ar 4 Samhain 1996 tiomnaíodh suíochán dá chuimhne i gceann de pháirceanna Dhún Éideann agus ba é an tOllamh Owen Dudley Edwards a thug óráid na hócáide sin.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú