File, eaglaiseach Protastúnach; tá dán a leagtar air.,‘Truagh mo thuras ó mo thír’, i gcló in Nua-Dhuanaire I, 1971 agus tugann Michelle O Riordan aird ar leith ar an dán sin in The Gaelic Mind and the Collapse of the Gaelic World, 1990. Tá cuntais ghairide air ag Risteárd Giltrap (An Ghaeilge in Eaglais na hÉireann, 1990) agus ag Nicholas Williams (I bPrionta i Leabhar... 1567–1724, 1986). Is é ‘Truagh mo thuras ó mo thír’ an chéad dán in Dhá chéad de cheoltaibh Uladh , 1934 le hÉnrí Ó Muirgheasa agus cuireann sé an dáta 1649–51 leis. Tá an nóta seo faoin dán i gcló aige: ‘Being the composition of a Protestant minister, viz., Mr Patrick Dungin, bred in the College of Dublin, who in the tyrannical time of Governement was banished out of his native soil, the County Downe, to the Isle of Man by three Presbyterian ministers, viz., Hamilton, Loe and Brown and being somewhat settled in Man among his other amusements he sung the above consoling Irish dán or poetical verses.’ Deir Énrí Ó Muirgheasa in Louth Archaeological Society Journal, 11, Uimhir 3, 1910: ‘I suspect that Dungin in his early youth was a Catholic’ (‘An Irish Poem from Co. Down’), ach tugann J.B. Leslie fianaise san iris chéanna Iml. 11, Uimhir 4, 1911 nárbh ea riamh; deir sé freisin gurbh as ceantar Inis Ceithleann dó. Ba chara le James Ussher é i gColáiste na Tríonóide. Ó 1615 amach bhí sé ag saothrú i bparóiste an Chreagáin in Ard Mhacha: faoi 1640 bhí sé ina shagart in Áth an Donaigh, Co. an Dúin, agus bhí sé féin agus a theaghlach ina bpríosúnaigh ag lucht Éirí Amach 1641; agus faoi 1649 bhí sé ina bhiocáire i nDomhnach Mór i gContae an Dúin. D’fhill sé ar Éirinn tuairim 1666 agus bhí ina mhionchanónach de chuid Ard Mhacha agus ina reachtaire ar Chill Shléibhe.

Deir eagarthóirí Nua-Dhuanaire I : ‘B’fhéidir nach é Ó Duincin a chum an dán seo, ámh. Leagtar dán eile ar Ó Duincín a deirtear a chum sé “iar dteacht dó as Inis Manainn agus é i ngéibheann ann” in TCD H.4.19,40.’ Deir Ó Muirgheasa an méid seo ach ní léir cén bunús atá aige leis: ‘Is uaidh a hainmníodh “Dunkin’s Alley” [Sráid na Mí] i mBaile Átha Cliath. Bhí an t-ainm sin ann sa bhliain 1892 ach níl anois.’

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú