Scríobh sé cuntas laethúil ar thuras Aodha Uí Néill, Ruairí Uí Dhomhnaill, Chúchonnacht Mhig Uidhir agus a gcomhluadair, ar dhuine díobh é féin, chun na Róimhe in 1607. Cuireadh i gcló é in Imeacht na nIarlaí (1972), in eagar, agus an téacs curtha in oiriúint do léitheoir an lae inniu, ag Pádraig de Barra agus Tomás Ó Fiaich, agus roimhe sin in The flight of the Earls (1916) in eagar ag Pól Breathnach agus in Turas na dtaoiseach nUltach as Éirinn: from Ráth Maoláin to Rome (2007) le Nollaig Ó Muraíle. Foilsíodh Tadhg Ó Cianáin: an Irish scholar in Rome (2011) in eagar ag Fearghus Ó Fearghail mar thoradh ar pháipéir a tugadh ag seimineár a reáchtáladh mar chomóradh 400 bliain a bháis. Chuir sé tús leis an dialann seo i mí Mheán Fómhair 1607 agus leanann sé go Samhain 1608. Is ródhóigh gur go Meán Fómhair 1609 ar a luaithe a lean sé ach ní thángthas go fóill ach amháin ar an iontráil seo: ‘Faraoir géar! Tá scéala dearfa againne ó urchóid aer na Róimhe! Inné, 24 Meán Fómhair 1609, adhlacadh mac agus oidhre dílis diongbhála Uí Néíll – Aodh Ó Néill, Barún Dhún Geanainn, agus ábhar tiarna Chineál Eoghain agus an taobh ó thuaidh d’Éirinn gan imreasain gan freasúra. Och! Och! Chráigh agus threaghd bás Aodha ár gcroí! Mo chreach Aodh!’

Bhain Tadhg le teaghlach léannta a bhí ina gcroinicithe ag Mag Uidhir Fhear Manach le cúpla céad bliain; tugann Ó Fiaich liosta dá shinsir ar shaoithe agus sheanchaithe iad a d’éag 1373–1537. Duine díobh Ruairí Ó Cianáin (d’éag 1387), a scríobh mórchuid Duanaire Mhig Shamhráin. I bPort an Fhailleagáin i bparóiste Thuíneáin, Co. Ard Mhacha, a bhí cónaí ar Thadhg (1594-1603) agus b’fhéidir gurbh ann a rugadh é. Bhí sé i seirbhís Uí Néill ó 1594, b’fhéidir. Tugadh pardún do sheachtar dá mhuintir in Ard Mhacha 6 Nollaig 1602 agus ba dhuine díobh ‘Teige O Kinnane gentleman’ agus ‘Coconnaght O Kinan, priest.’ B’fhéidir go bhfuair sé tailte in Ard Mhacha ó Aodh Ó Néill. ‘Nuair a bhíothas ag socrú i bhfómhar 1607 cé rachadh chun na Spáinne in éineacht le hAodh Ó Néill agus cé d’fhanfadh i Lováin, leagadh amach go bhfanfadh Ó Cianáin i bhFlóndras i gcuideachta na Cuntaoise agus na bpáistí. Is maith an rud nár cloíodh leis an socrú sin in earrach 1608, nuair a bhí siad ar tí imeacht chun na Róimhe, nó ní bheadh an saothar seo againn inniu’ (Ó Fiaich). Bhí a ainm ar liosta lucht leanúna Uí Néill agus ní i measc lucht leanúna Mhig Uidhir. Tugtar ‘cavellero’ air, focal atá ag ciallú gur bhain sé leis an uasaicme, stádas ba dhual d’fhear léinn.

Deir Aodh de Blacam: ‘It appears that Teig was not counted of sufficient importance to receive the confidence of the leaders; for his book tells us nothing of the politics of the flight’ (Gaelic literature surveyed, 1929). Tá an tuairim chéanna ag Ó Fiaich agus deir sé: ‘Chonaic sé gach duine agus gach rud ina dhubh agus ina bhán, agus is léir gur slat tomhais an chreidimh an ceann is láidre a bhí aige.’ Ag tagairt don uisce faoi thalamh a bhí ar siúl ag naimhde na nIarlaí deir Pól Breathnach: ‘On these various moves on the part of the enemies of the Irish Ó Cianáin has nothing to say, and we can only conclude that he was not one of those who helped to arrange their plans, or shared all their confidences.’ Is annamh aon léargas ar a phearsantacht féin sa chuntas.

Deir Caoimhín Ó Góilí faoin stíl: ‘Ach cé go bhfuil an stair ina hiomlán suimiúil go maith, agus an stíl gonta achomair, ina dhiaidh san tá cuid de na cuntais chomh fada leadránach le haon chuntas leamh dá bhfuil againn sa Ghaeilge; agus cabhraíonn an saobhlitriú agus na seanfhoirmeacha go cumasach leo chun iad a dhéanamh níos measa fós.... Bíodh gur i dtosach an 17ú haois a scríobh sé an leabhar, níl aon rian ar bith d’athbheochan an léinn air murab é an lear mór d’focail iasachta é atá sa leabhar: Ach dar liom is den tsaoithínteacht pháistiúil – nó leanbaí féin – iad san, agus ní den athbheochan.... Duine de lucht na meánaoise dob ea Tadhg Ó Cianáin, duine de lucht na haimsire seo dob ea Seathrún Céitinn’ (Comhar, Samhain 1948).

Nuair a d’fhág sé Éire coigistíodh cibé maoin a bhí aige. Luach £22.6.2 a cuireadh ar an stoc a bhí aige. Bhí gaol ag Iarla Thuamhumhan lena bhean agus d’éirigh leis sin an cúiteamh sin a fháil di ‘in consideration that the said earl alleged that the said Teig sent him intelligence of importance from beyond the seas.’ Deir Ó Fiaich gur ródhóigh nach raibh sa scéal sin ach seift ag an Iarla: scríobhadh Tadhg abhaile chuig a bhean ceart go leor ach bhain an tIarla an úsáid áirithe sin as na litreacha.

Is cosúil gur bhain Michél Ó Cléirigh leas as lámhscríbhinn dá dhéantús a bhain le naoimh na hÉireann. Níl teacht uirthi anois. Ina eagránsan luann Pól Breathnach peannaireacht néata ghrástúil Thaidhg. Deirtear in ‘The Flight of the Earls: new light from a Roman necrology’ le Fearghus Ó Fearghail agus Kieran Troy (Ossory, Laois and Leinster, Uimhir 4, 2010) gur éag Tadhg in Ospidéal Sancto Spirito sa Róimh ar 24 Meán Fómhair 1610 agus gur cuireadh é in Eaglais Santo Pietro Montorio. Tá tagairt dá bhás i bhfianaise a tugadh os comhair coimisinéirí a bhí ag fiosrú i dtaobh comhcheilge in 1614–5. Cuireadh i leith Chúchonnacht Uí Chianáin, ar dúradh faoi gurbh é deartháir Thaidhg é, gur iompair sé litreacha idir Dónallaigh Aontroma agus Brian Crosach Ó Néill. Daoradh chun báis é ar 31 Iúil 1615 agus dícheannadh é.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú