Rugadh é ar 15 Eanáir 1841 in Tullibody, Clackmannan, Albain. George Ralph, an 3ú Barún Abercromby Aboukir, a athair agus Louisa Penuel Hay Forbes a mháthair. Tháinig sé i gcomharbas ar a athair i 1917. D’éag sé ar 7 Deireadh Fómhair 1924 i nDún Éideann agus b’in deireadh freisin leis an teideal. Bhí sé ina leasuachtarán ar Chumann Béaloideasa na hAlban agus chaith sé tamall ina uachtarán ar an Society of Antiquaries of Scotland. Liostaíonn Best ‘The Ogham alphabet’ in Academy XVIII, 1880 agus ‘Two Irish 15th century versions of Sir John Mandeville’s travels’ in Revue Celtique VII, 1886. Dar le hÉnrí Ó Muirgheasa (Duanaire na Midhe) gurb é an fáth a bhfuil lámhscríbhinní Pheadair Uí Ghealacáin in Ollscoil Dhún Éideann go bhfuair Abercromby ar iasacht iad agus nár thug ar ais iad, agus gur ag an Ollscoil sin a d’fhág sé a lámhscríbhinní le huacht.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú