An Dr Éadaoin Ní Mhuircheartaigh

Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU), Eanáir 2019

Áirítear go bhfuil os cionn dhá mhilliún leathanach lámhscríbhinne i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, mar aon le tuairim is 80,000 grianghraf agus breis is 12,000 uair an chloig de thaifeadtaí fuaime. Tá sé ar cheann de na bailiúcháin is mó ar domhan, agus aitheantas idirnáisiúnta faighte aige le déanaí nuair a bronnadh stádas UNESCO air. Tugann an chartlann léargas den scoth dúinn ar thraidisiún béil, ar chultúr agus ar stair shóisialta na hÉireann. I dtaisce sna lámhscríbhinní úd tá na milliúin leathanach de scéalta, de sheanchas, de phaidreacha, de nósanna, d’amhráin agus de chluichí agus caitheamh aimsire – breactha síos go cúramach ó bhéal na ndaoine. Táimid go mór faoi chomaoin ag na bailitheoirí béaloidis – idir lánaimseartha agus pháirtaimseartha – as an saibhreas suaithinseach seo a thiomsú, a shaothrú agus a chaomhnú go dúthrachtach i gcaitheamh an fichiú haois.

Ní mór aitheantas ar leith a thabhairt do cheannródaithe an bhéaloidis sa naoú haois déag, a leag an bhunchloch don ghluaiseacht anseo in Éirinn. Bhí borradh faoi bhailiú an cheoil trátha an ama chéanna agus Edward Bunting (1773–1843), Patrick Lynch (c.1756–1838), George Petrie (1790–1866), James Goodman (1828–1896) agus Patrick Weston Joyce (1827–1914) ag tabhairt faoi amhráin agus ceol traidisiúnta a bhailiú agus a fhoilsiú. Bhain Thomas Crofton Croker (1798–1854) cáil amach lena leabhar Fairy Legends and Traditions of the South of Ireland (1825) agus go deimhin, d’aistrigh na deartháireacha Grimm an leabhar céanna go Gearmáinis agus foilsíodh é faoin teideal Irishche Elfenmärchen an bhliain dár gcionn (Ó Giolláin 2004: 101). Cé gur éirigh leis spéis a chothú i dtraidisiún béil agus i bpiseoga na nGael, ní fhéadfaí a mhaíomh gur léargas dílis iad a chuid leabhar ar an traidisiún scéalaíochta lena linn, óir bhíodh sé de nós aige na scéalta a mhaisiú agus a chur in oiriúint do lucht léitheoireachta Béarla. Cur chuige níos eolaíochtúla a bhí ag an antraipeolaí Meiriceánach Jeremiah Curtin (1835–1906) a thug sealanna ag bailiú ó sheanchaithe i nGaillimh, i dTír Chonaill, i Luimneach agus i gCiarraí, le cabhair ateangairí. Cuireadh toradh a chuid oibre i gcló i mBéarla sna leabhair Myths and Folklore of Ireland (1890); Hero-tales of Ireland (1894); Tales of the Fairies and of the Ghost World: Collected from the Oral Tradition in South-west Munster (1895).


Fairy Legends and Traditions of the South of Ireland (1825)

Agus borradh ag teacht faoi chúrsaí teanga agus cultúrtha ag deireadh an naoú haois déag, spreagadh bailitheoirí béaloidis eile. Bhí tábhacht nach beag ag baint le Conradh na Gaeilge agus cuireadh scéalta agus amhráin thraidisiúnta i gcló i leabhráin agus i nuachtáin na tréimhse seo. Bhí Dubhghlas de hÍde (1860–1949) ar thús cadhnaíochta i saothrú an bhéaloidis, ag foilsiú amhrán agus scéalta traidisiúnta éagsúla sna cnuasaigh Leabhar Sgeulaigheachta (1889), Beside the Fire (1890), Abhráin Ghrádha Chúige Chonnacht (1893) agus Abhráin Diadha Chúige Chonnacht (1906) gan ach beagán a lua (Ó Giolláin 2004: 107). Chuaigh foilseacháin dhátheangacha de hÍde go mór i bhfeidhm ar scoláirí agus ar scríbhneoirí na hAthbheochana, idir Ghaeilge agus Bhéarla. Chuir an Bhantiarna Gregory an-spéis freisin i dtraidisiún na béalaireachta, agus sna scéalta a bhain le Raiftearaí (1779–1835) ach go háirithe. Bhíodh Pádraig Feirtéar (1856–1924) ag bailiú blúiríní seanchais agus scéalta agus á gcur i gcló san iris An Gaodhal thall i Meiriceá sa tréimhse chéanna.


Leabhar Sgeulaigheachta (1889)

Cuireadh dlús le bailiú an bhéaloidis i gceart nuair a bunaíodh An Cumann le Béaloideas Éireann agus an t-irisleabhar Béaloideas in 1927 agus tosaíodh ar mhórfheachtas bailiúcháin a d’fhéach le hoidhreacht bhéil na tíre a chur ar ‘buanchoimeád don náisiún’ (Ó Duilearga 1927: 3). Bhí Séamus Ó Duilearga (1899–1980) lárnach san fheachtas úd, ag tathant ar an rialtas maoiniú a thabhairt le go gcuirfí bonn institiúideach faoi bhailiú an bhéaloidis. Bhí a chuid dintiúirí mar bhailitheoir béaloidis go maith aige faoin am sin, agus tréimhsí fada caite aige ag bailiú scéalta ó Sheán Ó Conaill (1853–1931) i gCill Rialaigh. Bhí oiliúint faighte aige freisin ó mhórscoláirí béaloidis na Sualainne agus na hIorua – go háirithe Carl Wilhelm Von Sydow (1878–1952) agus Reidar Thorolf Christiansen (1886–1971) – agus seal caite aige in ollscoileanna Lund agus Uppsala i mbun traenála. Leag sé béim ar leith ar dhílseacht an bhailitheora don ábhar, agus ar an ngá a bhí le scéal a bhreacadh síos díreach mar a bhí sé ag an scéalaí, gan cur leis ná baint de (Ó Duilearga 1927: 6). Ceapadh mar stiúrthóir ar Institiúid Bhéaloideas Éireann é sa bhliain 1930, agus bhí sé ina stiúrthóir ar Choimisiún Béaloideasa Éireann ó 1935–1971. Fostaíodh Seán Ó Súilleabháin (1903–1996) mar chláraitheoir agus cartlannaí in 1935 agus ba mhór an cúnamh a ríshaothar A Handbook of Irish Folklore (1942) do na bailitheoirí. Bhí Máire Mac Néill (1904–1987) lárnach in obair an Choimisiúin ón gcéad lá freisin – mar bhainisteoir oifige, mar chartlannaí agus ar ndóigh mar scoláire agus údar aitheanta ar an mbéaloideas.


Seán Ó Conaill, Co. Chiarraí (© Cnuasach Bhéaloideas Éireann)


Seán Ó Súilleabháin, Carl W. von Sydow agus Séamus Ó Duilearga (© Cnuasach Bhéaloideas Éireann)

Fostaíodh seisear bailitheoirí lánaimseartha nuair a bunaíodh an Coimisiún sa bhliain 1935 – Liam Mac Coisdeala (1906–1996), Tadhg Ó Murchadha (1896–1961), Seán Ó hEochaidh (1913–2002), Proinnsias de Búrca (1904–1996), Liam Mac Meanman (1913–1991) agus Nioclás Breathnach (1912–2002). Ceapadh Seosamh Ó Dálaigh (1909–1992), Brian Mac Lochlainn agus Proinnsias Ó Ceallaigh (1893–1971) an bhliain dár gcionn (Briody 2007: 232). Fostaíodh daoine eile mar bhailitheoirí lánaimseartha thar na blianta agus bhí meitheal mhór bailitheoirí páirtaimseartha freisin ag cur leis an gcnuasach agus ag saothrú go dícheallach ar fud na tíre. Dhírigh bailitheoirí an Choimisiúin ar na ceantair Ghaeltachta ar dtús, mar gheall ar an bpráinn a bhain le traidisiún béil na Gaeltachta a shlánú, a bhí faoi bhagairt ag athruithe móra sóisialta agus teanga, dar leo. Rinneadar éacht oibre sna blianta sin, faoi chúinsí deacra go minic, agus iad ag triall ar sheanchaithe agus amhránaithe, de shiúl cos nó ar rothar, beag beann ar shoineann ná ar dhoineann. Dhéantaí an t-ábhar a thaifeadadh ar an éideafón, go mall san oíche uaireanta, agus bhíodh tras-scríobh le déanamh acu ar an ábhar le solas an lae. Bhíodh sé de nós ag Tadhg Ó Murchadha an taifeadadh a dhéanamh áit ar bith a d’oirfeadh do na scéalaithe – bíodh sin amuigh faoin aer agus muintir na háite ag sábháil an fhéir nó ar thaobh an bhóthair (Briody 2007: 248).


Tadhg Ó Murchadha i mbun taifeadta le Paddy Óg Ó Súilleabháin, An Sponcán, Co. Chiarraí (© Cnuasach Bhéaloideas Éireann)


Seosamh Ó Dálaigh le Cáit agus Máire Ruiséal, Dún Chaoin, Co. Chiarraí (© Cnuasach Bhéaloideas Éireann)

Iarradh ar na bailitheoirí dialann a choinneáil freisin, le cur síos ar a gcuid oibre, ar na hoícheanta airneáin, ar na hócáidí scéalaíochta agus ar chúlra comhthéacsúil an bhailithe. Tugann dialann Séamus Ennis (1919–1982), mar shampla, an-léargas dúinn ar obair an bhailitheora agus ar na blianta a chaith sé leis an gCoimisiún ó 1942–1947. Gléas nua coimhthíoch a bhí san éideafón do an-chuid scéalaithe nuair a chonaiceadar ar dtús é, agus bhíodh ar na bailitheoirí iad a chur ar a gcompord agus an taifeadadh á dhéanamh, mar a léiríonn an tuairisc seo ó dhialann Ennis:

An tráthnóna agus an oíche againn leis an Ediphone tigh Choilm [Uí Chaodháin]. An-scáth ag Colm roimh an Ediphone ar dtús agus go ceann i bhfad ní chuirfeadh sé ceart lena bhéal é agus ní labharfadh sé ceart isteach ann. Dúirt sé cúpla píosa nár tháinig ach go fíorbhocht. Ar deireadh chuir sé ar a smig é agus chuaigh sé ag labhairt agus d’fhiafraigh sé dhíom céard a déarfadh sé (uí Ógáin 2007: 161).

Deirtear go mbíodh scanradh ar Pheig Sayers (1873–1958) roimh an éideafón freisin (Briody 2007: 249). Bhí beagán amhrais ar fhaisnéiseoirí eile faoi fhíor-chuspóir an Choimisiúin, agus b’éigean do bhailitheoirí iad a chur ar a suaimhneas leis an ábhar a mhealladh uathu.

Siúd liomsa ag caint ar mo chuid oibre agus ar scríobh an cheoil uaidh. D’fhiafraigh sé [Niallaí Pháidí Néillí Ó Baoill] dhíom láithreach cad é an chuspóir a bhí ag an gCoimisiún, ag cruinniú an cheoil agus araile. Dúras leis gur i gcomhair staidéir don chéad dul síos é agus leis an stuif a bheith sábháilte don mhac léinn don dara dul síos. Bhí sé sásta é a thabhairt dom, dúirt sé, fhad is nach bhfaigheadh na _ i mBaile Átha Cliath é lena bhriseadh agus a athchumadh don chraolachán (uí Ógáin 2007: 143).

D’éirigh le bailitheoirí áirithe dlúthchaidreamh a chothú le scéalaithe áirithe agus bhí toradh an-luachmhar ar an gcomhoibriú eatarthu. Bhailigh Séamus Ennis os cionn 200 amhrán ó Cholm Ó Caoidheáin, mar shampla. Thóg Liam Mac Coisdeala thart ar 200 píosa ó Éamon de Búrc (1866–1942), an scéal Eochair Mac Rí in Éirinn, a raibh 30,000 focal ann, ina measc. Bhreac Seosamh Ó Dálaigh síos 432 píosa ó bhéalaithris Pheig Sayers (Briody 2007: 468). Rinne Seán Ó hEochaidh 250 amhrán agus 50 scéal fada a scríobh síos ó bhéalaithris Anna Nic a’ Luain, ‘gan trácht ar thomhaiseanna agus ar mhionsheanchas agus ar mhórán eile’ (Ó Laoire). Bhailigh sé tuairim is milliún focal seanchais ó Niall Ó Dubhtaigh agus ar ndóigh ba é Seán a mheall scéal a bheatha ó Mhicí Mac Gabhann (1865–1948) freisin agus a chuir an bheathaisnéis Rotha Mór an tSaoil in eagar. Rinneadh taifeadadh ar 100 scéal le Bab Feiritéar (1916–2005), ‘banríon’ na scéalaíochta lenár linn féin.


Anna Nic a’ Luain le Seán Ó hEochaidh, Na Cruacha, Co. Dhún na nGall (© Cnuasach Bhéaloideas Éireann) — tuilleadh grianghraf agus scéalta a bailíodh uaithi ar www.dúchas.ie


Scéalta a bhailigh Liam Ó Coisdeala ó Éamon de Búrc ar www.dúchas.ie

Rinne Bo Almqvist (1931–2013) – an béaloideasóir idirnáisiúnta agus an scoláire a tháinig i gcomharbacht ar Shéamus Ó Duilearga, mar Ollamh le Béaloideas sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath – an cur síos seo a leanas ar obair na mbailitheoirí san fhichiú haois agus ar an rath a bhí ar chur chuige an Choimisiúin:

Most, and much of the most valuable material, however, was brought together by specially employed full-time and part-time collectors who were stationed in different parts of Ireland and who mostly performed their work in the vicinity of their homes. It was one of the strokes of genius of Séamus Ó Duilearga to realize that this method of collection would be the most successful. And he showed his genius too, in picking the right men. These collectors knew their respective areas and the people intimately, and, and what was of equal importance, they were known to the people of the areas in which they worked. They would not be mistaken for tax collectors, gunmen on the run, or whatever else a stranger in an area can be mistaken for. People had confidence in them and willingly shared what they knew with them. Some of these full-time collectors have told me that they have never been turned away from any of the thousands and thousands of doors that they have knocked on, and that, I think, says more for the collectors and the good-will with which they were received than anything else (Almqvist 1977–9: 12).


Bab Feiritéar le Bo Almqvist, Dún Chaoin, Co. Chiarraí (© Cnuasach Bhéaloideas Éireann)

Is cinnte go ndearnadar gaisce agus an stór iontach béaloidis á chur i dtoll a chéile acu. Ní mór suntas a thabhairt do ghné amháin den chur chuige agus de chúrsaí oibre sa tréimhse seo, áfach, agus an tionchar a d’imir sé ar an mbailiúchán. Níor fostaíodh aon bhean mar bhailitheoir lán-aimseartha, rud a d’fhág a lorg, b’fhéidir, ar an gcineál ábhair a bailíodh agus ar na faisnéiseoirí a roghnaíodh. Bhí mná i measc na mbailitheoirí páirt-aimseartha, áfach, leithéidí Bairbre Ní Chonaire, Brigid Ní Ghamhain, Eibhlín Ní Sheaghdha agus Áine Nic an Leagha (Briody 2007: 527) agus Áine Ní Ruadháin, gan ach beagán a lua. Bhailigh na bailitheoirí lán-aimseartha ó fhir agus ó mhná, cé gur deacair an cóimheas idir fir agus mná a dhéanamh amach go cruinn. Díol suime plé Briody (2007: 465) ar an gceist seo agus is léir óna chuid taighde go mbeidh gá le níos mó anailíse le tuiscint cheart a fháil ar chúrsaí inscne sa bhailiúchán.

Nuair a bunaíodh An Cumann le Béaloideas Éireann, d’fhógair Séamus Ó Duilearga ráiteas misin na heagraíochta sa chéad eagarfhocal den iris Béaloideas:

Cé gur mór de atá imithe uainn, tá oighreacht shaidhbhir fós le fáil agus le cur ar buan-choimead do'n náisiún má dheinimíd-ne dícheall ar feadh na ndeich mblian so ag teacht. Chun an oighreacht luachmhar so a shábháil ón mbás isea bunaíodh An Cumann le Béaloideas Éireann. Is é cuspóir an Chumainn ná sean-aimsireacht nó béaloideas na hÉireann do bhailiú, d'fhoillsiú nó do chur ar buan-choimeád dos na daoine a thiocfaidh i n-ár ndiaidh (Ó Duilearga 1927: 3).

Níl aon amhras ach gur éirigh go seoigh lena gcuid iarrachtaí, a bhuíochas sin ar dhua agus ar dhúthracht na mbailitheoirí agus, go deimhin, na scéalaithe a roinn a gcuid ama agus a gcuid eolais go fial leo. Anois agus an cnuasach curtha le Clár Idirnáisiúnta Chuimhne an Domhain ag UNESCO, féadfaimid a rá gur éirigh leo an oidhreacht shaibhir sin a chur ar ‘buanchoimeád,’ ní hamháin ‘don náisiún’ ach don domhan go léir.

Leabharliosta

  • Almqvist, B. (1977–79) ‘The Irish Folklore Commission: Achievement and Legacy’. In: Béaloideas 45/47: 6–26.
  • Briody, M. (2007) The Irish Folklore Commission 1935–1970. Helsinki: Finnish Literature Society.
  • Ó Duilearga, S. (1927) ‘Ó’n bhFear Eagair’. In: Béaloideas 1: 3–6.
  • Ó Giolláin, D. (2004) Locating Irish Folklore: Tradition, Modernity, Identity. Cork: Cork University Press.
  • uí Ógáin, R. (eag.) (2007) ‘Mise an fear ceoil’: Séamus Ennis – Dialann Taistil 1942–1946. Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta.