Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 12
Théadh sé ar fud na hÉireann agus go dtí cibé áit sa Bhreatain a raibh pobal Éireannach ann
Ag tagairt a bhí sé dá ndúirt an Príomh-Aire Lloyd George: gur mhó de náisiún í an Bhreatain Bheag toisc gan teanga dá cuid féin ag Éirinn. Rugadh William Gibson, an Tiarna Ashbourne, ar 16 Nollaig 1868
Ó Domhnaill a thug uaidh, ar 19 Feabhra 1901, an t-aon óráid amháin Ghaeilge dár tugadh riamh i nDáil na Breataine
Deir Cáit Ní Leighin in Ardmore Journal, Uimhir 4 1987 gur thall i nGlaschú a d’fhoghlaim Micheál an phíob mhór agus gurbh é a bhunaigh an banna sin. I 1910 cuireadh chun na Breataine é chun airgead a bhailiú trí chruinnithe agus ceolchoirmeacha a eagrú
Deir Joseph Loth (Revue Celtique II, 1911) gur thug sé turas ar an mBreatain agus ar Éirinn in 1881 agus le teann spéise i seanlitríocht na hÉireann gur chaith sé a dhúthracht ar fad ag foghlaim Gaeilge agus go háirithe an tSean-Ghaeilge
Ghléas siad iníon eile mar fhear agus lig orthu gurbh in í an mac a thiocfadh in oidhreacht orthu; rinne sí seirbhís mhíleata fiú agus pearsa cháiliúil a bheadh inti ar ball, í ina hambasadóir ag an bhFrainc sa Rúis agus sa Bhreatain
Níor bhain fadhb leis an dá imleabhar tosaigh ó thaobh cinsireachta de ach i 1763 tháinig deireadh leis an gCogadh Seacht mBliana agus lagaigh an conradh leis an mBreatain tionchar an tSeacaibíteachais sa Fhrainc go mór
Bhí sé frithchoilíneach agus neamhspleách ar pholasaithe na Breataine agus na Stát Aontaithe, go háirithe i rith na 1950idí
Deir Ó Glaisne: ‘Ainneoin an Ghaeilge a bheith ar a thoil aige, is le smaointeoireacht agus stiúrthóireacht ardleibhéil ar chúrsaí Eaglaise a chaith sé a dhúthracht, áfach, agus tá iomrá ar a shaothar mar sheanmóirí, mar léachtóir agus mar scríbhneoir, ní in Éirinn amháin ach sa Ghearmáin, sa Bhreatain agus i Meiriceá Thuaidh
Ceapadh é ina bhall de Choimisiún na Logainmneacha i 1964 agus ina bhall den Chomhairle um Ainmstaidéar in Éirinn agus sa Bhreatain
D’éirigh leo líon suntasach gunnaí chomh maith le harmlón fairsing a sciobadh leo cé gur tháinig údaráis na Breataine ar a mbunús tamall gairid ina dhiaidh sin
Nuair a phósadar in 1954 chuadar chun na Breataine – ar dtús go Cardiff agus ina dhiaidh sin go Londain, áit a raibh Éamonn ag obair i gConsalacht Ghinearálta na hAirgintíne. Bhí beirt chlainne orthu, Clíona agus Áine, nuair a shocraíodar dul ar imirce chun na hAstráile ar Scéim na nDeich bPunt