Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 3
Theip ar an bpósadh ag pointe éigin agus anuas go dtí lár na 1950idí is i Londain is minice a bhíodh Seosamh ag obair, cé gurbh in Southampton a chaith sé tamall de 1955-58; d’fhág sé Glaschú ar fad i 1965. Sular fhág sé Éire bhí cáil mar amhránaí bainte amach aige ··· D’fhill sé ó Southampton i 1955 chun a bheith páirteach i gcomórtais an Oireachtais arís agus bhuaigh an bonn óir, an phríomhdhuais shean-nóis go dtí gur cuireadh Corn Chomhlucht an Oideachais ina ionad i 1960 ··· Ó Southampton arís a tháinig sé i 1958 chun a bheith páirteach sna hOícheanta Seanchais a d’eagraíodh Gael Linn in Halla Damer, Baile Átha Cliath
Is é seanchas na clainne gur sa teach inar saolaíodh seanmháthair an Phiarsaigh a bhí cónaí orthu. Is dóigh gur sa scoil áitiúil a cuireadh oideachas air agus ba é a shíl a mhuintir gur chaith sé tamall ag freastal ar cheann de na coláistí pulctha sa chathair le haghaidh scrúdaithe státseirbhíse agus gur ar rothar a thaistealaíodh sé ann. D’éirigh leis post a fháil mar oifigeach custaim is máil agus cuireadh go Southampton é in 1891
Dar le Cáiniris 1928/29 gur thosaigh sé in Southampton ar dtús mar oifigeach Custaim is Máil ar 30 Nollaig 1891