Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 17
In Oxford a rugadh Cluad 2 Aibreán 1886 agus taispeánann a theastas breithe go raibh cónaí ar a mhuintir ag 48 High Street, St Peter in the East, Oxford ··· Is ann a thosaigh sé ag caitheamh an fhillidh bhig den chéad uair, nós a chleachtadh sé i rith a shaoil. In Oxford tháinig sé faoi anáil Sir John Rhys (1883–1915), scoláire Ceiltise ··· Bhí cuid mhaith teangacha ar eolas aige ag fágáil Oxford dó, Laidin agus Gréigis gan amhras, agus na teangacha Románsacha agus Ceilteacha. Ag am éigin idir 1905 agus 1910 a thug sé cuairt ar Éirinn a chéaduair
Ó 1684 bhí sé ag obair i Músaem Ashmole in Oxford, ina fhochoimeádaí ar dtús agus ó 1690 amach ina choimeádaí ··· Bhíothas drochamhrasach air in áiteanna; sa Bhriotáin ceapadh gur spiaire é agus chaith sé 18 lá i bpríosún; sa Chorn cuireadh gadaíocht ina leith; in Pembrokeshire síleadh gur chleasaithe draíochta é féin agus a chúntóirí. Scríobh sé i mí Dheireadh Fómhair 1694 agus é in Oxford: ‘I am now at some spare hours learning Irish, that I may be the better critic in the British, in case I should ever be concerned in the History of Wales ··· His contribution to the mountain flora of Ireland was unchallenged for a hundred years’ (Emery). Fuair sé post ollscoile in Oxford gairid roimh a bhás de phliúrasaí i Músaem Ashmole 30 Meitheamh 1709
Nuair a bunaíodh tionscal cniotála sa Chaol in 1912 ní foláir nó bhí baint aici leis an bhfiontar ach is do dheirfiúr Claude Chavasse [q.v.] a thug sí iomlán na creidiúna i litir in An Claidheamh Soluis 1 Márta 1913 (‘Miss Chavasse who studied Gaelic in the Dooagh Summer School last year where her brother Cluad the Gaelic enthusiast of Oxford gave us very valuable assistance’) ··· Is inspéise gur thug seisean Oxford agus Scoil Acla mar sheoladh nuair a d’fhógair sé i nDeireadh Fómhair 1916 go raibh sé ar tí cleamhnas a dhéanamh le Móirín Ní Shíonnaigh. Thóg sí halla beag i nDumha Acha agus bhain Scoil Acla feidhm as
Go luath i ndiaidh an toghcháin, ar 22 Feabhra 1917, bhí Sceilg i measc an 28 a gabhadh agus a díbríodh thar tír amach go Oxford mar dhea go raibh comhcheilg ar bun acu
Thug scoláireachtaí go Coláiste Naomh Columba é agus go Coláiste Brasenose, Oxford
Dibríodh go Oxford ar dtús é agus ansin go dtí sráidbhaile Fairford
Nuair nár chomhlánaigh sé coinníollacha an díbeartha cuireadh i bpríosún Oxford é agus bhí sé in Brixton le linn do Roger Casement a bheith ann
Deirtear gur chaith sé tamall ag déanamh léinn in Oxford freisin
Ina dhiaidh sin ba é an Taylorian Examiner in Oxford é
Rinne sé staidéar i bPáras, Oxford agus Cambridge; ghnóthaigh sé BA in Cambridge 1562/3 agus MA i 1567
Bhí sé ina Ghobharnóir ar an ‘Corporation for the Spread of the Gospel in New England’. Casadh Andrew FitzJohn Sall[q.v.] air in Oxford tuairim 1678
Chaith sé tamall in Oxford i gColáiste Wadham agus in Christ Church agus bronnadh D.D
Bhuail Edward Lhwyd[q.v.] leis in Oxford agus thuairiscigh seisean go raibh foclóir Gaeilge agus stair na gCeilteach á gcur le chéile aige
Rinne sé staidéar ar Theangeolaíocht Chomparáideach in Oxford 1962-63
In 1898 tháinig sé faoi anáil Henry Sweet (1845-1912), focleolaí, le linn dó téarma a chaitheamh in Oxford
Cuireadh oideachas air i gColáiste Mhichíl in Tenbury, i Scoil Choláiste Magdalen in Oxford agus i gColáiste Corpus Christi in Oxford
Rinne a chumas mar staraí é a dhaingniú sa chreideamh Protastúnach ach deir Knox: ‘Nevertheless, his methods of marshalling and assessing the evidence was usually so judicial that he was sometimes accused of favouring the Roman side and of providing a distinguished name and arguments for Roman protagonists against the Reformed Churches.’ Ní mór a rá go raibh sé riamh diongbháilte in aghaidh faoiseamh creidimh a thabhairt do Chaitlicigh; bhí de cháil air go raibh dearcadh cúng éadulangach aige ar gach creideamh ach amháin a chreideamh féin. Lena mbua i gCionn tSáile in 1601 a cheiliúradh chuir Arm Shasana £1,800 ar fáil do Leabharlann an Choláiste agus cuireadh Uiséir anonn go Sasana a cheannach leabhar in 1603 agus in 1606; de réir a chéile bhí sé ag cur eolais ar sheanleabhair agus lámhscríbhinní in Oxford, Cambridge agus Londain