Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 3
Seo iad na scéalta de chuid Tom atá ar an gcaiséad: ‘An t-am a raibh Fionn Mac Cumhaill ina pháiste’, ‘An Gobán’, ‘An craiceann agus a luach’, ‘Ruaidhrí Caoir Ó Flatharta’, ‘Triúr clainne na barrscolóige’ agus, an scéal ab ansa leis féin, ‘Donnchadha Mór,’ an ceann a d’aithris sé do Mháirtín Tom Sheáinín ar an gclár Comhrá ar TG4 in Aibreán na bliana 2007. Scéalta fada Fiannaíochta ba ea cuid de na scéalta ab fhearr a bhí ag Tom Bheartla Tom, cuid acu os cionn uair an chloig ar fhad, ach iad a insint ó thús go deireadh, leithéidí ‘Triúr clainne na barrscolóige’ agus ‘Céatach Mac Fhinn Mhic Cumhaill.’ Ar na cinn eile a d’insíodh sé bhí ‘Glóir mhac rí in Éirinn,’ ‘An t-am ar tháinig Oisín as Tír na nÓg,’ ‘An Chailleach Bhéarra agus an bhó,’ agus ‘Alastar mac an Impreora.’ I dteannta na scéalta, bhí seanchas go leor aige freisin a bhain leis na seanfhéilte, Lá Bealtaine agus Oíche Fhéile Mártan, cuir i gcás. Bhí Tom Bheartla Tom páirteach freisin i gcláir a craoladh ar Raidió na Gaeltachta agus ar TG4 faoina sheanuncail Larry Saile Ó Flaithbheartaigh, a thug a bhean agus a chlann as an Lochán Beag chuig Minnesotana Stát Aontaithe in 1880, le héalú ón nGorta Beag ··· An bhliain chéanna sin a chonacthas an geimhreadh ba mheasa a chonacthas i Minnesota le cuimhne na ndaoine, rud ar beag súil a bhí ag na himircigh leis ná mórán réitigh déanta acu faoina choinne
Chomh maith leis sin cheannaigh sé na mílte acra talún ó chomhlacht na mbóithre iarainn i Minnesota agus chuir sé a lán Éireannach ag obair ar an talamh sin
Chaith sé cúpla babhta in 1886 agus arís i 1910 i bhforaoiseacha Minnesota