Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 3
Ag an chomhdháil ‘Fís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh’ i Nua Eabhrac in 2008 thug sé caint shuntasach ar ‘Tobar na Gaeltachta’ inar leag sé béim mhór ar chaomhnú phobail na gcainteoirí dúchais agus ar tharraingt ar a saibhreas teangeolaíochta. Chuir sé iliomad alt i gcló ar an Ghaeilge i Meiriceá Thuaidh agus ar ábhair ghaolmhara i bhfoilseacháin ar nós: Celtic culture: a historical encyclopedia, They change their sky: the Irish of Maine, American Babel: literatures of the United States from Abnaki to Zuni, Rannsachadh na Gàidhlig, The encyclopedia of the Irish in America,The multilingual Apple: languages in New York City, Béaloideas, Scottish Gaelic Studies, Éire-Ireland, Celtica, Proceedings of the First North American Congress of Celtic Studies, Canadian Journal of Irish Studies, agus Harvard Celtic Colloquium ··· Ar na cláir a raibh baint aige leo, tá Finisterre (2000), clár faisnéise faoi theanga agus cheol na Briotáine, Na h-Eilthirich (1999), clár faisnéise faoin imirce ó Albain go Meiriceá Thuaidh ar BBC Alba, Pádraig Feiritéar (1998), clár faisnéise ar RTÉ, agus Eadrainn (1983), ar RTÉ. Ba Leas-Uachtarán é ar Chumann na Gaeilge i mBostún ó 1979 go 1984 agus d’eagraigh sé an chéad fheis a bhí acu
Ó 1883 go 1891 bhí sé ina bhall foirne ag Biúró na hEithneolaíochta d’Institiúid Smithson agus chaith sé bunús na tréimhse sin i measc treibheanna Indiacha i Meiriceá Thuaidh agus Theas. Bhí sé suite de riamh go raibh ag muintir na hÉireann flúirse scéalta miotaseolaíochta agus gur chabhair don staidéar ar an mhiotaseolaíocht i gcoitinne na scéalta sin a fhoilsiú
Deir Ó Glaisne: ‘Ainneoin an Ghaeilge a bheith ar a thoil aige, is le smaointeoireacht agus stiúrthóireacht ardleibhéil ar chúrsaí Eaglaise a chaith sé a dhúthracht, áfach, agus tá iomrá ar a shaothar mar sheanmóirí, mar léachtóir agus mar scríbhneoir, ní in Éirinn amháin ach sa Ghearmáin, sa Bhreatain agus i Meiriceá Thuaidh