Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 19
Bhí aistí i gcló aige in Studies, Irish Monthly,Irish Ecclesiastical Review, New Ireland Review .... Chaith sé cúpla bliain i leabharlanna na hIodáile, na Portaingéile agus na Spáinne ag déanamh taighde ar an gcaidreamh a bhí ag an Spáinn le hÉirinn, agus ar stair Chumann Íosa. D’éag sé 24 Márta 1950 agus tá sé curtha i nGlas Naíon
Chaith sé an tréimhse c.1720–38 sa Fhrainc agus sa Spáinn: tamall ina ábhar sagairt i gColáiste na nGael in Toulouse i 1725–6: ó 1727 go 1731 ag obair mar shagart sa cheantar céanna: tamall eile ag déanamh léinn in Toulouse agus sa Sorbón: tamall eile fós ina oide tí ag na huaisle agus bhí tamall i dteach Arthur Dillon (1670–1733), gníomhaire Shéamuis III i bPáras ··· Bhí sé tamall de 1733 ina oide tí sa Spáinn
Fuair sé post in Barcelona, an Spáinn, in 1954 ··· Bhíomar i ngrá ag an am agus thug sí go dtí an Spáinn mé’ (Innti)
Chaith sí bliain i nGreanáda na Spáinne agus í i mbun na céime
Sa Spáinn dó d’fhoghlaim sé ceird an tarbhchomhraiceora
I ndiaidh a oiliúna i gcoláistí Íosánacha i Sasana, sa Ghearmáin agus sa Spáinn chuaigh sé isteach san ord in 1849
A little later I went to France and that, for the time being, put an end to my studies in Irish”. Chuaigh sé le hinnealtóireacht agus chaith tamall le mianadóireacht i dtuaisceart na Spáinne. Deir Fiachra Éilgeach (Feasta, Meán Fómhair 1949) gur chaith sé tamall i gcoláiste leictreachais agus go raibh poist a bhain le leictreachas aige i Madrid agus i Havre de Gras
Ar ordú an Phápa tháinig sé go Cionn tSáile i 1601 le Don Juan de Águila ach d’fhill go luath ar an Spáinn mar anamchara Aodha Rua Uí Dhomhnaill
Is cosúil go raibh ceithre dhuine déag clainne ag Diarmuid agus a bhean Juana Nic Shuibhne agus go ndeachaigh siad go léir beagnach chun na Spáinne; ag Ciaran O’Shea sa chaibidil ‘The Irish Catholic exile in early-modern Galicia, 1598–1666) in The Irish in Europe..
Cuireadh oiliúint saighdiúra air sa Spáinn
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Ghlac an fear seo páirt i gCogadh Cathartha na Spáinne i 1938 agus scríobh La Nina Bonita agus An Róisín Dubh: cuimhní cinn ar Chogadh Cathartha na Spáinne, 1986 a d’fhoilsigh An Clóchomhar
Tugtar le tuiscint in Architects of the resurrection: Ailtirí na hAiséirghe and the fascist ‘New Order’ in Ireland (Douglas 2009), go raibh léirmheasanna ar scannáin aige sa pháipéar Aiséirí in 1945. Chuaigh sé chun na Spáinne i mí na Bealtaine 1946 agus chaith tamall ann le hobair bhord na turasóireachta (Dirección General de Turismo)
Thug sé dhá chuairt ar na Stáit chun cabhrú le hobair shílteagaisc agus cuairt ar an Spáinn
Ba é an Rianach an duine ba oiriúnaí de cheannasaíocht na Comhdhála ó thaobh aoise agus sláinte de chun 200 fear a threorú chun na Spáinne um Shamhain chun troid i gcoinne Franco ··· Faoi 14 Meitheamh, bhí sé ar ais sa Spáinn in ainneoin go rabhthas ag dul dian air fanacht sa bhaile
Chaith sé tamall mar ábhar sagairt sa Fhrainc nó sa Spáinn; dúirt sé féin gur chaith sé ceithre mhí i gcoláiste in Coimbra sa Phortaingéil
Tá roinnt dá lámhscríbhinní in Acadamh Ríoga na hÉireann. Thabhaigh sé clú dó féin mar dhuine a leagfadh amach ginealaigh do Ghaeil sa Fhrainc agus sa Spáinn ar theastaigh uathu céim suas a fháil san arm nó chun cleamhnas a dhéanamh le teaghlach uasal nó chun teideal a fháil
Is dóigh gur sa Róimh a cailleadh é. Scríobh Eoghan dán d’Aodh Ruadh Ó Domhnaill ar a imeacht chun na Spáinne (‘Rob soraidh t’eachtra a Aoidh Ruaidh’)
Is cosúil go raibh sé ina mhac léinn sa Spáinn roimh dhul go Lováin dó
Bhí sé ina reachtaire ar Choláiste na nGael in Salamanca agus chaith tamall i gcoláistí eile sa Spáinn sular cuireadh abhaile go Caiseal é i 1664