Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 42
Bhí sé sa Fhrainc nuair a bhris an Cogadh Franco-Phrúiseach (1870–71) amach ··· D’éirigh leis óglaigh a earcú in iarthar na Fraince
Bhí poist mar mhúinteoir aige sa Fhrainc agus i Sasana agus timpeall 1895 bhí sé ina fho-Bhardach i gColáiste Naomh Columba ··· Bronnadh an Legion d’honneur air toisc na seirbhíse a thug sé sa Fhrainc
Deirtí gur chaith sé na seacht mbliana dár gcionn mar oide i dteaghlach an mhic ba shine ag Rí na Fraince ··· Deir Morley gurbh ann a bhí cónaí ar a iníonacha nuair a fuair Tomás Ó Gormáin[B6] a chuid páipéar uathu le tabhairt leis chun na Fraince
Níor bhain fadhb leis an dá imleabhar tosaigh ó thaobh cinsireachta de ach i 1763 tháinig deireadh leis an gCogadh Seacht mBliana agus lagaigh an conradh leis an mBreatain tionchar an tSeacaibíteachais sa Fhrainc go mór ··· Chaith sé tamall mar almsóir le Madame de Bignon i 1736; ba de mhuintir leabharlannaithe oidhreachtúla na ríthe í agus meastar gur thug sin cead oibre dó i leabharlanna móra na Fraince. Tá an sliocht seo as an alt le J
Ghléas siad iníon eile mar fhear agus lig orthu gurbh in í an mac a thiocfadh in oidhreacht orthu; rinne sí seirbhís mhíleata fiú agus pearsa cháiliúil a bheadh inti ar ball, í ina hambasadóir ag an bhFrainc sa Rúis agus sa Bhreatain ··· Tá roinnt dá lámhscríbhinní in Acadamh Ríoga na hÉireann. Thabhaigh sé clú dó féin mar dhuine a leagfadh amach ginealaigh do Ghaeil sa Fhrainc agus sa Spáinn ar theastaigh uathu céim suas a fháil san arm nó chun cleamhnas a dhéanamh le teaghlach uasal nó chun teideal a fháil
Deirtear in Nua-Dhuanaire 1 (1971) ‘gur bronnadh grádh sagairt air – nós a bhí coitianta in Éirinn ar feadh i bhfad – sula ndeachaidh sé thar sáile ag déanamh léinn’. Chaith sé tréimhse fhada idir na blianta 1600 agus 1613 sa Fhrainc, mar mhac léinn in Reims, mar a bhfuair sé dochtúireacht le diagacht, agus ansin, mar mhúinteoir an chuid is mó den am, i gcoláiste na nÉireannach in Bordeaux a bunaíodh in 1603 ··· Tháinig sé go mór faoi anáil theagasc ghluaiseacht an Fhrith-Reifirméisin agus tuairimítear gur sa Fhrainc a scríobh sé, i Laidin, b’fhéidir, nó a thionscain sé, Eochair-sgiath an Aifrinn
Bhí sé tamall sa Fhrainc agus scríobh litir chuig an Congregatio de Propaganda Fide ag cur síos ar riocht na heaglaise in Éirinn faoi bhráca Chromail ··· Bhí seo bunaithe ar dhiagacht an Ghailleachas sa Fhrainc agus cháin an Róimh agus Dámh na Diagachta i Lováin é
be conveyed to the Jesuits in France, so that his work would be in safe hands ··· The Catholic Historical Society does not intend to part with it. Cuireadh an nóta i gcló arís in The Irish Book Lover, Samhain-Nollaig1929 maille leis an abairt seo ó Shéamus Ó Casaide: The above note appears in Irisleabhar na Gaedhilge for Eanáir, 1898, and the editor, who suggested that O’Conway might have been educated by the Jesuits in France, and so have a competent knowledge of philology, stated that the Gaelic League was in communication with the Historical Society with a view to having O’Conway’s work examined. Foilsíodh A very respectable foreigner: Matthias O'Conway, an Irish pioneer in the Americas le David Barnwell in 2018.
Deirtear in Nua-Dhuanaire 1 (1971) ‘gur bronnadh grádh sagairt air – nós a bhí coitianta in Éirinn ar feadh i bhfad – sula ndeachaidh sé thar sáile ag déanamh léinn’. Chaith sé tréimhse fhada idir na blianta 1600 agus 1613 sa Fhrainc, mar mhac léinn in Reims, mar a bhfuair sé dochtúireacht le diagacht, agus ansin, mar mhúinteoir an chuid is mó den am, i gcoláiste na nÉireannach in Bordeaux a bunaíodh in 1603 ··· Tháinig sé go mór faoi anáil theagasc ghluaiseacht an Fhrith-Reifirméisin agus tuairimítear gur sa Fhrainc a scríobh sé, i Laidin, b’fhéidir, nó a thionscain sé, Eochair-sgiath an Aifrinn
Bhí Fraincis agus Laidin aige agus suim aige i gcúrsaí na Fraince agus tuairimítear gur chaith sé tamall sa Fhrainc, mar mhac léinn eaglasta, b’fhéidir
Fuair sé oideachas sagairt ó Fhroinsiasaigh Shasanacha i gColáiste Douai sa Fhrainc
I 1649 chuir an Ginearál Michael Jones d’iachall air imeacht arís agus chaith sé bliain go leith sa Fhrainc
Chaith sé an tréimhse c.1720–38 sa Fhrainc agus sa Spáinn: tamall ina ábhar sagairt i gColáiste na nGael in Toulouse i 1725–6: ó 1727 go 1731 ag obair mar shagart sa cheantar céanna: tamall eile ag déanamh léinn in Toulouse agus sa Sorbón: tamall eile fós ina oide tí ag na huaisle agus bhí tamall i dteach Arthur Dillon (1670–1733), gníomhaire Shéamuis III i bPáras
Chorcaí, i 1757 agus ansiúd arís agus i mBaile an Toireadh i 1761, mar a raibh a phátrún an tEaspag Seán Ó Briain[q.v.] ag cur faoi, san Fhrainc i 1765 agus i 1771 i bPáras
Phós sé í 3 Samhain 1733 agus fuair sí bás 23 Iúil 1745. Deirtear gur chaith Tadhg tamall sa Fhrainc in 1727 agus gur aimsigh sé lámhscríbhinní Gaeilge ann
Is léir go raibh siad go maith as; tá ráite ag údar amháin gur thug a mháthair Murtaí Óg chun na Fraince chun go gcuirfí oideachas air
Deir Ó Glaisne gur shiúil sé an Fhrainc i gcuideachta Michael McLaverty, scríbhneoir a raibh sé mór leis. Ar feadh tamaill fhada sna 1960idí agus ina ndiaidh is i gCluain Tarbh a bhí cónaí air
Deir Harrison: ‘He was from this time also one of the very few scholars who specialised in both Irish and Scottish Gaelic and who was equally at home speaking both languages, an accomplishment all the more remarkable given that he was monolingual (English) until he was twenty years old.’ Chaith sé an bhliain 1955–56 sa Fhrainc mar chuid dá chúrsa ollscoile. Ghnóthaigh sé MA i 1957 agus fuair post an bhliain sin i Roinn na Nua-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, mar chomharba ar Chalum Mac Gilleathan[B4]
Saoradh é ach tugadh le tuiscint dó gur bhaol dó feasta; chuir sé a chlann go dtí an Fhrainc agus tar éis tamaill bhí air féin dul ann
Chraoladh sí ar BBC, raidió na Vatacáine, sa Fhrainc, agus thug athcheadail in Covent Garden agus in Queen’s Hall i Londain
Tugadh coimisiún dó agus bhí sé i mbun cinsireachta sa Fhrainc
Tá sé le léamh ar a shaothar go raibh sé san Airgintín, i gCeanada, sa Fhrainc agus, gan amhras, anseo agus ansiúd san Iodáil
Fear óg ab ea an traimp a raibh bliain caite aige ag múineadh i mBaile Átha Cliath, ach a chaith trí bliana ag plé le sclábhaíocht agus le hobair láimhe i Sasana, san Fhrainc agus sa Ghearmáin, mar a bhí déanta ag an údar
Thug sé cúl ansin leis an gceol agus tar éis na bliana 1998–99 a chaitheamh sa Fhrainc i gcathair Lille d’fhill sé ar an Nua-Ghaeilge agus ar an bhFraincis sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, mar ar bhain sé BA amach in 2005
Thug an chlann a gcéad chuairt ar an bhFrainc in 1946 agus d’fhill siad go rialta, ag campáil, uaireanta ag dul chomh fada le Oberammergau nó an Róimh
Is mar seo a chuir sé síos do Radio Éireann ar an tréimhse 1921–25: ‘I 1921 d’fhill sé go dtí an mhórthír ag baint slí bheatha amach lena chuid pictiúr agus scríbhinní; do chónaigh sé san Eilbhéis, sa bhFrainc, sa nGearmáin agus san Iodáil’
Dúradh le Ciarán Ó Duibhín go gcaitheadh sé leath na bliana ag taisteal agus gur mhinic sa Fhrainc, sa Ghearmáin agus in Albain é
San iris chéanna (‘Gairdín an Chabáiste’) tá cuntas ag Risteard Turraoin (d’éag 1995) arbh í Máire Ní Dhroma a shin-seanmháthair: Cailleadh a fear céile go hóg agus d’fhág beirt mhac agus beirt iníonacha ina dhiaidh.Tá sé i seanchas na clainne gur ón bhFrainc a tháinig an chéad Turraoineach (Terry) agus gur mhairnéalach é. Ba iad Dáibhidh Turraoin, iascaire, agus Siobhán Ní Mhuirighthe tuismitheoirí Mhichíl
Lawless fostaithe mar chléireach sealadach ag Bord an Rialtais Áitiúil i dTeach an Chustaim le trí mhí déag anuas, gur liostáil sé in Arm na Breataine in aois 18 mbliana d’aois dó, go raibh sé ina shaighdiúir cróga ag an bhfronta sa Fhrainc ar feadh trí bliana go leith
Fuair sé roinnt oibre sa Fhrainc ach ba bheag é
Dúirt Ó Conaill an méid seo freisin: ‘Mr Fitzgerald was a zealous and active clergyman; he detected two Paddy McKews [agents provocateurs Oráisteacha]; they were both well-dressed fellows and affected to be Frenchmen; they spoke broken English and said they came to get the peasantry to assist the King of France and the Catholic Association (laughter)
Deir an Maidíneach go raibh sé mar fhear taca i gcomhrac aonair inar maraíodh comhraiceoir agus go raibh baint aigesean lena imeacht ón bhFrainc
Chaith sé deireadh a shaoil sa Fhrainc agus san Iodáil agus a iníonacha ina theannta
Chaith sé tamall mar ábhar sagairt sa Fhrainc nó sa Spáinn; dúirt sé féin gur chaith sé ceithre mhí i gcoláiste in Coimbra sa Phortaingéil
Bhí earraí á n-easportáil acu go Sasana, an Fhrainc agus an Éigipt féin agus ag pointe amháin 250 fostaithe acu
Chaitheadh an chlann seo a laethanta saoire san Fhrainc agus b’fhéidir gur le linn do Eimhear bheith sa phost seo a d’éirigh léi líofacht Fraincise a fháil. Phós sí captaen loinge, Edward Weddall, a bhí fiche bliain níos sine ná í
Chuaigh sé ar saoire chun na Fraince an samhradh sin agus, ar iarratas Mhichíl Uí Choileáin, chun na hIodáile freisin, chun a shocrú le Donncha Hales i Genoa go rachadh seisean chun cinn le lasta mór gunnaí a cheannach
Chaith sé cúpla bliain eile san Fhrainc ansin ag déanamh staidéir faoi Duchenne (1806–1875), ceannródaí mór na néareolaíochta
Moladh dó dul go deisceart na Fraince
Bhí sé ceaptha ag an gCliarlathas chun cás na mairtíreach sin a bhrú chun cinn agus chuardaigh sé cartlanna sa Fhrainc, san Ostair, sa Spáinn, sa Phortaingéil agus sa tSeicslóvaic ag iarraidh teacht ar fhianaise
Ghlacadh sé páirt i rásaí capall agus i bhfiach an mhadra rua. Chaith sé tamall i 1904 sa Fhrainc ag foghlaim na Fraincise agus tamall eile sa Danmhairg ag staidéar ar mhodhanna nua feirmeoireachta
Tar éis staidéar a dhéanamh ar an Ocsatáinis sa Fhrainc fuair sé M.A